« » 1 2 3 4 5 6 7
tabhair freagratabhair freagra #31 April 11 Iúil 2014, 14:10 GMT
Agus mura bhfuil do cheacht foghlamtha agat, beidh Helen Thomas ag do dhoras ina diaidh.
tabhair freagratabhair freagra #32 Concubhar 11 Iúil 2014, 15:13 GMT
Níl aon aithne agam ar Lois Lerner nó Helen Thomas mar sin níl a fhios agam an fiú dom bheith imníoch. Faighim do dhearcadh i leith Beo aisteach. Mura dtaithníonn na tuairimí a nochtar ann leat, nach n-aontaíonn tú le ceart na ndaoine a dtuairimí a nochtadh? Is Meirceánach thú - creideann tú i saoirse cainte, nach gcreideann? Ní scríobhaim do Beo ach aithním go bhfuil caighdeán ard ann - ach fós tá tusa ag maíomh a mhalairt. Cá bhfuil an fhianaise chun tacú leis an dtuairim sin? Deir tú gur fearr leat leaganacha Gaeigle de leabhair Harry Potter ná Beo ach sin tairge éagsúil ar fad ó iris idirghníomhach ar nós Beo, fóram diospóireachta agus argóna. Níl aon chinnteacht go n-úsáidfí an t-airgead a shábháilfidh an Fhoras ar Beo chun leaganacha Gaeilge de leabhair a bheithfeá sásta iad a léamh ach is maith an rud é go bhfuil tú ag iarraidh do €25 a chaitheamh ar leabhair is nithe eile Gaelacha. Measaim go mbeidh tú uaigneach gan Beo agus faighim do tharcaisne i leith iriseoireacht chlóite na Gaeilge deacair le tuiscint - ach bíodh agat agus Helen agus Lois.
tabhair freagratabhair freagra #33 April 11 Iúil 2014, 16:04 GMT
Cén áit ar dhúirt mé go raibh mé ag iarraidh an rialtais cosc a chur ar shaoirse cainte duine ar bith? Dúirt mé nach bhfuil mé féin sásta ioc as an iris seo mar a bhfuil sé faoi láthair. Níl mé ag sárú saoirse cainte ná ceart eile duine ar bith mar nach bhfuil mé sásta íoc as.

Maidir le m'fhianaise, alt ar bith a scríobh Brian Ó Broinn. Ceard faoi sin? DAS Má bhíonn Briain Ó Broinn ag déanamh sar-jab ag iris gairmiúil, cén fáth nach bhfuil a fhios agat cé hí Louis Lerner?

Ar ndóigh, mar go bhfaigheann an faisísteachas ar thaobh chlé na líne polaitíochta, tuigim cén fáth nach bhfuil suim dá laghad ag Brian Ó Broinn sa scannal sin. Ná sa gcaoi ina gcaitheamh an riarachán seo le Gibson guitars agus comhlachta eile nach raibh ar an taobh ceart den líne...go hairithe na na díoltóirí carranna. Ach b'fhéidir nach bhfuil Briain Ó Broin sach gairmiúil go bhfuil a fhios agat ceard atá mé ag caint faoi, a Choncubhar.

Cibé ar bith, níl mé ag iarraidh íoc as iris a d'fhagfadh níos aineolaí mé i ndiaidh á léamh.

Sin ciallmhar, nach bhfuil?
tabhair freagratabhair freagra #34 Concubhar 11 Iúil 2014, 16:37 GMT
Ní gá go léim gach alt atá ar Beo.ie le tabhairt faoi ndeara go bhfuil caighdeán sach ard ag an iris agus toisc go ndíríonn tú ar scriobhnóir amháin, nach sasaíonn do mhian, is ionann sin agus a rá liom go bhfuil tú ag séanadh tacaíocht ar Beo de bharr an méid a scríobhnann an duine sin. Is ionann sin agus séanadh saoirse cainte. Dála an scéil tá sé deacair dom do bhrí a aimsiú mar go bhfuil meascán mearaí éigean ort. Níl a fhios agam ar scríobh Brian ar Gibson Guitars nó na díoltóirí carranna. An ghnath rud nuair a iarraim fianaise, ba cheart go bhféadfá nasc díreach a sheoladh chugainn chun é do mheas. Tá sé deacair a dhéanamh amach an altanna a scrígh Brian nó altanna nár scrígh sé atá ag déanamh tinnis duit!
tabhair freagratabhair freagra #35 Anraí ó Braonáin 11 Iúil 2014, 16:57 GMT
Bheinn sásta cabhru le Beo a choinneail beo. Anraí
tabhair freagratabhair freagra #36 April 11 Iúil 2014, 17:21 GMT
Ní hionann sin agus séanadh saoirse cainte ar chor ar bith a Chonchubair. B'fhéidir go bhfuil sé ceart duit googlaíl a dhéanamh ar negative agus positive rights. B'fhédir go mbeadh tuiscint níos fearr agat ar shaoirse cainte ansin. Is ceart diúltach í an tsaoirse cainte. Is féidir leat agus na daoine eile ag beo cibé ceard ba mhaith libh a scríobh nó a rá, níl mé do 'ur stopadh. Ach níl an ceart agaibh a bheith ag sarú mo cheartanna maoine chun brabúis a bhaint as.

