174
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Seo scéal as cnuasach nua gearrscéalta le Gabhán Ó Fachtna, Bás is Beatha ar an Bhóthar Chreagach.
»»»Tá scannail eile i saol na polaitíochta ar eolas ag Balor nach bhfuil pléite ag binse fiosraithe ar bith.
»»»Tá beagnach caoga bliain caite ag an scoláire Michael Krauss ag plé le teangacha bundúchasacha Alasca agus ba é a bhunaigh an Alaska Native Language Center ag tús na seachtóidí. In ainneoin na hoibre sin go léir, áfach, níl sé dóchasach go mairfidh aon cheann den 20 teanga mhionlaigh atá á labhairt sa stát faoi láthair agus measann sé nach bhfuil cúis dóchais ag cainteoirí Gaeilge ach oiread maidir lena dteanga siúd. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis an mhí seo caite faoi bhfuil i ndán do theangacha an domhain san aois seo, dar leis.
»»»Measann Diarmaid Mac Mathúna go n-aistreofar go leor post in earnáil na ríomhaireachta go tíortha mar an Ind sna blianta atá romhainn mura n-éiríonn linn costais a ísliú sa tír seo.
»»»Tá Philip King ar dhuine de na léiritheoirí teilifíse is rathúla agus is bisiúla in Éirinn agus tá cláracha déanta aige go dtí seo ar réaltaí móra de chuid an cheoil mar Daniel Lanois, Christy Moore agus Nigel Kennedy. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid sa Triskel Arts Centre i gCathair Chorcaí, áit a raibh sé féin agus a ghrúpa ceoil, Scullion, i mbun sraith cheolchoirmeacha a eagraíodh chun ceiliúradh a dhéanamh ar an mbanna a bheith tríocha bliain ar an bhfód.
»»»Chuir Diarmuid Johnson aithne ar choimhthíoch sa nGearmáin a tháinig aneas as an Afraic. Comhrá binse i bhfaiche ollscoile a thosaigh an cairdeas.
»»»Ní bhítear mar a theilgtear, ar chláir theilifíse ar aon chuma. Tá comhlachtaí scannáin Chalifornia go maith ag soláthar íomhá den saol meánscoile i SAM nach siúlann ar an bhfírinne dar le Brian Ó Broin.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag brath ciontach aimsir na Nollag.
»»»Téann imreoirí an chlub iomána a bhfuil Colm Mac Séalaigh bainteach leis i mbun traenála ag leathuair tar éis a sé ar maidin ach ní haon eiseacht iad - tá imreoirí ar fud na hÉireann sásta íobairtí móra a dhéanamh bliain i ndiaidh bliana chun caighdeán níos airde a bhaint amach.
»»»Tamall gairid ó shin, bhí an chuma ar an scéal go raibh an nuachtán [i]Lá Nua[/i] ar an dé deiridh. San alt seo, agus sa cheann ina dhiaidh, pléitear an ghéarchéim a ndeachaigh an nuachtán tríthi agus caitear súil ar an mhargadh deacair ina bhfuil sé ag feidhmiú. Sa chéad alt seo, pléann Máirtín Ó Muilleoir, foilsitheoir an nuachtáin, an plean ar thángthas air leis an fhoilseachán a tharrtháil.
»»»Míníonn Ciara Nic Gabhann roinnt de shaothar ilghnéitheach dealbhóireachta Éamoinn Uí Dhochartaigh a fuair bás ar na mallaibh.
»»»Mheas Tony Birtill go mbéarfaidh cuairt an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUigín ar Shasana, i mí Aibreáin seo chugainn, deis don dá rialtas roinnt athruithe a chur i gcrích.
»»»Ní bheadh a fhios ag duine cén tír aineoil i bhfad i gcéin as a dtáinig duine éicint de do shinsear. Chuir leabhar ar an ábhar iontas ar Robert McMillen.
»»»Dála go leor tíortha eile, tá Éirinn ag brath an iomarca ar an ola. Measann Uinsionn Mac Dubhghaill, áfach, go bhféadfadh an rialtas dul i ngleic leis an fhadhb seo go héasca.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.