TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAELTACHT BHEO
Corca Dhuibhne
Bosco Ó Conchúir Bosco Ó Conchúir

Tabharfaidh Beo cuairt ar Ghaeltacht faoi leith gach mí. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Bosco Ó Conchúir ar a cheantar dúchais féin, Corca Dhuibhne i gCiarraí.

Íomhá

Is leithinis í Corca Dhuibhne atá ag gobadh siar amach san Aigéan Atlantach in iarthar Chiarraí. Síneann sí, ar feadh daichead míle, ó Ghleann na nGealt go Dún Chaoin agus thairis sin siar go dtí na Blaoscaodaí.

Síneann Cnoc Bhréanainn, an dara sliabh is airde in Éirinn, 3127 troigh chun na spéire. Ta an leithinis lán le hardáin is ísleáin, gleannta is machairí, cuanta is góilíní, tránna is faillteacha is oileáin. Iad go léir aoibhinn, álainn, taibhseach faoi loinnir na gréine nó, fiú, faoin bhfearthainn bhog bhraonach.

Is é Daingean Uí Chúis (nó An Daingean) príomhbhaile na leithinise. Baile meánaoiseach é, baile margaidh, baile iascaigh, baile turasóireachta, baile ‘Fungi’. Fobhailte eile na leithinise iad Abha na Scáil agus Lios Póil laistoir; Caisleán an Ghriaire agus An Clochán lastuaidh; Ceann Trá, Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh, An Mhuiríoch agus An Fheothanach laistiar.

Is de shliocht agus de shíol an bhandé Duibhne (Dovinia) - ainm atá greanta ar chlocha oghaim na leithinise - iad muintir Chorca Dhuibhne. Muintir ársa, sheanda iad, a bhfuil fuil déithe iontu - Mór is Mis, Daghda is Crom Dubh. Tá a seanáitribh fós le feiceáil go hiomadúil mar a bhfuil cathracha is dúnta, liosanna, ráthanna, clocháin, is galláin.

Corca Dhuibhne - tearmann na ndíthreabhach is na manach is na luath-Chríostaíochta; Riasc, Cill Mhic an Domhnaigh, Gallarus, Cill Seanaigh; dúthaigh Bhréanainn, Mhaolcéadair, Chuáin, Ghobnait is Mhanacháin.

lorg na nDanar ar an leithinis agus tionchar láidir na Normannach - Le Fireter, Le Hore, de More, de Geraldyn - le brath sna sloinnte, chomh maith le tionchar na Sasanach.

Pobal ársa atá fuinte, thar na blianta, as taos saibhir iad pobal na leithinise. Tá siad múnlaithe ar inneoin chrua na staire agus tá siad tréitheach, cumasach ar páirc nó ar pár: Tomás Ó Criomhtainn, Piaras Feirtéar, Pádraig Ó Fiannachta, Eibhlín Ní Mhurchú, Maidhc Dainín Ó Sé, Páidí Ó Sé, Tom Crean, Jerome O’Connor, Seosamh Ó Dálaigh, Paddy Bán Ó Brosnacháin, Peig Sayers, Diarmuid Ó Duibhne.

Is pobal nua-aoiseach muiníneach iad atá ag glacadh go fonnmhar leis an ndúshlán saol tairbheach, fiúntach a mhúnlú dóibh féin is dá gclann. Tá siad ag glacadh freagrachta as forbairt agus saibhriú a gceantair féin. Tá gach saghas coiste, cumann, agus eagras ag feidhmiú san áit agus iad gníomhach i mbun oibre agus críochnúil i mbun beartais.

Is pobal ceolmhar, duanach iad - muintir Uí Bheaglaíoch; Dingle Fife and Drum Band; na Dreoilíní; comórtais amhránaíochta sean-nóis; seiteanna; oireachtais is feiseanna agus ceol sna tithe tabhairne. Corca Dhuibhne an cheoil, na rann is na n-amhrán!

Tá Gaelainn le clos ar bhéalaibh daoine ar fud na leithinise, go mór mhór laistiar den Daingean. Ach tá rogha le déanamh ag an bpobal maidir leis an oidhreacht luachmhar shainiúil seo a bhuanú sa leithinis nó déanamh dá ceal.

Is ionad saoire den scoth é Corca Dhuibhne - rogha gach n-aon de lóistín ann, radharcanna áille, siúlóidí taitneamhacha, bianna blasta mara, tithe tábhairne mealltacha agus daoine muinteartha, cabhracha. Ar saoire dhuit, seas ar Bhinn Dhiarmada agus feic dul faoi glórmhar na gréine; seas ag Ceann Sratha agus cífir an Bhrasaoil; seas ar Bharr Chnoc Bhréanainn agus cífir, siar ó dheas uait ag íor na spéire, An Tír Tairngire.

flaithis go Corca Dhuibhne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.