Beo! (freagraí ar: Roinn na Rúndachta) http://www.beo.ie/alt-roinn-na-rundachta.aspx#comments Measann Breandán Delap go bhféadfadh Roinn na Gaeltachta a bheith níos oscailte ins an eolas a nochtaítear don phobal ... ga Cóipcheart Oideas Gael. Sun, 23 Feb 2014 12:11:34 GMT http://www.beo.ie/logo.gif Beo! http://www.beo.ie/ Fearn http://www.beo.ie/alt-roinn-na-rundachta.aspx#comments Molaim do streachadh in éadan an mhaorlathais, a Bhréandáin
Tue, 18 Feb 2014 23:11:36 GMT Páid Ó Donnchú http://www.beo.ie/alt-roinn-na-rundachta.aspx#comments Ceist: Cén sórt duine a roghnófá Dinny agus Roinn na Gaeltachta chun a bheith ina Choimisinéir Teanga?
Freagra: An duine atá roghnaithe acu.
Tue, 11 Feb 2014 10:06:07 GMT Donncha http://www.beo.ie/alt-roinn-na-rundachta.aspx#comments "Cad atá le ceilt sna cáipéisí seo nach féidir a nochtadh don phobal?" Sin í an buncheist. Seans go bhfuil na cáipéisí seo á cheilt mar go léireoidís Roinn na Gaeltachta ag tacú leis an gcóras nua ceapacháin atá le cur i bhfeidhm ag Brendan Howlin.
Maidir le Roinn na Gaeltachta féin, caithfear an cheist a chur an ann dhó leis an nGaeilge mar teanga phobail sa Ghaeltacht a scaoleadh síos san uaigh go deas réidh? Más ea an é Dinny Mc Ginly an príomh eutanáiseoir sa gcás seo?
Sa Rúis in aimsir na Sóibhéide bhíodh eagras speisialta speisialta ag an stát ag déileál le Religiún, Comhairle Gnothaí Reiligiúnda nó an CRA, a tugadh air. Bunaíodh é i 1965. Is lena chinntiú go gcoinneofaí cúrsaí eaglasta faoi smacht, a bunaíodh é. Bhí cead ag na heaglais éagsúla oibriú faoi chead ón CRA. Ceapadh sa pholitburo nach raibh sa reiligiún ach cuid den seansaol agus nósmhaireacht ag seandaoine.
Braithim na laethanta seo, gurb é sin an ról atá ag an Roinn Ealaíon, Oidreachta is Gaeltachta i leith na Gaeilge, agus é mar aidhm ag an rialtas a chinntiú NACH n-éireoidh le aon stráitéis chun an Ghaeilge a shábhailt mar theanga pobail sa Ghaeltacht agus gur iarsma de shean saol atá inti, a imeoidh i léig do réir a chéile as féin.
Sun, 09 Feb 2014 11:57:47 GMT Feardorcha http://www.beo.ie/alt-roinn-na-rundachta.aspx#comments Tá sé ráite agat. Tá taithí agam ar an Roinn sin ón taobh istigh agus is beag meas atá ann ar an nGaeltacht nó muintir na Gaeltachta, taobh amuigh d'fho-dhuine scaipthe. Ní haon chomhcheilg é, níl ann ach ná tuigeann státseirbhísigh ach an lámh láidir, faraor - is gá don ordú teacht síos staighre go bhfuil tosaíocht ag seo ar siúd. Fear deas é Dinny ach...
Fri, 07 Feb 2014 16:16:08 GMT Éamonn Mac Niallais http://www.beo.ie/alt-roinn-na-rundachta.aspx#comments Maith thú a Bhreandáin, coinnigh ort ag tochailt agus ag scríobh. Tá géarghá lena leitheid.
Thu, 06 Feb 2014 14:30:08 GMT Páid Ó Donnchú http://www.beo.ie/alt-roinn-na-rundachta.aspx#comments Tá an Roinn ag déanamh sár-jab ag cosaint na Gaeltachtaí mar is fearr leis an fíor-Ghael castacht agus rúndacht thar oscaillteacht agus trédhearcacht.
Thu, 06 Feb 2014 11:55:04 GMT Ruth http://www.beo.ie/alt-roinn-na-rundachta.aspx#comments Is ionann le scar agus treascair é an polasaí atá á chur i bhfeidhm ag an státchóras ... lasmuigh is lastigh!
Tue, 04 Feb 2014 13:30:37 GMT AnFearGanAinm http://www.beo.ie/alt-roinn-na-rundachta.aspx#comments Ní bheathaíonn na briathra na bráithre mar a deir an seannath - is furasta bheith ag caint faoi thrédhearcacht, rud eile ar fad é a chur i bhfeidhm mar a léirigh m.sh. an t-alt thuas.
Tue, 04 Feb 2014 11:42:54 GMT S Ní C http://www.beo.ie/alt-roinn-na-rundachta.aspx#comments Easpa éifeachta, easpa stiúir, easpa gnímh. Sin iad na trí nithe is suntasaí faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Bhíos i láthair ag cruinniú poiblí i gConamara aréir agus bhí chuile dhuine ar aon fhocal faoin bpraiseach atá ar fud na miasa. Aire nua ag teastáil cheapfhainn
Tue, 04 Feb 2014 11:26:00 GMT