« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #2 AnFearGanAinm 4 Feabhra 2014, 11:42 GMT
Ní bheathaíonn na briathra na bráithre mar a deir an seannath - is furasta bheith ag caint faoi thrédhearcacht, rud eile ar fad é a chur i bhfeidhm mar a léirigh m.sh. an t-alt thuas.
tabhair freagratabhair freagra #3 Ruth 4 Feabhra 2014, 13:30 GMT
Is ionann le scar agus treascair é an polasaí atá á chur i bhfeidhm ag an státchóras ... lasmuigh is lastigh!
tabhair freagratabhair freagra #4 Páid Ó Donnchú 6 Feabhra 2014, 11:55 GMT
Tá an Roinn ag déanamh sár-jab ag cosaint na Gaeltachtaí mar is fearr leis an fíor-Ghael castacht agus rúndacht thar oscaillteacht agus trédhearcacht.
tabhair freagratabhair freagra #5 Éamonn Mac Niallais 6 Feabhra 2014, 14:30 GMT
Maith thú a Bhreandáin, coinnigh ort ag tochailt agus ag scríobh. Tá géarghá lena leitheid.
tabhair freagratabhair freagra #6 Feardorcha 7 Feabhra 2014, 16:16 GMT
Tá sé ráite agat. Tá taithí agam ar an Roinn sin ón taobh istigh agus is beag meas atá ann ar an nGaeltacht nó muintir na Gaeltachta, taobh amuigh d'fho-dhuine scaipthe. Ní haon chomhcheilg é, níl ann ach ná tuigeann státseirbhísigh ach an lámh láidir, faraor - is gá don ordú teacht síos staighre go bhfuil tosaíocht ag seo ar siúd. Fear deas é Dinny ach...
tabhair freagratabhair freagra #7 Donncha 9 Feabhra 2014, 11:57 GMT
"Cad atá le ceilt sna cáipéisí seo nach féidir a nochtadh don phobal?" Sin í an buncheist. Seans go bhfuil na cáipéisí seo á cheilt mar go léireoidís Roinn na Gaeltachta ag tacú leis an gcóras nua ceapacháin atá le cur i bhfeidhm ag Brendan Howlin.

Maidir le Roinn na Gaeltachta féin, caithfear an cheist a chur an ann dhó leis an nGaeilge mar teanga phobail sa Ghaeltacht a scaoleadh síos san uaigh go deas réidh? Más ea an é Dinny Mc Ginly an príomh eutanáiseoir sa gcás seo?

Sa Rúis in aimsir na Sóibhéide bhíodh eagras speisialta speisialta ag an stát ag déileál le Religiún, Comhairle Gnothaí Reiligiúnda nó an CRA, a tugadh air. Bunaíodh é i 1965. Is lena chinntiú go gcoinneofaí cúrsaí eaglasta faoi smacht, a bunaíodh é. Bhí cead ag na heaglais éagsúla oibriú faoi chead ón CRA. Ceapadh sa pholitburo nach raibh sa reiligiún ach cuid den seansaol agus nósmhaireacht ag seandaoine.
Braithim na laethanta seo, gurb é sin an ról atá ag an Roinn Ealaíon, Oidreachta is Gaeltachta i leith na Gaeilge, agus é mar aidhm ag an rialtas a chinntiú NACH n-éireoidh le aon stráitéis chun an Ghaeilge a shábhailt mar theanga pobail sa Ghaeltacht agus gur iarsma de shean saol atá inti, a imeoidh i léig do réir a chéile as féin.
tabhair freagratabhair freagra #8 Concubhar 11 Feabhra 2014, 10:06 GMT
Tá an chuma ar an scéal más fíor do thuairiscí go bhfuil proiseas den tsort céannna a baineadh feidhm as do roghnú bhórd an Údaráis á úsáíd do cheapadh an Choimisinéara Teanga. http:/​/​www.nuacht24.com/​nuacht/​dinny-chun-iarrthoir-le-teacht-i-gcomharbacht-ar-shean-o-cuirreain-a-mholadh-amarach/​comment-page-1/​#comment-8711
tabhair freagratabhair freagra #9 Páid Ó Donnchú 12 Feabhra 2014, 01:45 GMT
Ceist: Cén sórt duine a roghnófá Dinny agus Roinn na Gaeltachta chun a bheith ina Choimisinéir Teanga?
Freagra: An duine atá roghnaithe acu.
tabhair freagratabhair freagra #10 Páid Ó Donnchú 18 Feabhra 2014, 23:11 GMT
Mar thuilleadh eolais, seo'd é an chaoi an roghnófar Coimisinéir Teanga sa mBreatain Bheag http:/​/​www.legislation.gov.uk/​wsi/​2011/​1593/​made . Is fiú é seo a chuir i gcomparáid leis an chaoi ar roghnaigh Rónán Ó Domhnaill. (fear nach bhfuil aon fhadhb agam leis pearsanta)
tabhair freagratabhair freagra #11 Fearn 23 Feabhra 2014, 12:11 GMT
Molaim do streachadh in éadan an mhaorlathais, a Bhréandáin
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!