« » 1 2 3 4 5 6 7
tabhair freagratabhair freagra #51 Concubhar 16 Iúil 2014, 07:23 GMT
Ag scríobh san Irish Times a raibh Krugman de réir an nasc a sheol mé chughat. Creid nó ná creid nílim ar an eite clé. Ach táim buioch nach bhfuilim ar an eite céanna leat. Tuigim do fhianaise maidir le cúrsaí arachais sláinte i SAM ach ba cheart go dtabharfadh an sochaí is aaibhre ar domhan aire bunúsach don dream is boichte in bhúr measc. Sin daonnacht - Ní soisialachas.
tabhair freagratabhair freagra #52 April 16 Iúil 2014, 10:59 GMT
Tá tú ar an eite chlé mar is léir ó do theactaireachtaí sa téad seo gur collectivist thú a chreideanns go láidir i rialtas lárnaithe cumhachtach agus athdháileadh maoine. Níl tú ar dheis sóisialaí Fhabian. Agus is ea, is Sóisialachas é athdháileadh maoine tríd an rialtas. Is sárú ceartanna dhaoine é freisin. Ní féidir le duine úsáid a bhaint as maoin nach raibh tuillte acu a hathdháileadh gan duine é a thuilleadh gan úsáid a bhaint as a méid atá tuillte acu. Sin sclábhaíocht. Sin sóisialachas.

Agus tá d'argóint ar son an tSóisialachas fabhtach, a Concubhar, chomh fada is atá slí eile ar bith ann chun cúnamh a thabhairt do na bhochtán nach dtagann ón rialtas. Agus tá slí ann, is féidir le hindibhidiúil ar bith déirce a dhéanamh ar na bochtáin. Tá carthanais phríobháideacha ann. Agus bhí i gcónaí.

Ní thaganns leigheas ná bia ná cúnamh ná birth control ón 'railtas' ná ón 'sochaí'..go hairithe mar nach maoin ag an sochaí ná ag an rialtas.

Is féidir bia agus cúnamh agus chuile rud a fháil ón bhfostaíocht nó obair nó, más gá, ón ngníomhartha carthanachta príobháideacha daoine eile. Sin daonnacht na gníomhartha carthanachta príobháideacha sin a dhéannans daoine cneasta. Gníomharthaa nach sáraíonn ceartanna duine ar bith.

DAS Mar gheall ar lucht na heite chlé, níl an tír seo chomh saibhir sin níos mó. Cruthaaíonn an Sóisialachas bochtanas , scriosann sé an mheán-aicme, agus laghdaíonn sé an caighdeán maireachtála. (Bhuuel, seachas do na polaiteoirí. Bhí an ceart ag Orwell faoi roinnt de na hainmhí.)
tabhair freagratabhair freagra #53 April 16 Iúil 2014, 12:59 GMT
Maidir leis an alt a scríobh Krugman, brón orm ach bhí an t-alt sin feicthe agam cheana. Bhí an colún sin i bpáipéar nó dhó abhus. Níl sé fíor, agus níl aon fheabhas ar altanna Krugman mar gheall ar go bhfuil siad foilsithe i bpápéir nach é an NYT é.