Agus tá an ceart agat, rinne sé 'lie of omission'. Tugtar 'cherrypicking' air as Bearla, agus níl sé gairmiúil. Is drochiompar ceart é.

Ach tá botún (nó bréag 'b'fhéidir) san alt seo:
http:/​/​www.beo.ie/​alt-dunadh-rialtas-mheiricea-obama-versus-an-tea-party.aspx

Ní raibh an bille ag iarraidh deireadh a chur le hObamaCare, ach a bheith cinnte go mbeadh na polaiteoirí clúdaithe faoi ObamaCare chomh maith le chuile dhuine ar bith eile beo sa tír seo. Ag an nóiméad seo, tá siad exempt on dlí uafásach sin. (Mar a dúirt Orwell, tá cuid de na daoine níos coithroime ná roinnt de na daoine eile. Sin é an Sóisialachas.)

Ar ndóigh, dá mbeadh Daonlaithe clúdaithe faoina reachtaíocht féin, cuirfeadh siad deireradh den reachtaíocht céanna ar buille boise.

Cibe ar bith, sin é an chéad alt ar tháinig mé air i ndiaidh do theachtaireachta a léamh..

Níor thóg mé ach nóiméad chun ruda a fháil.
tabhair freagratabhair freagra #37 Iarla 12 Iúil 2014, 11:15 GMT
Is ceannlíne i bhfad níos mó a thabhairt don alt tábhacht seo. Tá mé cinnte go bhfuil go leor léitheoirí ann nach léann eagarfhocal riamh...
tabhair freagratabhair freagra #38 Iarla 12 Iúil 2014, 11:17 GMT
- agus scríbhneoirí a chuireann a dtuairimí ar aghaidh gan amharc siar agus botúin a cheartú! 'Is ceart ceannlíne i bhfad níos mó a thabhairt.... ' ar ndóigh, nó 'is mithid...
tabhair freagratabhair freagra #39 Concubhar 12 Iúil 2014, 20:32 GMT
Ar son Dé ná cuirtear isteach ar do cheart brabhús a shaothrú as cibé rud ar féidir leat. Seo scéal eile atá curtha faoi mo bhráid - seachas an scéal a luaigh tú. Agus anuas ar sin nior thuariiscigh sé ar na scéalta a raibh tú ag caint orthu. B'fhéidir go ndéanfaidh sé amhlaidh ach is iris Ghaeilge í Beo le h-éagsúlacht ábhair agus ní féidir gach scéal a thuairisciú gach mí agus, go h-áirithe, ní féidir le tuairisceoir amháin gach scéal ó Mheirceá a thuairisciú gach mí, gan cead aige ach alt amháin a scríóbh. Ar aon nós ní chreidim go bhfuil bun nó barr led argóint suarach. Creidim gur fiú €25 in aghaidh na bliana Beo - agus breis ar sin - agus sílim go mbeidh tú uaigneach gan é.
tabhair freagratabhair freagra #40 April 12 Iúil 2014, 23:11 GMT
Níl an ceart ag duine ar bith cearta maoine duine ar bith eile a shárú agus sibhse ag iarraidh brabús a dhéanamh as an iris seo a bhí mé ag rá, a Choncubhar. Níl an ceart agaibh a bheith íoctha as cleachtadh do shaoirse cainte agus níl an cheart agaibh ceartanna daoine eile a shárú chun foirme nó stáitse a chur ar fáil daoibh. Íoc as an bhfoirm as 'bhur bpócaí féin. Cé atá do 'ur stopadh?

Agus ní argóint suarach é a bheith ag argóint ar son ceartanna bunúsacha indibhidiúila ná a bheith ag troid ar á son ariamh.

Agus níl sé suarach a bheith ag súil go mbeadh na haltanna gan claonadh. Tá Briain Ó Broinn sásta scríobh faoi scannail Chris Christy ag an am a bhí na Daonlathaithe ag dúnadh á gclabanna thar éis an iniúchadh mar gur chuaigh siad thar fóir leis, ach é ag scríobh faoi ciníochas agus sclábhaíocht a tharla fadó nuair a bhíonns Daonlaithe cúisithe agus iad ag dul go priosiún.

Ar ndóigh, is thusa an duine a shíleanns gur argóint é an indignation, mar sin, níl an méid a scríobh tú ag cur isteach ná amach orm.
http:/​/​igaeilge.ie/​2013/​12/​27/​obama-agus-an-phapa-proinsias/​

(DAS Tá sé gleoite cé chomh tapaigh is a thaganns an left right paradigm ar ais i bhfaisean ar do bhlag nuair theastaíonns a leithéid uait.)

Cibé ar bith, ní bheidh mé uaigneach. Ná bíodh imní ort fúmsa agus mé ag cleachtadh mo chearta chun mo chuid maoine a chaitheamh ar rud éigin eile. Cheannaigh mé féin agus Shannon, an iníon is óige atá agam, leabhair iontach leis an airgead. Beidh mé ar an tolg le cupán deas tae ag léamh Cú na mBaskervilles...chomh luath is atá Shannon críochnaithe lei.
« » 1 2 3 4 5 6 7
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!