AR NA SAOLTA SEO
Roinn na Rúndachta
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Measann Breandán Delap go bhféadfadh Roinn na Gaeltachta a bheith níos oscailte ins an eolas a nochtaítear don phobal ...

Íomhá
An tAire Ó Duibhneacháin
(le Mossy Carey ar Flickr)
Íomhá
Edward Snowden ag glacadh le Gradaim Sam Adams i Moscó 2013
(le Wikileaks)
Íomhá
An Chartlann Náisiúnta, BÁC
(le Doyler79 ar Vicipéid)
Íomhá
An tIar-Thaoiseach John Bruton
(le World Affairs Council of Philadelphia ar Flickr)
Íomhá
An tAire Brendan Howlin TD i lár baill
(le Páirtí an Lucht Oibre ar Flickr)

There can be no faith in government if our highest offices are excused from scrutiny - they should be setting the example of transparency.

Ba cheart go mbeadh na focail úd ó Edward Snowden greannta i gcloich ar thairseach gach roinn rialtas in Éirinn ach faraor géar is go drogallach a scaoileann an státchóras eolas faoin phróiseas rialaithe sa tír seo. Tá scór bliain ann ó mhaígh an t-iar-Thaoiseach John Bruton go mbeifí ag rialú na tíre ‘trí phána gloine’ ach is iondúil ó mo thaithí féin go mbíonn na dallóga tarraingte ar an phróiseas chinnteoireachta.

Tóg mar shampla an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. I mí na Samhna seo caite rinne mé iarratas chucu faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ag lorg aon taifead a bhain leis an phróiseas chun deireadh a chur le marcanna bisigh (nó bónais) don Ghaeilge sa státsheirbhís agus leis an chóras úr a cuireadh ina áit. Ábhar mór conspóide ab ea an cinneadh sin i measc lucht labhartha na Gaeilge nuair a d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, i mí Dheireadh Fómhair, 2013 go rabhthas ag cur deireadh leis na pointí bisigh agus go gcuirfí cionmhéid i bhfeidhm feasta nuair a bheadh earcú á dhéanamh. Bheadh 6% d’earcaithe ar phainéal úr as a líonfaí folúntais do mheitheal Ghaeilge dá mbeadh éileamh ag na Ranna Rialtais orthu. ‘Coiscéim chun tosaigh agus péire ar gcúl’ a thug an Coimisinéir Teanga ar an ghníomh. Ach dúirt Aire na Gaeltachta, Dinny McGinley, gur teip iomlán a bhí sa seanscéim agus go mbeadh seirbhís Ghaeilge níos fearr ag an phobal anois mar go mbeadh Gaeilge ag 6% ar a laghad do státsheirbhísigh úra. Bhí an dá thuairim seo ag teacht salach ar a chéile agus bhí mé ag súil go léireodh cáipéisí na Roinne an smaointeoireacht agus an réasúnaíocht a bhain leis an chinneadh.

Laghad Líon a gComhad as Méid a Saothair

Ach dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta 88% de na cáipéisí a bhí acu faoin ábhar a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. As an 145 taifead a bhí i seilbh na Roinne agus a bhain leis an chinneadh, níor tugadh ach 18 ar láimh. Is beag tábhacht a bhaineann leis an ábhar a scaoileadh saor faoin Acht – teachtaireachtaí ríomhphoist faoi amannta cruinnithe srl. B’ionann an cás don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a shéan 79% dá gcuid cáipéisí orm. Mhaígh an Roinn sin nach raibh ach 19 taifead acu agus scaoileadh ceithre cinn acu sin saor. An bhféadfadh i ndáiríre go raibh a laghad sin taifead ag an Roinn a rinne an cinneadh ar an cheist chigilteach seo?

Bhí an dá fhreagra a fuair mé ón dá Roinn díreach mar an gcéanna, focal ar fhocal. Fo-alt (1) d’Alt 19 den Acht um Shaoráil Faisnéise a ba chúis le séanadh an státchóras gan ach 13% de na taifid a bhí ag dhá Roinn Rialtais a thabhairt dom. Tugann an fo-alt seo cosaint do thaifid Rialtais, cáipéisí a ullmhaíodh do bhall den Rialtas ar mhaithe le cruinniú Rialtais agus a bhfuil dlúthbhaint acu le cruinnithe Rialtais agus le cumarsáid idir beirt bhall den Rialtas. Caithfidh mé a rá gurb é seo an chéad uair gur diúltaíodh eolas den chineál a bhí á lorg agam a thabhairt dom faoin fho-alt áirithe sin. Thuigfinn go maith cad tuige nach dtabharfaí meamraim a ullmhaíodh do chruinniú rialtais dom ach sílim go bhfuil léamh an-chúng glactha ag an dá Roinn sa chás seo. Cad atá le ceilt sna cáipéisí seo nach féidir a nochtadh don phobal? Tar éis an tsaoil, tá an cinneadh déanta anois agus á chur i bhfeidhm faoi láthair.

Ar ndóigh, tá sé i gceist agam achomharc a dhéanamh chuig an Choimisinéir Faisnéise sa chás áirithe seo agus tá mé iontach dóchasach go rialófar ar mo shon.