Is 'shill' de na Daonlathaithe é atá sásta spin deas a chur ar cibé céard a dhéannanns siad. Agus?
tabhair freagratabhair freagra #54 Concubhar 16 Iúil 2014, 15:00 GMT
Creidim i Rialtas a thugann aire don dream is boichte ague is leochaillí sa tsochaí. Más ionann sin agus collectivist nó socialist mar a mhaíonn tú, maith go leor. Níl mé ar son Rialtas a thugann aire dos na 'haves and have yachts' amháin. Ní doigh liom gur 'shill' de chuid duine ar bith é Paul Krugman ach duine a smaoiníonn go neamhspleach. Ba cheart é sin a thrial tú féin am éigean, seachas bheith ag iarraidh gach duine a chur i mbosca. Is tú féin amháin atá i mbosca.....is beag duine chomh cung aigeanta leat ar chas mé leo ach, ar ndoigh, ní raibh mé i SAM ach cúpla uair agus ar feadh seal gairid gach uair.
tabhair freagratabhair freagra #55 April 16 Iúil 2014, 17:16 GMT
Bhí an tús a bhí ag ObamaCare tubáisteach, agus fuair 'chuile dhuine amach sa tír seo go raibh 'chuile rud a dhúirt an Tea Party faoi ObamaCare fíor, agus bhí lucht na heite chlé sna meáin agus na Daonlathaithe ag inseacht bréaga.. Dúirt an Tea Party go mbeadh ObamaCare i bhfad níos costasaí ná a bhí geallta mar reachtaíocht, agus go mbeadh ardú ar an méid a bheadh daoine ag íoc as na pleananna, agus nach mbeadh daoine in ann á ndochtúirí ná a bpleananaa a choinneáil, agus go mbeadh damáiste déanta den corais leighis agus nach mbeadh ObamaCare seolta go 2013...Chuile rud a dhúirt an Tea Party agus lucht na heite deise, tá a fhios ag madra an bhaile anois gur fíor é agus ObamaCare seolta. Cé go raibh tús tubásiteach ag ObamaCare agus ní raibh sé ar an saol i ndáiríre go dtí 2014 agus cuid de nach seolta fós ar chór ar bith mar go bhfuil na Daonlathaithe i dtriobláid.

Ó agus DAS, ní raibh Poblachtana na daoine amháin a bhí ag gearáin faoi ObamaCare. Bhí cuid de na daoine ar chaill siad á narachas, bhí siad ina nDaonlathaithe ar chaith siad a vótaí ar son Obama agus a raibh ag tnúth le hObamaCare. Chuir mé nascanna chuig na scéalta futhu faoi alt a scríobh Briain Ó Broin cheana féin. Agus bhí daoine ag gearáin thar éis na Waivers agus cur ar ceal roinnt den ACA (ObamaCare) agus cuid is mó de na daoine ar an bplean trí Medicaid atá saor in aisce.

DAS Ní maith le formhór de na daoine sa tír seo ObamaCare. Féach ar an pobalbhrieth Rasmussen thíos.

http:/​/​www.rasmussenreports.com/​public_content/​politics/​current_events/​healthcare/​health_care_law
http:/​/​kff.org/​health-reform/​press-release/​majority-of-the-public-say-they-havent-been-affected-by-the-health-reform-law/​
http:/​/​kff.org/​health-reform/​issue-brief/​medicaid-enrollment-under-the-affordable-care-act-understanding-the-numbers/​

Tá sé aiféaseach a mhalairt a rá ag an bpoínte seo. Tá an t-alt a bhí scríofa ag Krugman aiféaseach. Níl aon rud neamhspleach faoi Krugman agus na bréaga a insíonn sé.

Agus níl aon rud neamhspleach faoi na smaointe a leag tú os mo chomhair. Is thusa an duine atá caolintinneach aguis teoranta. Phointeáil mé amach gur bhain tú úsáid as argóint fabhtach (false dichotomy) agus chuir mé m'argóint féin faoi do bhráid agus athmhachnamh ar substuint d'argóint féin ann.. Is léir nach raibh tú in ann é a shárú, cé nach raibh aon athrú ar do phort. Athdhúirt tú an argóint fabhtach aríst, agus ceann eile ina measc.

(Is féidir le rialtas polasaithe neodracha a bheith acu atá ar son 'chuile dhuine sa sochaí. Níl sé fíor go mbeadh polasaí atá ag déanamh maith do ghrúpa éigin atá ag déanamh dochar do ghrúpa eile. Agus níl sé fíor gur gá do rialtas a bheith ar son aicme amháin in áit aicme eile. )

