AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Baltimore na Sreinge, Nó Baltimore an Ghrá?
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Tharraing Baile an Tí Mhóir, Talamh Mháire agus muintir Laoire, nó Calvert, in iarthar Chorcaí, aird Bhriain Uí Bhroin nuair a thug sé aghaidh ar chathair ‘The Wire’ ar na mallaibh.

Íomhá
Tacsaí uisce ar Chuan Chesapeake
le Bill Hezlep ar Picasaweb
Íomhá
Armas Bhaile an Tí Mhóir
Vicipéid
Íomhá
George Calvert, an chéad Bharún ar Bhaile an Tí Mhóir
Vicipéid
Íomhá
Insí Chuan Chesapeake
le Jennifer Schmidt ar Vicipéid
Íomhá
Frederick Calvert, an 6ú Barún ar Bhaile an Tí Mhóir
Vicipéid

Do mo chairde agus do mo mhuintir go léir in Éirinn, tá cónaí orm in Sopranoland, ó tá cónaí orainn i Nua-Gheirsí. “Seachain na hAmhais!” a deir mo mháthair agus í ag crochadh an ghutháin. Ach cén diabhal aithne a bhí aici ar Baltimore? “Seachain na bithiúnaigh” ar sí, nuair a dúras léi go rabhamar chun deireadh seachtaine a chaitheamh sa chathair sin.

Is cosúil go bhfuil sraith teilifíse ann, agus ráchairt mhór uirthi in Éirinn, darb ainm ‘The Wire’, faoin choimhlint idir dronganna sráide agus póilíní in Baltimore. Thugas faoi chlár nó dhó a fheiceáil, agus tar éis dom iad a fheiceáil, ghlaos ar an óstán i mBaltimore ag iarraidh m’airgid ar ais. Ach bhíos ródhéanach. Bhí an t-airgead sa bhanc acu cheana féin. Bheadh orainn dul ann. Ach tá Baltimore eile ann, thar Baltimore na ndrugaí agus na ndronganna. Nuair a dúras le mo dheirfiúr i nGaillimh go rabhamar le dul go Baltimore, d’fhreagair sí “seachain na cailíní díomhana!” De réir dealraimh, níl stopadh leo i mBaltimore, más fíor do ‘He’s Just Not That Into You’. Cearcphictiúr é sin, is dócha, i mBaltimore, a raibh an-tóir air cúpla bliain ó shin.

Cruthúnas, b’fhéidir, go bhfuil deighilt shuntasach le feiceáil idir na glúinte. Seandaoine ag breathnú ar fhoréigean ar TG4, agus daoine óige ag breathnú ar scannáin ghrá i bhfócas bog.

Bóthar an Tranglaim

Ba cheart do Bhaltimore a bheith éasca a bhaint amach, agus é ar ‘phasáiste chósta thoir’ Mheiriceá, an tsraith bóithre, cathracha, línte traenach, agus fobhailte a luíonn idir Bhoston sa Tuaisceart agus Washington, D.C. ar chuan Chesapeake. Sin mar a bhíodh ach d’athraigh mótarbhealach an scéal. Tá sé ar bhóthar eadarstáit 95, an mótarbhealach a ritheann ó cheann ceann an cheantair seo, an bóthar is mó trácht sa tír, nach mór, agus tá na tranglaim tráchta chomh dona air go moltar anois tiomáint air i lár na hoíche agus é a sheachaint go hiomlán i rith an lae!

Más ea, bhuaileamar bóthar i lár an lae mar sin féin, agus mar a tuaradh, chaitheamar seacht n-uaire an chloig ar an mbóthar seachas an trí go leith a thógfadh sé gan trácht. Bhíomar traochta, agus níos measa fós, ní raibh le feiceáil ach Baltimore na Sreinge agus muid ag déanamh bealaigh isteach sa chathair. Ó thús na bhfobhailte cúig míle taobh amuigh den chathair go lár na cathrach féin, ní raibh le feiceáil ach sráideanna seanchaite, carranna briste ina seasamh ar bhrící, tithe folmha le fuinneoga briste agus mantaithe ag breathnú orainn go sramach mar shúile móra dubha achasánacha. Dar fia, bhí cuma dhuairc ar an áit seo.

