« » 1 2 3 4 5 6 7
tabhair freagratabhair freagra #21 Concubhar 9 Iúil 2014, 17:59 GMT
Tá alt liom i Seachtain na seachtaine seo faoi chás Beo agus b'fhéidir nár mhiste libh é a léamh. A Mhairín, abair led chomhleacaithe i SF ar bhórd an Fhorais gan a bheith ag tacú le polasaí déine na h-institiúide nó is é sin agus tacaíocht uile phairtí do atá ag cur Beo agus An tUltach agus eile i mbaol! Cheap mise go mbead SF ina chara sa chúirt ar bhórd an fhorais - ba mhór an dul amú é sin!
tabhair freagratabhair freagra #22 Seán Ó Raghallaigh 9 Iúil 2014, 21:28 GMT
Táimse toilteanach €25 a íoc in aghaidh na bliana fosta. Ní fheicim, ámh, aon Vóta na Míosa ar an leathanach baile.
Seán Ó Raghallaigh
tabhair freagratabhair freagra #23 Seán Ó Raghallaigh 9 Iúil 2014, 21:30 GMT
Gabh mo leithscéal: tá an lch. baile aimsithe agam.
Seán Ó R
tabhair freagratabhair freagra #24 Siubhán 10 Iúil 2014, 14:46 GMT
Mise breá sásta mo €25 a íoc i dtreo an iris ghairimiúl seo. Luach iontach ar mo chuid airgid.
tabhair freagratabhair freagra #25 Colm Ó Tórna 10 Iúil 2014, 22:58 GMT
Cinnte,bheinn. Colm Ó Tórna.
tabhair freagratabhair freagra #26 Seanán Ó Coistín 11 Iúil 2014, 00:37 GMT
Bheinn sásta €25 a íoc. Is mian liom ailt a léamh go rialta.
tabhair freagratabhair freagra #27 April 11 Iúil 2014, 12:10 GMT
Is oth liom a rá nach mbeinn féin sásta íoc as Beo cé go mbím breá sásta íoc as seirbhísí agus earraí eile as Gaeilge. Fiú nuair atá siad níos daoire ná seirbhísí agus earraí as Bearla.

Is deacair domsa tacaíocht a thabhairt d'Air America na Gaeilge. Níl an chaighdeán sach ard dom.

Uimhir a haon, tá rudaí i gcló i mBeo gur léir nach bhfuil siad fíor agus iad gan cheartacháin mar is ceart don iris nó don bhlag ar bith.

Ach níos measa ná é sin, cuireann lucht Beo lucht na heite chlé a líon CnaG fadó i gcuimne dom. Bogshóisialaithe ab ea iad, sagairt cuid is mó acu, a d'éirigh i gceannas ar an bhfoilsíocht ag bunú an tSaorstát. Bhí siad ag iarradh á bhfoirme féin den Sóisialachas a shá síos scornacha na nGael agus muide a chosaint ó thagairt ar bith ar chúrsa collaí agus eolaíochta chun a bheith cinnte go mbeadh muid inár gCaitlicigh mhaithe. Ar ndóigh, thosaigh na Gael ag léamh na leabhar ar thaithnigh leo as Bearla. Sin é an fáth nach bhfuil faic le léamh as Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Agus is iris na heite chlé é Beo a raibh ag maireachtáil taobh amuigh den mhargadh ar airgead na n-íocóiri cánacha Bog -shóisialithe Puritanical ag scríobh don iris, seachas an uair seo, in áit an Chaitliceachais, tá Puritansim eile acu....Political Correctness.

Ní amháin go bhfuil Beo offensive mar gheall ar dhaoine ar nós Bearnaí Devlin ag déanamh ionsaí ar cheartacha bunúsacha, ach mar gheall ar stair na heite chlé i dtaobh na Gaeilge.

Nuair a bheas athrú ar an scéal, beidh mé sásta sintiús a ghlacadh. Go dtí sin, beidh mé ag léamh irisí agus blaganna as Bearla.

Leis an bhfírinne a rá, tá áthas orm gur chaill Beo an t-airgead. Cén fáth nach bhfuil muid in ann an airgid a chaitheamh ar cheadúnas chun na scannáin Harry Potter a chur ar DVD agus chun na leabhar uilig a aistriú?? Nó ar rud éigin eile mar sin? Nach mbeadh sé sin iontach do mo gharpháistí!
tabhair freagratabhair freagra #28 April 11 Iúil 2014, 12:15 GMT
DAS Chun tacaíochta a thabhairt don teanga, caithfidh muid $25 dollar gach mí ar leabhar agus scannáin eile in áit an tsíntúis.
tabhair freagratabhair freagra #29 Concubhar 11 Iúil 2014, 13:41 GMT
Beatha dhuine a thoil dá mba ghabháil a tóin sa loch. Ní aontaim le hApril. Tá súil agam nach seolfaidh SAM drón chun mé a mharú!
tabhair freagratabhair freagra #30 April 11 Iúil 2014, 14:07 GMT
Ná bíodh imní ort. Níl tú sach tábhachtach chun drón a sheoladh. Chuir an riarachán seo duine den IRS chugat.

Beidh Lois Lerner í féin ag do dhoras i gceann cupla huaire.
« » 1 2 3 4 5 6 7
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!