Cibé ar bith, ní bheidh aon athrú intinne agam faoin ceartanna bunúsacha daoine agus cé chomh holc is atá sé iad a shárú.
tabhair freagratabhair freagra #56 Concubhar 17 Iúil 2014, 09:33 GMT
Ní féidir leis an Rialtas bheith neodrach i dtaobh daoine bochta agus daoine leochailleacha eile sa sochaí - caithfidh sé bheith ar a son. Ar feadh na mblianta fada bhí rialtais SAM ar son na saibhir - agus is dócha go bhfuil fós - agus ba mar thoradh ar n gcaidreamh socúil sin leis na saibhir a tharla an tubaiste airgeadais domhanda atá ag cur as dúinne in Éirinn cé go raibh cúinsí áítiúla i gceist freisin. Mar thoradh ar an gcliseadh eacnamaíochta sin a thosnaigh ar Wall Street faoi réimeas George W. Bush, tá an droch shaol i réim in Éirinn, cé go raibh cúiseanna leis mar a dúirt mé. Mar thoradh ar na giorruithe a spreag sin, tá Beo i mbaol. Níl AON meán Ghaeilge - seachas Seachtain san Irish Independent a bhím ag scríobh do - neamhspleach ar chabhair ón Stáít chun fanúint beo mar is meán mionlaigh sinn agus pé airgead a bhfaighimíd mar deontas oibrímíd go cruaigh ar a shon. Dá leanfá le d'argóint, ní bheadh tacaíocht an Stáit ag aon iris/​leabhar/​meán Ghaeilge, ina measc 'Cú na mBaskervilles' a fhoilsiú arís. Is dana an mhaise duitse bheith chomh binibeach i gcoinne tacú le Beo le sintiús agus iad ag iarraidh a bheith neamhspleach ar an láimh amháín agus bheith ag moladh 'an sli Meirceánach' a bhionn leithéidí an Tea Party ag maíomh as ar an láimh eile. Mura bhfuil tú sásta le na tuarimí is na h-argóintí a nochtar ar Beo ag scrióbhnóirí éagsúla, tá cead agat easaontú leo gan amhras. Ach má shéanann tú an t-airgead chun íoc as an suiomh - agus ciallaíonn sin, i measc rudaí eile, na scríobhnóirí a íoc as na h-ailt a chuireann siad ar fáil. Níor chuiala mé argóínt bréige go dtí gur chuala mé tú ag maíomh nach dtacófá le Beo mar gheall ar altanna NÁR scríobh Brian Ó Broin faoi abhair a cheapann tú bheith tabhachtach. Agus dá scríobhfadh sé faoi na h-ábhair sin - agus mura raibh tú sásta leis - bheithfeá dhá oiread chomh míshásta. Dealraíonn sé domsa go bhfuil tú ró sprionlaithe chun tacú le Beo. Ba mhaith leat gach rud a bheith curtha ar fáil duit agus gan aon freagracht a bheith agat ioc as, Ba mhaith leat go mbeadh scríóbhnirí Gaeilge ag scríobh SAOR in aisce ar do shon - agus ag tacú led dearcadh caolintinneach frith dhaonna.
Tá go leor scriobhnóirí Gaeilge ann a scríobhann gan luach saothair - agus deinim go leor de mé féin. Dá mbeadh rogha agam, áfach, glacadh le €25 uait nó gan luach saothar a fháil as ucht mo chuid scribhinní/​ramhaillí, b'fhearr liom an dara rogha.
tabhair freagratabhair freagra #57 April 17 Iúil 2014, 13:04 GMT
Tharla an ghéarchéim dhomhanda as polasaithe na nDaonlaithe ina raibh an rialtas ag cur an ladar isteach sa margadh títhíochta trí CRA, Fannie Mae agus Freddie Mac, agus reachtaíocht eile. Chuir siad iachall ar na bancanna iasachtaí a thabhairt do dhaoine bochta, daoine gorma agus daoine hispanic ach go hairithe, nach raibh creditworthy agus nach raibh in ann íoc as na tithe a cheannaigh siad. Go hairithe mar gheall ar go ndearnna siad drochinfhéistíocht le cúnamh an rialtais. Ní cheannaíonn daoine cliste títhe nuair atá na praghasanna chomh ard sin í comparáid le luach na dtíthe. Bhí siad ag íoc $60,000 dollar ar ttíthe nach fiú $20,000 dollar iad.

http:/​/​www.forbes.com/​2009/​02/​13/​housing-bubble-subprime-opinions-contributors_0216_peter_wallison_edward_pinto.html

Ar ndóigh, bhí na hiasachtaí subprime seo nimhneach! Chun scéil fada a dhéanamh géar, go hairithe mar gur mhínigh mé é seo cupla uair cheana, d'imir siad cluiche musical chairs nó hot potato leis na hiasachtaí cé nach raibh a fhios ag na hinfheisteoirí domhanda nach cáca milis blasta a bheith acu ag deireadh an chluiche ach nimh.

