CÚRSAÍ SPÓIRT
Lá i nDialann an Chlub
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

‘Bliain leat is bliain i do choinne.’ Tuigeann Colm Mac Séalaigh go gcaithfidh foireann agus a gcúltaca sa gclub an bua a bhlaiseadh ó am go chéile lena gcoinneáil misnithe.

Íomhá
Craobh na gClub anuraidh
le TG4
Íomhá
A ndícheall déanta dá gclub
lá a raibh an aimsir cineálta
Íomhá
Am sosa
Íomhá
Sáraithe spíonta
Íomhá
Dícheall déanta

Dé Domhnaigh 12 Meitheamh. Tugann an geimhreadh cuairt orainn. Maidin ghránna, fhliuch. Báisteach throm, leanúnach á tiomáint ag gaoth láidir, fhuar. Lár an tsamhraidh agus tá an lá séidte!

Imreoirí agus lucht bainistíochta tagtha le chéile ag 10.00 r.n. ag an gclubtheach faoi mar a socraíodh. Cluiche craoibhe iomána sa ghrád Sóisear A i gcoinne Oileán Éireann as taobh thuaidh na cathrach le himirt. Amhras orainn an mbeidh siad róláidir dúinn toisc go bhfuil dhá chluiche craoibhe buaite acu agus gan aon cheann buaite againn féin. Uair na cinniúna buailte linn maidir le craobhchomórtas na bliana seo.

Tá an fhoireann againne faoi strus, gan aon chluiche buaite ó thús na bliana. Athrú mór ón mbliain roimhe nuair a buadh gach cluiche geall leis. D’fhéadfadh an bhliain seo a bheith ina tubaiste áfach mura dtagann athrú. Imreoirí gortaithe agus imreoirí eile imithe in áiteanna ar fud an domhain faoi deara an tsáinn ina bhfuilimid. Níl milleán orthu siúd atá bailithe leo i mbun oibre nó ag cuardach eachtraíochta – cuid de shaol na linne seo é – ach ní chuidíonn sé leis an bhfoireann a choinneáil beo.

Tagann na himreoirí le chéile, naonúr déag acu a bhfuil cúigear mionúr ina measc – fir óga, mhaithe iad seo, tréithe fiúntacha iontu, dearcadh maith i leith na traenála agus na himeartha, iad dearfach agus cur chuige iontu ach ní i gcónaí a bhíonn toradh láithreach ar na tréithe maithe sin. Teastaíonn sciorta den ádh go minic chun an toradh atá riachtanach ó fhoireann a ghnóthú. Tá cuid againn fliuch báite cheana féin – b’éigean eangacha a chrochadh ar na cúil agus brait a chur timpeall na páirce. Ag 10.30 r.n. tá gach duine réidh le dul amach, ach socraímid fanacht cúig nóiméad eile toisc go bhfuil sé ag doirteadh báistí taobh amuigh.

An Chóir Ghaoithe

Labhraíonn cuid de na himreoirí agus an bhainistíocht faoi thábhacht an chluiche don fhoireann agus faoin iarracht is gá do gach duine a dhéanamh. An té atá roghnaithe mar leath-thaca láir, tá sé buartha toisc nach bhfuil taithí aige ar imirt san ionad sin. Comhairlítear dó fanacht sa lár agus gan taisteal i dtreo na dtaobhanna nó lár na páirce fiú amháin má dhéanann a chéile comhraic é sin. Deirtear leis gur dóigh go dtiocfaidh an sliotar chuige má fhanann sé gar dá ionad féin i gcónaí agus má tharlaíonn sin go mbeidh sé in ann an sliotar a chur suas an pháirc go dtí na tosaithe. Oibreoidh ár bplean go seoigh agus go paiteanta le linn an chluiche.

10.35 r.n. agus amach le gach duine ar an bpáirc. Déantar an réamhullmhúchán mar is gnáth - sliotair anonn is anall idir imreoirí, imreoirí anonn is anall ag bualadh an tsliotair ó dhuine go duine, síneadh agus searradh na matán agus mar sin de. Gach duine ag éirí fliuch ag an am céanna. Cótaí, caipíní agus brístí báistí ar chuid againn ach ní choinníonn siad an fliuchras amach. Braithim an t-uisce ag dul síos mo dhroim taobh istigh de mo léine. Plé faoi chóir na gaoithe: cén treo is fearr a imirt sa chéad leath, le cóir na gaoithe nó ina coinne. An dá thuairim á nochtadh mar a bhíonn i gcónaí ach is cuma faoi an uair seo mar gurb iad an freasúra a ghnóthaíonn an caitheamh agus roghnaíonn siad imirt i gcoinne na gaoithe.

