« » 1 2 3 4 5 6 7
tabhair freagratabhair freagra #41 Concubhar 14 Iúil 2014, 09:55 GMT
Ní doigh lion go bhfuil éinne ag iarraidh 'brabhús' a shaothrú as seo, a April. Is é an sprioc na costaisí a ghlanadh. Ní scríobhaim do Beo mar sin níl aon leas agamsa sa scéal ach gur mhaith liom go mbeadh scríobh agus léamh na Gaeilge beo dos na glúinte atá le teacht. Ní leor domsa aistriúcháin ar leabhair dá fheabhas iad a thagann chúgainn ón sean ré (na h-aistriúcháin chomh maith). Tá gá le litríocht nua i nGaeilge agus is cuid den phroiseas sin é leithéidí Beo. Mura gceapann tusa gur fiú €25 sa bhliain é sin,tá trua agam duit.
tabhair freagratabhair freagra #42 Pat Butler 14 Iúil 2014, 11:44 GMT
Cuir m'ainm leis an liosta. Go maire 'Beo' an céad.......
tabhair freagratabhair freagra #43 April 14 Iúil 2014, 12:13 GMT
Ar nós na 'litríochta nua' a raibh luaite agam cheana féin sa téad seo nach raibh duine ar bith ag iarraidh a léamh ag bunú an tsaorstáit? Agus nach raibh ar an 'taobh ceart den stáir' ach a oiread?

Is fear na heite chlé thú go siúráilte. Is trua agam dúinne go bhfuil airead cáiníocóirí cáite ar dhaoine do do leithéid chun rudaí a fhoilsiú nach bhfuil formhór againne ag iarraidh a léamh. Tá sibh ag iarraidh rudaí a fhoilsiú nach bhfuil ach mionlach beag de na hamáidán is dúire ag iarraidh a léamh as Bearla fiú.

Má dhéantar an rud céanna a rinne cheana, na bí ag súil le torthaí eile as. Ócé?

Ach mar gheall ar nach bhfuil sibh ag iarraidh brabús a dhéanamh as, is féidir leat 'chuile rud a dhéanamh saor in aisce as seo amach! Iontach! Tá mé cinnte go mbeidh na híoceoirí cánacha sásta leis sin. Agus má bhíonn tú sásta chúig euro is fiche a íoc as do phóca féin ar na costaisí atá ag Beo, bhuel, níl aon fhadbh agamsa leis sin.

Ach maidir le brabús... aon airgead a d'ioc siad ar na haltanna a scríobhadh, is brabús é sin do na scríobhneoirí. Go hairithe do na hOllúna atá ag scríobh do Bheo. Agus tá go leor leor acu sin ann. Agus an tuarastal a bhfaigheanns na daoine a chuireanns Beo ar fáil dúinn , sin brabús. Agus b'fhéidir go bhfuil tú ag scríobh do dheontas thar éis gur theip ar Lá Nua agus ar an seó raidió a bhí agat, ach na bí ag rá liom nach raibh brabús nó proifid déanta agat astu as pocaí na gcáiníocóirí.

Nó b'fhédir go bhfuil dul orm. An ndearna tú iad gan tuarastal nó pháí ar bith?
tabhair freagratabhair freagra #44 April 14 Iúil 2014, 12:14 GMT
B/​ron orm, dul amú orm a bhí mé ag iarraidh a scríobh..
tabhair freagratabhair freagra #45 Concubhar 14 Iúil 2014, 14:03 GMT
Tá an cheart agat - tádul amú ort faoi go leor rudaí Níl mé ag scríobh do dheontas ar bith agus má theip Lá Nua, bhuel ní de bhearr easpa iarrachtaí. Go deimhin bhí mo chuid airgid féin infhéistithe ann. Fuair an Stát agus na h-íocóirí cánach níos mó ná a luach saothar as an méid a rinne mé agus mo chomhleacaithe ag Lá. Níl aon seó raidió agam - cé go mbínn ag cur corr chlár ar fáil do Raidió Fáilte. Agus is cinnte ná raibh mé ag fáil íocaíochta as sin. Dhein mé ar son an phléisiúir é. Agus mé ag obair le Lá Nua/​Lá, fuair mé tuarastal - ach is fiú gach fear a thuarastal nó an é sin tuairim amaideach eile atá ag lucht na h-éite clé? Dar ndóigh tá mí thuiscint bunúsach agat faoi eacnamaíócht. An tuarastal a bhfaigheann an dream a chuireann Beo ar fáil, ní h-ionann é sin agus brabhús. Is é sin pá, an gnath toradh a bhionn ar luach saothar. Brabhús isea an ioncam a bhfaigheann tú ó infheistíocht caiptil. Cíos an ioncam a bhfaigheann tú ar thalamh. Ar aon nós, má imíónn tú beidh Beo.ie beagán níos uaigní ceal an chaipitilí is cantalaí ach beidh orm cur suas leis. Bain sult as 'Cú na Baskervilles' agus do shaol brea shotalach thall le SAM! Tá súíl agam go leanfaidh Beo ar aon nós agus táimse sásta mo €25 a chur sa chiste. Is suarach an leitheoir nach ndéanfadh amhlaidh....
tabhair freagratabhair freagra #46 April 14 Iúil 2014, 16:35 GMT
Mar sin, ní raibh dul amú orm.