Agus ar ndóigh, chun na bochtán agus bancanna a shábháil, mar dheá, chuir an rialtas a ladar isteach aríst le TARP agus rinne siad cursaí i bfad níos measa. Bhí TARP aiféiseach mar go raibh na daoine a raibh i bhforclosure nó a mbeadh i bhforeclosure níos lú ná 2-2 is a leath faoin gcéad agus bhí na hassets fós ann. Mura dtuigeann tú cén fáth nach raibh TARP raiachtanach agus cén chaoi a ndearna sé níos mó damáiste, is féidir liom é sin a mhíniú dhuitse.

Agus dá mbeadh damáiste déanta ag Bush i 2007, tharla sé mar gur RINO é nach raibh aon fhadbh aige tacaíocht a thabhairt de na polasaithe agus reachtaíocht a bhí na Daonlaithe ag iarraidh chur i bhfeidhm. (Bhí an Teach agus an Seanad ag na Daonlathaithe i 2007 mar gur chaith lucht na heite dheise Poblachtánaigh amach mar go raibh siad ag caitheamh aigead ar nós Daonlathaithe.) Shaighneáil Bush reachtaíocht ar nós TARP agus reachtaíocht chun earraí comhlachtaí beaga Méiriceanacha a thastáil l i ndiaidh earraí nimhneacha a impórtáil ó comhlachtaí móra as an tSín. Ní raibh earraí a bhí ann cheana grandfathered isteach agus rinne an reachtaíocht sin an-damáiste de na comhlachtaí beaga ar Mhain Street

Is léir gurb iad polasaithe na nDaonlaithe ar son na 'mbochtán', nó moochers mar a thugtar orthu, atá taobh thiar den ghéarchéim. Bhí thusa agus Briain Ó Broinn ag gríosú ar son deireadh Bheo.

Cé gur fhoghlaim cuid acu rud nó dhó. Ar nós Peggy the Moocher. Tá cupla fiseáin thíos. An ceann cáiliúil ó 2008 agus ceann nuair a d'éirigh Peggy rud beag níos críonna ina dhiaidh.
https:/​/​www.youtube.com/​watch?v=P36x8rTb3jI
https:/​/​www.youtube.com/​watch?v=bUHoAaDlhDo

Rud éigin eile, níl aon fhiminteacht i mo sheasamh DAS. Níl Beo ag iarraidh a bheith neamhspleach, níl aon rogha eile acu. Agus níl aon athrú poirt ag á n-údair fós i dtaobh ceartanna bunúsacha daoine eile ná i dtaobh moochers. Mar sin, tá mé ag iarraidh mo chuid arigid a chaitheamh ar rudaí gur féidir leo a bheith neamhspleach sa todhchaí chomh fada is nach bfuil siad ag inseacht bréag ná ag gríosú in aghaidh ceartanna bunúsacha sa seirbhís é féin nó sna hearraí a cheannaigh mé. Is léir go bhfuil mé ag iarraidh tacaíochta a thabhairt don teanga. Agus ní ligim bhur gcuid gadaíochta as pócaí chuile dhuine in Éirinn agus thar lear mé a stopadh. Seans gur íoc mé féin as cuid de na leabhair cheana. D'íoc mé cinnte as Cú na mBaskerville a bhí foilsithe ag Evertype. Agus sé m'aigead féin é agus tá an ceart agam an seirbhís a úsáid.

Tuigim go bhfuil sé deacair de Bheo scríobhneoirí a fháil agus níl sé éasca iris a chur ar fáil, ach níl mé ag íoc as iris ina bhfuil a leithéid de scríobhnóirí mar Bernie Ó Devlin ná Briain Ó Broin ag scríobh. Athróidh mé m'intinn nuair nach bhfuil na scríobhneoirí ag inseacht bréaga ná ag gríosú in aghaidh ceartanna bunúsacha.