Ag Sracadh in Aghaidh Moille

Níl mé dóchasach, áfach, go bhfaighfidh mé freagra gasta ón Oifig sin i bhfianaise na moilleadóireachta in achomharc atá déanta ag mo chomhghleacaí, Áine Lally, i leith eolas eile a dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta a thabhairt di faoin phróiseas cheapacháin do bhord nua Údarás na Gaeltachta. Tá sí ag lorg ainmneacha, seoltaí agus gairmeacha beatha na ndaoine a léirigh spéis i gcomhaltacht trí phróiseas poiblí a bhí á reáchtáil tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Sa bhreis ar sin, tá sí ag lorg ainmneacha an 34 duine a mhol Oifigigh na Roinne don Aire Stáit a bheadh fóirsteanach le bheith ina mbaill den bhord. Arís eile, tchítear domh gur ar leas an phobail atá sé go bhfoilseofaí na liostaí áirithe seo lena chinntiú gur ceapadh na daoine ba cháilithe a bhí ar fáil. Tá an t-achomharc seo curtha faoi bhráid an Choimisinéara Faisnéise le beagnach bliain anois agus gan aon mhíniú tugtha ar an mhoill a bhaineann le rialú a dhéanamh ina leith. A fhad is go bhfuil Oifig an Choimisinéara Faisnéise ag tarraingt na gcos i láimhseáil na n-achomharc, cén t-iontas má leanann comhlachtaí stáit ag glacadh léirmhíniú an-chúng ar an reachtaíocht.

Chonaic mé léiriú eile de shiléig Roinn na Gaeltachta ina gcuid dualgais i leith nochtadh faisnéise i mí na Nollag seo caite nuair a bhí mé ag obair sa Chartlann Náisiúnta ag scrúdú cáipéisí stáit a bhain le 30 bliain ó shin. Tá dualgas ar gach Roinn a gcuid taifid oifigiúla a aistriú go dtí an Chartlann roimh an 31 Nollaig gach bliain agus bíonn lánchead ag an phobal agus ag scoláirí éagsúla iad a léamh agus a úsáid ina gcuid taighde. Tugtar deis do na meáin chumarsáide na comhaid seo a scanadh i dtús mí na Nollag. Liosta le háireamh de chomhaid a scaoileadh i mbliana ó na ranna éagsúla ach ní raibh iomrá ar bith ar bhlúire eolais ó Roinn na Gaeltachta díomaite de chorrcheann a bhain leis an Choiste Logainmneacha. Ní mó ná sásta a bhí foireann na cartlainne faoi seo.

An ‘Chastacht’

Agus é ag freagairt ceisteanna i dTithe an Oireachtais ón Teachta Éamon Ó Cuív (FF) agus ón Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) ar an cheist seo, b’é an míniú a thug an tAire Jimmy Deenihan ar an mhoilleadóireacht ná gur Roinn úr atá faoina chúram atá comhdhéanta de fheidhmeanna ó ranna eile:

“cruthaíodh na taifid, atá le scaoileadh i mbliana, sular bunaíodh an Roinn agus fágann sin go bhfuil castacht ag baint leis an bpróiseas maidir le taifid a aithint agus a scaoileadh.”

Ar ndóigh ní hé an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an t-aon roinn stáit a ghlac le cúraimí nua le dornán blianta anuas agus is bocht an leithscéal é sin le droim láimhe a thabhairt dá gcuid dualgais reachtúla. Dúirt an tAire Deenihan go rabhthas leis na taifid a aistriú roimh dheireadh na bliana seo caite agus nach bhfuil aon riachtanas a leithéid a dhéanamh in am do réamhbhreathnú na meán. Bíodh sin mar atá, ach is minic go mbíonn an pobal ag brath ar iriseoirí agus ar thráchtairí le scagadh a dhéanamh ar na comhaid agus iad a chur ar an eolas faoina bhfuil iontu. Níor tharla sé sin i mbliana i gcás na gcomhad a bhain le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Má tá achan roinn eile in inmhe a gcuid cáipéisí a chur ar fáil do réamhbhreathnú na meán cad tuige nach mbeifí ag dréim leis an chleachtas céanna ó Roinn na Gaeltachta?

Léiríonn na trí shampla thuasluaite nach bhfuil Roinn na Gaeltachta chomh cuiditheach is a ba cheart dóibh a bheith, dar liom, i nochtadh faisnéise faoin phróiseas chinnteoireachta. Ach an bhfuil siad a dhath níos measa ná ranna rialtais eile ó thaobh eolas a scaoileadh leis an phobal? Ní shílim é. An bhfuil comhcheilg ar bun acu le heolas a cheilt ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi chinnidh thábhachtacha a bhaineann leo? Drochsheans.

É sin ráite, cé go bhfuil sé bliana déag ann ó achtaíodh an reachtaíocht ar Shaoráil Faisnéise, is léir nach bhfuil spiorad na hoscailteachta agus na trédhearcachta le sonrú ina gcuid cinneadh.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.