AR NA SAOLTA SEO
Níl an Iriseoireacht Éasca
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Maraítear iad nó bagraítear a leithéid orthu, ach coinníonn siad orthu ar son na cúise. Ní ceird í an iriseoireacht a réiteodh le gach éinne, Ach is ceird í a thuigeann Robert McMillen.

Íomhá
Allison Morris
Íomhá
Ceardchumann na nIriseoirí in aghaidh ciorruithe 10
(le William Murphy, Infomatique ar Flickr)
Íomhá
Michael Hastings, nach maireann, ag cóisir bhuachana Obama anuraidh
(le John Santore ar Vicipéid)
Íomhá
Ceardchumann na nIriseoirí ag léirsiú 09
(le lusciousblopster ar Flickr)

Go dti seo, tá 36 iriseoir maraithe ar fud na cruinne agus iad i mbun a gcuid oibre i 2013. Maraíodh 20 eile ach ní fios go cinnte ar bhain na maraithe lena gcuid saothair. An duine deireanach, Abdel Raouf de chuid Al-Ahram, scaoil saighdiúrí sa chloigeann é ag ionad seiceála in Beheira san Eigipt i ndiaidh dó síob a thabhairt d’iriseoirí eile. An duine deireanach sa charr le Raouf, iriseoir eile darb ainm Hamid al-Barbary, gortaíodh eisean ach gabhadh é i ndiaidh cúpla lá agus scaoileadh ar na saighdiúirí curtha síos dó.

Bunús na n-iriseoirí a maraíodh i mbliana, sa tSiria a maraíodh iad (17); An Éigipt (6) agus An Phacastáin (4) ina dhiaidh. Tá sé d’ádh orainn ó thuaidh nár maraíodh ach iriseoir amháin - dá uafásaí marú Martin O Hagan - i mí Meán Fómhair 2001.

Ní hionann sin is a rá nach raibh agus nach bhfuil contúirt i gcónaí ann do dhaoine, arb é a ndualgas, fírinne ceilte éigin a chur faoi bhráid an phobail. Agus tá an chontúirt sin ag dul i méid mar a léirigh agóid na brataí le deireannas.

Bagairt nó Níos Measa

Le linn sheimineár ar an iriseoireacht iniúchach, duirt Allison Morris ón Irish News gur bagraiodh ar gach iriseoir dá bhfuil aithne aici orthu le linn na n-agóidí agus roimhe, ag an uile dhream.

“Oíche amháin, b’éigean don ghrianghrafadóir a bhí liom u-casadh ar ardluas a dhéanamh ar Bhóthar Dhún na nGall agus drong léirseoirí ag rith inár n-airricis,” arsa Allison, a fuair bagairt bháis ón UVF ar na mallaibh.

“Is aisteach é ach is iad na scéalta is neamhchonspóidí amuigh, dar leat, na scéalta is mó a chuireann isteach orthu. Mar shampla, scríobh mé scéal nuachta faoi ionsaí ar chailín óg Caitliceach i gclub ólacháin dílseach ar Bhóthar Dhún na nGalll.

“Cúpla lá ina dhiaidh, tháinig na péas chun na hoifige le hinse dom go raibh mé i gcontúirt mo bháis ón UVF agus cúpla lá ina dhiaidh sin arís, fuair mé cárta comhbhróin agus suaitheantas an UVF air. Ach ní féidir rud ar bith a dhéanamh faoi sin. Caitheann tú dul sa seans,” ar si.

deacracht úr ag iriseoirí atá ag plé le cúrsaí polaitíochta/pobail/paraimíliteach/slándála. Le linn na dTrioblóidí, bhí bealach ann le heolas a fháil. Bhí aithne ag na hiriseoirí ar na daoine “cearta” le dul chucu le cúlra údarásach scéil a fháil - dúnmharú, troid inmheánach, amhrasáin nó dearcadh na bparaimíliteach ar chúrsaí polaitíochta, mar shampla - bíodh siad ina bpoblachtánaithe nó ina ndílseoirí nó mar bhaill de na fórsaí slándála.

Ach inniu, tá dreamanna dílseoirí/aontachtaithe briste ina smidiríní agus is doiligh oibriú amach cé tá tábhachtach, cé tá ag inse na fírinne. Agus tá urlabhraithe na ndílseoirí ach go háirithe thar a bheith balbh (inarticulate) dar le Allison. Nuair a chuireann tú ceist orthu, cad chuige a bhfuil siad ag léirsiú, ní bhíonn siad in ann freagair a thabhart duit. Cuireann an teip seo fearg orthu agus dírionn siad an fhearg sin ar iriseoirí,” ar sí.

Sonraí an Detail

Suíomh iniúchach idirlín atá in The Detail a bhfuil sé mar aidhm aige “caighdeáin na hiriseoireachta iniúchaí a ardú.” Tá sé maoinithe ag comhlacht Chuck Feeney, Atlantic Philanthropies. Tá sé de bhuntáiste ag The Detail go dtig leis míonna a ghlacadh le míreanna mearaí scéil a fhiosrú ó bhun go barrr agus iad a chur le chéile gan teorainneacha ar líon na bhfocal. Níl an tsaoirse sin ag lucht nuachtáin a mbíonn teorainneacha ama agus spáis acu. Mar gheall ar struchtúr na nuachtán clóite, is éigean scéal a inse i líon áirithe focal, 400-500 focal go minic.

Cionn is gur ghearr an Feidhmeannas ó thuaidh siar ar líon na bhfógraí stáit a bheadh sna nuachtáin, thráigh tobar luachmhar ioncaim, mar sin níl na hacmhainni airgid ag na nuachtáin infheistíocht a dhéanamh san iriseoireacht iniúchach, gné atá an-chostach ó thaobh airgid agus ama de. Níl sé ar a gcumas, fágaim, iriseoir a chur chuig cás cúirte a mhairfeadh ceithre seachtaini nó iad a chur thar sáile, bíodh siad sa tóir ar scéal caimiléireachta nó ar chluiche sacair. Tá an iriseoireacht iniúchach ag éirú níos deacra agus níos deacra mar gheall ar na ciorruithe seo.

Tá sé níos deacra fiú agus an tAcht um Saoradh Faisnéise ann. Cinnte, tá sé níos éascaí teacht ar cháipéisí oifigiúla agus tá sé sin thar a bheith úsáideach ach deir Barry Mc Caffrey ón Detail go mbionn ranna stáit ag baint mí-úsáide as an Acht le scéalta a chaitheann drochamhras orthu a choinneáil ceilte.

“Deir siad go gcosnódh sé barraiocht airgid leis an cheist a fhreagairt nó go nglacfadh sé barraiocht ama agus sin an choimhlint atá ar bun againn ar bhonn laethuil.

“Ní amháin go bhfuil an t-iompar seo ár gcoinneáil siar ach is uirlis í leis an phobal a choinneáil sa dorchadas chomh maith. Ach tá sé seo fíor, ní hamháin i réimse na dTrioblóidí ach sna réimsí sláinte agus oideachais chomh maith.”

The Detail maoinithe ag Atlantic Philanthropies ach an mairfidh an maoiniú sin go deo na ndeor? Tá na nuachtáin thraidisiúnta ag cailleadh léitheoirí lá i ndiaidh lae.

Díobháil foirne, díobháil ama, díobháil maoinithe, an bhfuil todhchai ar bith ag an iriseoireacht iniúchach ó thuaidh?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.