Maidir leis na rudaí craiceáilte eile atá scríofa agat, éirí as. Níl mé ag iarraidh iachall a chur ar dhuine ar bith aon rud a dhéanamh ar mo shon, go hairithe saor in aisce. Tá mé glan in aghaidh a leithéid de rud. Is thusa an duine atá cur iachall ar dhaoine rud éigin a dhéanamh ar do shon. Tá mise ag rá go mbeinn sásta íoc as na seirbhísí ba mhian lioom a bheith agam, dá mbeadh duine éigin ag iarraidh iad a chur ar fáil agus iad sásta glactha le mo chuid airgid. Is mór an trua é nach dtuigeann tú an difríocht idir sclabhaíocht agus tradáil.

Ní thabharfainn pingin rua duit chun do chuid ramháille a léamh! Tá tú thar a bheith aineolach. Ach tá an ceart a Concubhar, do rogha rud a dhéanamh le d'airgead féin.

Ní mé ag iarradh thú a stopadh. Glac sintiús, más mian leat.

Níbhaineann 'airgead féin leat áfach. Choinnigh do chrúba as mo phócaí.

(Brón orm go bhfuil sé seo chomh fada is atá sé!)
tabhair freagratabhair freagra #58 Concubhar 17 Iúil 2014, 13:35 GMT
Tá tú iris ina bhfuil siad ag scríobh a léamh ach níl tú sásta íoc as.....ínsíonn a scéal féin. Go raibh maith agat as an soiléiriú.
tabhair freagratabhair freagra #59 April 17 Iúil 2014, 14:29 GMT
Tá mé ar iris ina bhfuil siad íoctha as ár bpócaí cheana féin, a Choncubhar. Agus cé nach bhfuil mé sásta €25 a íoc ag dul ar aghaidh , níl mé ag cur iachall orthu aon rud a chur ar fáil. Is féidir leo é a chur ar fáil do na daoine a ghlacann sintiús amháin nó éirí as más mian leo.

Ach níl mé ag íoc as drochiompar á n-údair. Níl mé ag íoc as MSNBC na Gaeilge. Ócé? Ócé.

Ach má bhionn athrú ar an scéal, beidh athrú intinne agam. Ócé? Ócé.

An bhfuil a fhios agat? Ní amháin go bhfuil tú an-aineolach, ach tá tú an-butthurt freisin.

Níl mé cinnte go bhfuil sé sin folláin duitse.
tabhair freagratabhair freagra #60 Concubhar 17 Iúil 2014, 18:29 GMT
Cén bealach go bhfuil tusa ag íoc as do phóca ar son Beo? An íocann tusa cáin in Éirinn, thuaidh nó theas? Ní 'droch-iompar' é tuairim a scríobh. Agus fiú dá mba Fox News na Gaeilge é Beo, bheinn sásta íoc as ar mhaithe le tacú leis. Ach níl Beo ar aon chéim le Fox News nó MSNBC, comhlachtaí móra Meirceánacha le na milliúin dollar ar a gcúl. Ach bheinn sásta íoc faoi dhó nó faoi thrí do Beo - agus Comhar - agus Nós - agus Feasta agus an t-Ultach is an Timire. Is Goitse fosta - cé nach bhfuair siad riamh tacaíocht Stát. Tá suim agam i scriobhnóireacht Gaeilge, ba mhaith liom tacú leis ionas go mbeidh scríobhnóirí ábalta leabhair i nGaeilge a chur ar fáil do leitheoirí dílse na Gaeilge agus dod leithéidse chomh maith céanna. Tuigim má thacaím le scriobhnóíreacht na Gaeilge sna h-irisí is eile gur féidir go spreagfaidh sé sin scríobhnóír óg éigean tabhairt faoi úrscéal i nGaeilge - agus cá bhfios go mbeadh Harry Potter ceart as Gaeilge ann amach anseo - scéal nua a mheallfadh na céadta míle leitheoir nua. Sin an fís atá agam. Dealraíonn sé domsa gur 'cul de sac' an fis atá agat.
Ní thuigim - 'tá tú an-butthurt freisin' - cén teanga atá ann?
« » 1 2 3 4 5 6 7
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!