Is é an brabús an profid nó buntáiste a bhfaigheanns as aon rud a dheantar. Is proifid nó brabús é do phaí. Fuair tú tuarastal. Rinne tú brabús nó proifid as do phost ag Lá Nua

Ar aon chaoi, ón bhFoclóir Beag:

brabús [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh]
brabach, proifid.

brabach [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh]
an difear idir an méid a chosain rud agus praghas a dhíolta; sochar, buntáiste (brabach a fháil, a bhreith, ar dhuine).

Ní mise an duine nach dtuigeann cursaí eacnamaíochta.

Aiféal orm mura thú an duine a rinne an clár 'eolaíochta' a craoladh ar RnaG cupla bliain ó shin. Ar Strae sa Saotharlann a bhí air nó rud éigin mar sin.. tá mé cinnte gur thusa a bhí ann. Ní dhúirt mé go bhfuil seó raidió agat anois, ach tá mé cinnte go raibh. Bhí túsa i do láithreoir air. Níor éist mé féin leis ach bhí pictiúir díot sa bhfógra a raibh ar suíomh RnaG. Bhí labcoat ort sa bhfógra. B'fhéidir nar thusa an fear a bhí sa bpeictiúir, ach b'é do leathchúpla é an fear sin!

(Agus tá an ceart agat, tá cantal orm ag an bpoínte seo le lucht na heite chlé agus iad ag iarraidh rudaí nach raibh tuillte acu as pócaí chuile dhuine eile atá sásta á gcuid a thuilleadh go hionraic.. Mar gheall orthu agus iad ag iarraidh stuif saor in aisce ón bpáirtí is lofa i SAM, chaill mé m'arachas ar nós go leor leor daoine eile. Agus é sin thar éis 2 abcesses i mo bhéal agus infection a tháinig tríd mo cheann ó chás swimmers ear i 2013. Lagaíodh mo chroí, agus leis an iomarca oibre agus an iomarca caife...tháinig taom chroí beag orm i mí Lúnasa 2013, díreach roimh launch ObamaCare.
Mar sin, go raibh míle maith agaibh as bhur Sóisialachas. Níl an care atá le fáil chomh maith is a bhíodh agus é uaim agus ó mo bheirt iníon gur asthmatics iad. Ó agus go raibh maith agaibh as na hathruithe a rinneadh ar á rescue inhalers. Ní oibríonn siad chomh maith is a bhíodh ach a oiread. Agus ní féidir smacht a choinneáil ar asthma Jen leis na steroids. Níl siad ag obair di.
Ó agus mé ag rant-áil ar nós Swede craiceáilte...go raibh maith agaibh as an oiread reachtaíochta atá do mo thachtadh agus an phraiseach a rinne sibh den eachnamaíocht freisin...ar fud an domhan fiú. Sibhse agus Uachtarán Erkle.)

Bain sult as do shintiús don iris, a Concubhar. Ar a laghad, beidh sé ina hugbox agaibh gan caipitlítlithe cantalacha . : )

Agus cá bhfios? B'fhéidir go gcuireann riachtanais a thaganns as an margadh feabhas air, agus glacfaidh mé sintiús ansin. Ba bhreá liom PJ Mdedia na Gaeilge!

