3234
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá Muireann Ní Bhrolcháin ar dhuine de na príomhdhaoine atá bainteach leis an fheachtas atá ar siúl le tamall anuas chun mótarbhealach an M3 a bhogadh níos faide ar shiúl ó Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin fheachtas seo agus na cinn eile a raibh sí bainteach leo cheana, faoin drochmheas atá aici ar pháirtí Fhianna Fáil agus faoina saol mar scoláire Sean-Ghaeilge.
»»»Measann Robert McMillen go bhfuil am an-chontúirteach i ndán do mhuintir na Sé Chontae.
»»»Foilsíodh A Hidden Ulster: People, Songs and Traditions of Oriel, saothar tábhachtach ar thraidisiún amhránaíochta cheantar Oirialla, an mhí seo caite. Labhair Antaine Ó Faracháin le húdar an leabhair, Pádraigín Ní Uallacháin.
»»»Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe cur chuige Foras na Gaeilge maidir le nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a sholáthar do phobal léite na Gaeilge.
»»»Ní fada an lá a bheas ‘sár-urghaire’ á lorg ag pearsa mór le rá in Éirinn le stop a chur le nochtadh eolais faoina shaol priobháideach, dar le Breandán Delap.
»»»Mheas W. B. Yeats go dtiteann an tsíocháin le mochdháil maidine, ach is túisce an cith mallachtaí ar Shráid Dhún na nGall ná a dhath mar a mhothaigh Robert McMillen lena dhá chluais féin.
»»»I bhfianaise deireadh a bheith curtha le foilsiú Ghaelscéal, de cheal ceannaitheoirí, cuireann Donncha Ó hÉallaithe an cheist, an bhfuil pobal Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht?
»»»Bíodh meas againn ar an ‘minic a thig’ a deir Roseanne Smith linn. Is é sin, ar an ríomhphost agus cá mbeimis dá uireasa? Tá sé díreach agus bíonn sé dírithe ar dhuine amháin, nó ar shlua, ach caithfear fanacht taobh istigh den dlí ina thaobh. Tá a leithéid de reachtaíocht i bhfeidhm agus ba cheart cuimhneamh ar an méid sin.
»»»Tá go leor bacanna le sárú i gcainteanna an Tuaiscirt go fóill ach tá Robert McMillen dóchasach go dtiocfar ar réiteach mar sin féin.
»»»Is duine é Peter Quinn a bhfuil go leor éachtaí déanta aige ina shaol. Le cois an-rath a bheith ar mar fhear gnó le fada anois, bhí baint lárnach aige le forbairt Pháirc an Chrócaigh do Chumann Lúthchleas Gael, bhí sé mar bhall de Choimisiún na bParáidí, agus ceapadh é ag tús mhí an Aibreáin i mbliana mar an chéad chathaoirleach ar TG4 tar éis don stáisiún neamhspleáchas a bhaint amach ó RTÉ. Labhair sé go hoscailte le Caoimhe Ní Laighin faoina óige agus faoina shaol sa spórt, sna meáin chumarsáide agus sa ghnó.
»»»Bhí Mícheál Ó hAodha ag iniúchadh scéal Cheiro, B’le Átha Cliathach, fáidh fir a raibh cumas cainte agus teacht i láthair ann agus fear a dhéanamh cat is dhá ruball air.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall.
»»»Bhí oíche den scoth ag Colm Ó Snodaigh nuair a sheinn sé féin agus Kíla ag féile i gContae Chill Dara.
»»»An Nollaig thar lear? Níl aon chailleadh ar an Nua-Shéalainn dar le hAoife Uí Fhaoláin, ach chroch leat an scáth fearthainne.
»»»An sotal agus an stainc, ní chuidíonn siad le ceannaire a gcleachta mar mhodhanna oibre. Ní chuidíonn siad le duine ar bith eile ná le rialtóir Nua-Gheirsí, Chris crosta Christie, dar le Brian Ó Broin.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.