« » 1 2 3 4 5 6 7
tabhair freagratabhair freagra #61 April 17 Iúil 2014, 23:02 GMT
Fuair do thír airgead ón tíreacha iasachta, SAM san aireamh, a Choncubhar, nó nach bhfuil a fhios agat? Is cáiníocóir mé. Tá airgead ag an Stát agus ag na Feds orm 'chuile bhliain le fada. Tháinig an t-'aid'a bhfuair sibh leis na blianta as mo phócaí.

Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil cáiníoceoirí i dtíreacha eile ag íoc asaibh?

Agus tá a fhios agat go maith céard is brí le butthurt agus cén teanga ina bhfuil sé, agus cé chomh páistiúil is atá sé an cheist sin a chur.

Tá muid críochnaithe mura bhfuil tú tú in ann na fíricí i mo theachtaireachtaí a shárú nó tacaíocht le foiinsí a thabhairt de na ráiteas aiféiseacha a scríobh tú thuas. Níl ag cur mo chuid ama amú ag léamh d'argóintí ad hominem.

DAS Scríobhann daoine leabhair mar Harry Potter as Bearla mar go bhfuil lucht léitheora go leor ann sa teanga agus tá a fhios acu go mbeidh siad ag saothrú go maith as. Agus léann daoine le Gaeilge leabhar as Bearla mar go bhfuil a fhios acu go mbeidh leabhar ann a bheas siad ag iarraidh a léamh sa teanga sin. Agus mar go bhfuil tú ag déanamh an rud céanna atá déanta cheana féin, ní dóigh liom go mbeidh aon athrú ar an scéal sin. Ní bhfaighfidh sibh ach na torthaí céanna. An gcuimhin leatb nuair a bhí mé ag caint faoi bunú an tsaorstát níos luaithe sa téad seo ...
tabhair freagratabhair freagra #62 Concubhar 18 Iúil 2014, 00:35 GMT
Tá's agam go leor. Tá's agam go bhfuil mise agus cáiníocóirí eile cosúíl liom ag ioc go daor as bannaí nár cheart dúinn bheith ag íoc dada as a chóir, mar gheall ar míionraiceas agus saint i gcoras SAM. Tá's agam ná bhfuair an tír seo aon airgead ó SAM gan a chraiceann agus a luach bheith bainte ag bhúr muintir as - bíodh sé an Shannon Stopover do bhúr saighdiúirí chun sléacht a dhéanamh in Afganastáin nó an Iaráic nó an dianshaothrú atá á dhéanamh ag comhlactaí Meirceánacha ar nós Apple ar an tír seo chun níos lú cánach a dhíol ní h-amháin ina tír féin nó anseo freisin. Ná h-abair nach bhfaigheann sibh bhúr luach as an 'sean fhód' - go deimhin tugann Gael Mheirceánaigh níos lú cabhach do thír a sinsir ná mar a thugann go leor tiortha eile - mar shampla na hIudaigh do Iosraeil. Fuair tusa Beo saor in aisce ó 2001 agus anois nuair a iarrtar ort cabhair a thabhairt - agus ní mór an méid é €25 - séanann tú an cabhair sin ar Beo ag rá go raibh tú míshásta le corr alt ar scríobhadh agus altanna eile nár scríobhadh. Ba cheart go mbeadh naire ort. Agus maidir le 'Butthurt' - bhuel is dócha gur cheart go mbeinn ag súil le maslaí an chlóis scoile uait mar níl ann ach sin, creidim. Go dtí gur ghabh tú an bealach sin, níor thuig mé gur le paiste a raibh an diospóireacht seo - cé go raibh amhras orm.
tabhair freagratabhair freagra #63 April 18 Iúil 2014, 07:59 GMT
Rinne tú an botún céanna aríst. Ní bhfuair duine ar bith Beo saor in aisce, d'íoc chuile dhuine as mar cáiníocóirí. D'íoc cáiníocóirí as tíreacha eile san aireamh. Agus d'íoc 'chuile dhuine as Beo fiú mura léann an iris.