(Ó agus adhmhaím go mbeidh Balor uaim! )
tabhair freagratabhair freagra #47 April 14 Iúil 2014, 21:31 GMT
Dúirt cara liom nach thusa an duine a rinne Ar Strae sa tSaotharlannn, agus tá an ceart aige. Tá brón orm, a Concubhar! Níl an ceart agam i gcónaí! : )
tabhair freagratabhair freagra #48 Concubhar 15 Iúil 2014, 17:41 GMT
Maidir le hObamacare, seo é freagra Paul Krugman a bhuaigh Duais Nobel na h-eacnamaíochta...
http:/​/​www.irishtimes.com/​business/​economy/​usual-suspects-still-agitate-despite-obamacare-success-1.1866133
Maidir leis na cúrsaí eile, cheap mé go raibh Sclabhaíocht imithe ó Mheirceá ó ré Lincoln (Poblachtánach) ach anois feicim go bhfuil sé ar ais don Ghaeilge....
tabhair freagratabhair freagra #49 Concubhar 15 Iúil 2014, 17:44 GMT
Maidir le Ar Strae sa tSaotharlann - bheadh bród orm baint a bheith agam lena leithéid de chlár....ach ní raibh.
Is tuasa atá ar strae sa chloigeann, agus is tusa a bheidh thíos sa deireadh thiar. Ba mhaith leat go ndíolfadh gach éinne le go mbeadh seirbhís agat féin lá níos faide anonn....sin soisialachas nach é....
tabhair freagratabhair freagra #50 April 15 Iúil 2014, 19:25 GMT
An Paul Krugman nach mbíonn ceart chomh minic le clog briste?

Agus níl mórán meas ag duine ar an Nobel níos mó. An bhfuil a fhios agat cé eile a bhfuair ceann acu? Obama i 2009.

DAS Is drochfhoiínse é an NYT. Ná bí ag tabhairt nascanna domsa do pháipéar nuachta a bhíonns ag inseacht bréige. Tá Krugman chomh macanta is atá Zimmerman geal.

Agus níor éirigh le hObamaCare. Ach tuigim gur cuma le lucht na heite faoin dochar a dheananns á Sóisialachas do dhaoine eile. DAS Maidir linne ar cháill muid ár n-arachas, ní maith linn na pleananna a bhfuair iná náit atá níos daoire le níos lú coverage a bheadh uaim. Ní raibh mé ag iarraidh athrú ar bith. Go hairithe mar gheall ar go raibh fabhdnanna cheana féin 'ainne nuair a sháigh na Daonlathaithe in Illinois ShrillaryCare síos ár scórnaí i bpíosaí. Bhí plean Blue Cross Blue Sheild 80/​20 againn, agus ina dhiaidh sin uile, Humana. Bhí muid ag íoc as Humana ach bhí an deductible chomh hard sin go raibh muid ag íoc as ár gcare as ár bpócaí. Bhí muid díreach thar éis fáil réidh le Humana agus rud níos fearr a fháil, ffs!

Agus bhí ardú ar phraghsanna anseo mar gheall ar pholasaíthe na nDaonlathaithe. Bhíodh $100-120 ar chuairt don seomra éigeandála go luath sna nóchaidí . Anois, tá $4,000+ air.

Ach chomh fada is atá na beinnies ag teacht amach as mo phóca do dhaoine leisciúla a cheapanns gur sclábhaíocht é aire a thabhairt dóibh féin agus gur sclábhaíocht é a bheith ag íoc astu féin, ní dóigh liom go mbeidh cúis ghearáin ar bith 'adsa agus ag do leithéid. Is deacair an rud é duitse an saol, nach ea?

Ar luaigh mé nach raibh na rescue inhalers ag obair chomh maith is a bhíodh i ndiaidh na reachtaíochta a chuir na Daonlaithe i bhfeidhm ina dtaobh? Is léir go bhfuil tú ar nós cuma liom faoi. Ach tá mé cinnte go bhfuil tú in ann a thuiscint cén fáth a bhfuil rud beag cantal orm féin faoi.

Is bean láidir mé agus is féidir liom aire a thabhairt dom féin agus do mo chlann. Ní theastíonn an Sóisialachas uaim. Ní chiallaíonn sé sin gur gealt mé. Ach má chreideann tú gurb é an Sóisialachas é a bheith ag tradáil go toilteanach lena chéile, bhuel, b'fhéidir go bhfuil coinne le dochtúir éigin uait féin.
« » 1 2 3 4 5 6 7
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!