Tá scéal suimiúil i mbunú Baltimore agus an stáit ina bhfuil sé, Maryland. D’éirigh go maith le feisire pairliminte i Sasana darbh ainm George Calvert (< calf+herd, .i. lao+aire) faoin rí Séamus I sa seachtú haois déag. Is saoithiúil ar bhealach gur i dtaobh tíre a raibh muintir Laoire go láidir ann tráth den saol gur tháinig muintir Calvert chun tosaigh ar ball. Chaill sé go leor cumhachta, ámh, nuair a tháinig an rí Séarlas i gcomharbacht air, agus nuair a d’fhógair Calvert a Chaitliceachas go poiblí. B’éigean dó cur suas dá oifigí go léir, ach bhí trua ag an rí dó, agus thug sé Tiarnacht dó i dteach Tiarnaí Éireann. Tá an scéal ag gabháil thart gur ainmníodh Baltimore Maryland as ‘barúnacht’ i gContae Liatroma/Longfoirt sa bhliain 1625 nuair a bronnadh talamh agus teideal, ‘Barún Baltimore’ ar George, ach níl barúntacht den ainm sin ann. Ar a dhroim sin chomh maith, bhí an t-ainm Baltimore faoi leaganacha mar ‘Beallyhimore’ agus ‘Ballihimore’ ag feidhmiú ó dheas ar ‘Downyshead’ chomh luath le 1579. Is cosúil go bhfanfaidh cáil an ainm Baile an Tí Mhóir le ceantar Dhún na Séad, go dtí go gcruthófar a mhalairt go paiteanta!

Talamh Mháire

Ní raibh Calvert sásta le droch-chás na gCaitliceach i Sasana, ámh, agus rinne sé iarracht cóilíneachtaí a bhunú i Meiriceá Thuaidh dóibh. Tar éis teip cóilíneachta darbh ainm ‘Avalon’ i dTalamh an Éisc, d’éirigh leis cead a fháil ón rí ceann nua a bhunú ar chuan Chesapeake. Ainmníodh an chóilíneacht, Talamh Mháire nó Maryland ó cheart, i ndiaidh Maria, bean chéile an rí Séarlas, agus ardchathair na cóilíneachta i ndiaidh an Tiarna é féin.

Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d’fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d’éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach. Chaill an chathair 300,000 cónaitheoirí in achar tríocha bliain, agus b’shin ba chúis leis an gcuma smolchaite ar na fobhailte, go háirithe na cinn in aice lár na cathrach. Ní raibh ina gcónaí iontu ach daoine gorma bochta, iad ina dtionóntaí ag úinéirí geala nach raibh ina gcónaí sna ceantracha iad féin níos mó. Tá Baltimore 66% gorm anois, ceann de na céatadáin is airde sa tír do chathair ar bith.

Baile Bríomhar

Má tá fobhailte na cathrach ina gciseach, tá cathair iomlán eile le feiceáil sa lár. Rinneadh sáriarracht ceantar turasóireachta a dhéanamh den cheantar ó na seascaidí i leith, agus bíonn tramanna agus busanna saor in aisce ag rith anois thar dhuganna nuachóirithe a bhfuil iarsmalanna de gach saghas ina seasamh in áit na seanmhonarchana agus trádstóras. Bhí féile beorach ar siúl sa chathair agus muid ann, na sráideanna lán le daoine óga béasacha ag canadh agus ag spraoi. B’fhada an radharc seo ó na sráideanna basctha nach raibh ach míle go leith uainn ar imeall na seanchathrach. Bhí tacsaithe uisce ag iompar teaghlach ó áit go háit ar chladaigh an chuain ar a bhfuil Baltimore. Bhí atmasféar sócúil spraoiúil dóchasach le brath i ngach áit.

Chaitheamar an Satharn sna hiarsmalanna, a raibh de ráchairt orthu go raibh orainn seasamh i scuainí ar feadh cúpla uair an chloig, agus oíche Dé Sathairn d’itheamar i mbialann bheag in ‘Little Italy’, seancheantar na nIodálach sa chathair atá anois ina cheantar bialainne. “Muise,” arsa bean tí béalscaoilte na bialainne a rabhamar ag ithe ann, agus í ag caint linn faoin chathair, “is deas an áit í go deimhin más féidir leat neamhaird a dhéanamh de na dúnmharuithe!” Ábhar machnaimh go cinnte agus muid ag siúl ar ais go dtí an t-óstán sa dorchadas. Istoíche, agus na leanaí a chodladh, chuireamar an teilifís ar siúl, rud is maith linn a dhéanamh sna hóstáin, agus muid gan chábla sa mbaile. Bhí ‘He’s Just Not That Into You’ ar siúl. Sa scannán seo, titeann scata ban ‘i ngrá’ (agus ‘as grá’) le fir éagsúla i gceantar turasóireachta Baltimore. Níl le feiceáil ach daoine áille in áiteanna áille ag déanamh rudaí áille lena chéile. Thograíos breathnú air, i ndeireadh báire. Muna bhfuil an fhírinne ghlan ann, is cur i gcéill deas é mar sin féin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.