Agus thug mé sampla de cupla údar nach maith liom. Ní ciallaíonn na samplaí gur mbainim taithneamh as na húdair eile agus á n-ailt. Níl mé scanraithe roimh tuairimí difriúla, mar sin, níl mé agiarraidh a sheachaint, ach ní cuid den lucht léitheora Beo mé. Ní léim Beo go rialta mar is cineál Salon na Gaeilge é, cé go raibh mé ag teacht isteach anois agus aríst chun bhur hugbox a mhill oraibh.
Dá mbéinn, is dóigh liom go mbeinn sásta sintiús a ghlacadh.

Ó agus muid ag caint faoin tsaint, sí an tsaint is measa a bheith ag iarraidh an rud nach bhfuil tuillte agat, a Choncubhar. Is cuma cé mhéad airgead atá agat nó nach bhfuil agat.

Rud amháin eile, bhí chuile ceann de na had hominems ar bhain tú úsáid astu páistiúil, cé nar luaigh mé iad. Ach is léir go dtagann do chuid argóintí fabhtacha as butthurt, mar nach dtagann siad as réasún.
tabhair freagratabhair freagra #64 Cé sin amuigh? 18 Iúil 2014, 09:59 GMT
A chairde, is dóigh liom gur fada ó bhain an comhrá sna freagraí seo go dlúth le hábhair an ailt agus go n-éilíonn sé fóram eile!
tabhair freagratabhair freagra #65 April 18 Iúil 2014, 12:38 GMT
A chairde, is dóigh liom gur fada ó bhain an comhrá sna freagraí seo go dlúth le hábhair an ailt agus go n-éilíonn sé fóram eile!>>>>

Tá an ceart agat. Ní bhaineann butthurt Choncubhair leis an alt agus éilíonn sé foram eile, níl an ceann seo sach mór dó. : )

Níl mé ach ag magadh, a Choncubhair. : )

Ba cheart dúinn aontú lena chéile nach n-aontaíonn muid lena chéile agus éirí as an téad a fhuadach. : )
tabhair freagratabhair freagra #66 An tAthair Gearóid de Grás, Bogshóisialach piúratá 18 Iúil 2014, 13:46 GMT
Tá mise sásta 25 euro sa bhliain a chaitheamh - ar an gcoinníoll go mbeidh ionchur April san iris ar fáil i gcónaí sa chartlann! Seachas "Callan's Kicks', ní fheadar an bhfuil rud ar bith a chuireann ag gáire mé chomh minic sin le teachtaireachtaí April a léamh agus a athléamh.

Comhghairdeachas le gach duine a bhaineann nó a bhain le beo.ie ón tús. Gan dabht ar bith, ní féidir le Gaeil brath ar thacaíocht ón státseirbhís ná ó pholaiteoirí ná a lucht leanúna sa stát lofa seo agus bheadh sé iontach dá bhféadfaí iris a bhunú a bheadh neamhspleách orthu agus ar lucht an bhéil bháin. Go maire beo an céad!
tabhair freagratabhair freagra #67 Concubhar 18 Iúil 2014, 17:25 GMT
Mar eolas, an Ghaeilge ar 'butthurt' ná 'pian sa tóin'
Tabharfaidh mise mo shintiús do Beo cinnte, bíodh April ann nó ná bíodh.
tabhair freagratabhair freagra #68 April 18 Iúil 2014, 19:07 GMT
Nach bhfuil an oiread sin butthurt ort mar gur bhain mé úsáid as an bhfocal sin butthurt?!

http:/​/​i2.kym-cdn.com/​photos/​images/​original/​000/​665/​886/​5a2.jpg

DAS Níl aon Ghaeilge ar butthurt. Is léir nach dteastaíonn a leithéid den fhocal ónár sinsir. Is mór an trua é nach bhfuil mé in ann an rud céanna a rá fútsa.
tabhair freagratabhair freagra #69 Niall 23 Iúil 2014, 02:40 GMT
Táimse féin i mo chónaí in Albain agus lean mé Beo le fad an lae... táimse thar a bheith sásta €25, suim nach mòr, a íoc ar iris chomh maith le Beo! Folamh agus go bhfuil mo phócaí (n' fheadar an mbeidh mo chloigeann tinn san am le teacht!), is dóigh liom nach mbím in ann a bheith "beo" gan "Beo"! GRMA.
tabhair freagratabhair freagra #70 Niall 24 Iúil 2014, 07:07 GMT
B'fhéidir go mbeidh daoine in ann "Transferwise" a chleachtadh chun €25 a íoc?
« » 1 2 3 4 5 6 7
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!