11.00 r.n. agus an sliotar caite isteach ag an réiteoir. Tionchar na gaoithe le brath ar an imirt láithreach. Téimid ar an ionsaí arís is arís eile ach cuirtear an sliotar ar fóraoil rómhinic. Cúilín amháin aimsithe tar éis deich nóiméad - ábhar imní é sin dúinne ar an taobhlíne. Cúilín don fhreasúra. Ionsaí eile againn. Cúl. Roinnt cúilíní scóráilte ina dhiaidh sin, ach de bharr neart na gaoithe braithimid go dteastaíonn tuilleadh roimh leath ama. Deiseanna ar chúl nó dhó eile curtha amú. Tarlaíonn tubaiste díreach roimh leath ama: bronntar poc éirice ar an bhfreasúra as calaois a dhéanann duine dár gcosantóirí. Báitear an sliotar san eangach agus anois níl ach cúig cúilín farasbarr againn agus beidh gaoth agus báisteach inár gcoinne sa dara leath.

Leath Ama

Ina ainneoin sin uile, tá an chaint ag leath ama dearfach. Tá misneach agus muinín ag na himreoirí agus iad meáite ar a ndícheall a dhéanamh agus aimsiú na scór a dhéanamh chomh deacair agus is féidir don fhreasúra.

Tosaíonn an dara leath agus tagann an fhoireann againne faoi bhrú láidir, leanúnach ón bhfreasúra. Ach tá ár gcosaint láidir, diongbháilte agus níos mó ná sciorta den ádh againn ó am go ham. Fanann an scór ar 1-6 i gcoinne 1-2 ar feadh achar fada. Ansin, cúilín dúinne ó phoc saor agus ceann eile go luath ina dhiaidh. Na himreoirí againne, ar fud na páirce, ag cur chuige le misneach, scil (in ainneoin na báistí agus na gaoithe) agus le díocas. An freasúra ag déanamh tréaniarrachta freisin ach a gcuid iarrachtaí sin os comhair an chúil againne lochtach mar gheall ar bhrú ár gcuid tacaithe.

Agus deich nóiméad fanta sa chluiche an scór ag 1-8 1-3, ach gortaítear an fear lántaca agus caithfidh sé imeacht den pháirc. Tá an lántaca clé ar an taobh líne cheana féin. Beirt mhionúr eile isteach ar an bpáirc mar ionadaithe agus is maith ann iad agus a bhfuil d’fhuinneamh agus de dhíocas na hóige iontu. Ansin, go tobann tarlaíonn gluaiseacht sciobtha suas an pháirc i dtreo chúl an fhreasúra. Spás cruthaithe do na tosaithe againne mar go raibh an freasúra go dtí sin ag ionsaí an chúil againne ar thóir na gcúl. An sliotar ag ár leath-thosaí lair agus bánn sé in eangach an fhreasúra é. 2-8 in aghaidh 1-3 an scór anois.

Mar is Cóir a Bheith

Ní féidir a rá go bhfuilimid slán mar go ndeir an réiteoir go bhfuil ocht nóiméad am imeartha fanta. Níl deireadh leis an gcluiche seo fós. A dhiabhail! An freasúra i gcónaí ag cur brú agus ag ionsaí agus ag iarraidh cúil a aimsiú mar go bhfuil na cúilíní gann. Níl ag éirí leo. Tá an fhoireann againne daingean agus láidir ar nós buíon chalma, chróga nach ngéillfidh. Séideann an réiteoir a fheadóg. An bua againn. Ríméad ar gach duine. Áthas agus faoiseamh. Is cuma anois faoi bheith fliuch, báite agus caillte leis an bhfuacht. Is linne an lá. Dé Domhnaigh 12 Meitheamh - cuir eang sa maide mullaigh.

Níos déanaí an lá sin bhí beochraoladh an chluiche shinsearaigh idir Port Láirge agus Luimneach ar an teilifís. Cluiche iontach, an dara leath go háirithe, ach ar bhealach éigin dá mbeifeá i láthair ní chuirfeá é in aice leis an gcluiche craoibhe iomána i ngrád na sóisear idir Naomh Eoin Baile an tSaoir agus Oileán Éireann a imríodh níos luaithe an lá céanna. Is mar sin is cóir an spórt a bheith.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.