CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Rialacha iomarcacha na n-aerlínte
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

cosc ar go leor gléasanna leictreonacha ar eitleáin faoi láthair, gutháin shoghluaiste san áireamh, ach d’fhéadfadh athrú a theacht ar an scéal sin sna blianta atá amach romhainn. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

ar an mbus - beidh ann i gceann cúig nóiméad. Ok, slán go fóill.” Arís agus arís eile bíonn an chaint sin le cloisteáil ó dhaoine ag labhairt go hard ar ghutháin shoghluaiste agus iad ag taisteal ar bhusanna. Ar a laghad ligtear don rud céanna tarlú ar eitleáin - go fóill.

Dar le taighde nua de chuid an chomhlachta Airbus, ba chóir go mbeadh indéanta do phaisinéirí ar eitleáin gutháin shoghluaiste a úsáid faoin mbliain 2006. Ach an gciallaíonn sin go mbeidh muid cráite ag freagraí nua ar nós: “No, ar eitleán”?

Na laethanta seo, is beag rud atá ceadaithe ar eitleáin. hamháin gur do dhaoine a lanna rásúir a fhágáil sa bhaile a chaitheamh amach ag an aerfort, ach go leor amhrais á chaitheamh ar threalamh leictreonach go ginearálta. Is ríomhairí glúine a chur trí phróiseas slándála speisialta san aerfort, agus cinntítear nach bhfuil aon rud faoi cheilt laistigh de ghutháin shoghluaiste le scanóirí x-ghathacha. Agus ansin, nuair a bhaintear an t-eitleán féin amach faoi dheireadh, caitear a chinntiú nach gcuireann na gléasanna sin isteach ar an trealamh leictreonach loingseoireachta agus cumarsáide san eitleán.

Ar ndóigh, an tslí is éasca lena chinntiú nach gcruthóidh na gléasanna fadhb ar bith iad a mhúchadh. Is liosta le háireamh an trealamh a bhfuil srianta faoi leith ag baint leis, ar eitleáin Aer Lingus mar shampla. Ina n-iris paisinéara, Cara, leathanach iomlán curtha ar leataobh chun comhairle a thabhairt do dhaoine faoifhearas iniompartha leictreonachmar a thugann siad air. (Agus is deas a fheiceáil go bhfuil leagan Gaeilge de na treoracha sin ar leathanach dlúth a thugann le chéile níos téarmaí nua teicniúla Gaeilge leathanach i bhfoclóir téarmaíochta.)

Dar leis na treoracha sin, rannóga éagsúla de threalamh iniompartha leictreonach ann - agus tugtar aird faoi leith ar na gutháin: “Caithfear gutháin ghluaisteacha a mhúchadh nuair a dhúntar doirse an eitleáin nuair a ordaíonn an fhoireann cábáin amhlaidh. cead gutháin ghluaisteacha a úsáid tar éis tuirlingthe, nuair atá an t-eitleán san áit pháirceála, na hinnill curtha as agus na doirse ar oscailt.”

Ceart go leor mar sin, ach cad faoi ríomhairí glúine? Bhuel, siad sin sa chatagóir seo a leanas: “Gléasanna atá ceadaithe le linn na heitilte ach a bhfuil cosc orthu nuair atá an t-eitleán ag gluaiseacht ar thalamh, ag éirí de thalamh, ag druidim le ceann scríbe ag tuirlingt.” Trealamh eile atá sa rannóg seo : “Eagraithe pearsanta boise. Áireamhán láimhe gan phrintéirí. Clostrealamh iniompartha (m.s. Walkman, seinnteoir CD, seinnteoir Mini-disk, iPod, seinnteoir MP3). Físcheamaraí agus fístaifeadáin, trealamh digiteach san áireamh. Ceamaraí digiteacha. Glacadóirí láimhe do chóras suite domhanda (GPS).” féidir a nach bhfuil an liosta sin suas chun dáta!

Agus ansin na gléasanna is measa ar fad - cinn a bhfuilcosc iomlán orthu”. Ina measc siúd : “Trealamh ríomhaire gan sreang (m.s. luch). Printéirí PC. Scríbhneoirí DVD, CD agus taifeadáin. Mini-disk *atá sa mhodh taifeadta. Glacadóirí teilifíse. GléasannaBluetooth agus gléasanna a úsáideann teicneolaíochtBlackberry’. cheadaítear fearas LAN gan sreang (WLAN). Is féidir ríomhairí glúine a bhfuil WLAN insuite acu (m.s. *Centrino) a úsáid le linn na heitilte ar an gcoinníoll go bhfuil WLAN curtha as agus faoi réir na srianta a bhaineann le húsáid ríomhairí glúine.”

Ar a laghad roinnt gléasanna ann atá ceadaithe i gcónaí, mar shampla, “uaireadóirí leictreachaagusgléasanna á dtiomáint le grianchealla”. Ach cuma beagáinín iomarcach ar na rialacha ar fad atá i bhfeidhm. Is beag rud atá i gcoiteann ag an trealamh i liosta Aer Lingus, agus an chuma air go bhfuil siad den tuairim gur fearr aon ghléas nua nach bhfuil tástáilte go hiomlán a sheachaint más féidir.

Is dea-chomhartha é go bhfuil na déantóirí eitleán ar nós Airbus ag déanamh a gcuid taighde féin chun a chinntiú go díreach cén saghas trealaimh atá dainséarach agus cén saghas nach bhfuil. Ach b’fhéidir gur chóir dúinn ar fad a bheith buíoch go bhfuil áit éigin ann fós gur féidir linn faoiseamh áirithe a fháil ó theicneolaíocht cumarsáide na linne seo.

Is léiritheoir é Diarmaid Mac Mathúna sa rannóg chorparáideach in Agtel (www.agtel.ie), comhlacht neamhspleách teilifíse atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bíonn ag obair ar fhíseáin, tionscadail DVD agus suímh ghréasáin do raon leathan eagraíochtaí agus baint aige leis an tsraith teilifíseAn Tuath Nuafreisin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.