CÚINNE NA nEALAÍON
Éamonn Ó Dochartaigh, Dealbhóir
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Míníonn Ciara Nic Gabhann roinnt de shaothar ilghnéitheach dealbhóireachta Éamoinn Dhochartaigh a fuair bás ar na mallaibh.

Íomhá
Dealbh ghaoithe le hÉamonn Ó Dochartaigh
Jaqian ar Flickr.com
Íomhá
Ar an Fhaiche Mhór i nGaillimh
le Jeremy, Lobháin na Beilge ar Vicipéid

Is le brón a fógraíodh an mhí seo caite go bhfuair an t-ealaíontóir iomráiteach, Éamonn Ó Dochartaigh bás i ndiaidh a bheith tinn seal fada le hailse.

Rugadh i nDoire Cholm Cille i 1939 é agus in ainneoin gur chaith tréimhse shuntasach shaol i mBaile Átha Cliath agus i Loch Garman, ba é Inis Eoghain fód a anama i dtólamh agus chaith cuid mhór ama ansin.

Oileadh ina ailtire é agus go luath i ndiaidh an chéim a bhaint amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath chuaigh go Harvard mar aoí-scoláire. Bhí ina léachtóir sinsearach le hailtireacht in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Claith agus chaith am ag léachtóireacht in Ollscoileanna Jordan agus Nebraska chomh maith leis an École Spéciale d’Architecture i bPáras. D’éirigh as an léachtóireacht i 2002 le díriú isteach go lánaimseartha ar a chuid ealaíne.

Ba é a chuid dealbhóireachta a thuill an clú is le linn a shaol oibre agus a shaothar le feiceáil fud fad na tíre chomh maith leis na Stáit Aontaithe agus Learpholl. Ba dhíol suntais an saothar poiblí a chruthaigh agus samplaí de le feiceáil sa chuimhneachán ar Shéamas Ó Conghaile agus An Crann Óir atá suite i gcroílár Bhaile Átha Claith, an dealbh a rinneadh do chomóradh 500 bliain na Gaillimhe ar an Fhaiche Mhór, an cuimhneachán ar an Drochshaol i Westchester, Nua-Eabhrac agus ar an imirce chun an Oileáin Úir i nDoire Cholm Cille.

Abhainn na Life: Anna Livia

Bhí ionraiceas agus substaint ag baint lena shaothar agus dheineadh tagairt go minic d’ábhair stairiúla agus cultúrtha ann. Ba é an dealbh Anna Livia anFloozie sa Jacuzzi’ mar a thug féin air, an píosa a tharraing aird an phobail i gcoitinne ar a chuid oibre. Cruthaíodh an spéirbhean seo, agus í sínte amach i linn uisce, le mílaois Bhaile Átha Cliath a cheiliúradh i 1988 agus bhí suite ar Shráid Chonaill. Bhí an suíomh féin rud beag conspóideach agus ba ghá an dealbh a bhogadh nuair a tháinig salach ar bheartais fhorbartha na sráide i 2001. Ar an dea-uair, áfach cuireadh i suíomh nua i mbliana é agus le feiceáil anois sa Croppy Acre Memorial Park ar bhruach na Life, os comhair Bheairic Choileáin.

Bhí Éamonn Ó Dochartaigh ina ghrianghrafadóir agus ina cheoltóir cumasach chomh maith agus bhí dúil mhór aige i gceol traidisiúnta. D’éirigh leis an rud a nascadh le chéile, nuair a chomhoibrigh ar an leabhar, ‘The Northern Fiddler’, leis an Ollamh Alan Feldman ó Ollscoil Nua-Eabhrac. cnuasach speisialta grianghrafanna a ghlac den fhidléir John Doherty agus cuid mhuintir chomh maith le roinnt pictiúr a tharraing féin sa leabhar.

Is beag baile mór cathair sa tír seo nach bhfuil rian lámh Éamonn Úi Dhochartaigh le feiceáil go soiléir is go suntasach ann. Níl aon dealbhóir inchurtha leis maidir le réimse agus éagsúlacht a shaothar dealbhóireachta atá le feiceáil ag an phobal ar fud na tíre.

Méala mór a bhás bhean chéile Barbara agus gclann, d’aos ealaíne agus do phobal na hÉireann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.