CÚRSAÍ SPÓIRT
Athruithe á ndéanamh ar rialacha na gcluichí Gaelacha
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Déanann Colm Mac Séalaigh na hathruithe ar rialacha na gcluichí Gaelacha atá beartaithe don bhliain úr a mheas.

Íomhá
Íomhá

Fógraíodh roimh an Nollaig go raibh sé i gceist ag Cumann Lúthchleas Gael (CLG) athruithe áirithe ar rialacha na peile agus na hiomána a chur ar a dtriail agus é sin a dhéanamh le linn na gcomórtas luathbhliana ar nós Chorn Uí Bhroin agus na Sraithe Náisiúnta peile agus iomána.

Is gearr go mbeidh na hathruithe sin ag teacht i bhfeidhm agus beidh sé suimiúil a fheiceáil cén difríocht a dhéanfaidh siad do chaighdeán agus do ghluaiseacht na gcluichí.

I gcomhthéacs na hiomána, caithfidh mé a admháil go bhfuil roinnt díomá orm nár bheartaigh an grúpa staidéir ach moladh beag amháin a dhéanamh agus is é sin go dtuillfeadh poc sleasa a chuirfí thar an trasnán gan cúnamh breise ó éinne den fhoireann chéanna cúilín breise. Nílim cinnte an aontaím leis an smaoineamh seo sa chéad áit. Tar éis an tsaoil, cé gur scil an-deacair é, is poc *saor *é. Tá sé níos deacra scóráil ón imirt, go háirithe má tá duine nó beirt den fhreasúra ag brú isteach ort, ag tarraingt do gheansaí nó do do lascadh le camán. Is túisce a bhronnfainn an cúilín breise ar an imreoir a aimsíonn an scór faoi na cúinsí sin ná i gcás poc saor ón talamh.

Cuireann an moladh seo faoin gcúilín breise don phoc sleasa cluiche craoibhe scoile i gcuimhne dom a raibh m’fhoireann féin ag imirt ann. Faoi dhó sa chraobh sin d’aimsigh imreoir den fhreasúra cúilín ó phoc sleasa agus buadh ar an bhfoireann s’againne le cúilín amháin. Ach bhí conspóid faoi cheann de chinntí an mhaoir líne. Sin í an fhadhb lena leithéid d’athrú rialach ag leibhéal club agus scoile. Bheadh sé deacair bheith ag súil go ndéanfadh maor line ó chlub nó scoil atá páirteach sa chluiche an cinneadh ceart i gcás poc sleasa má tá seans ar dhá chúilín ón bpoc “saor” céanna. Bíonn go leor argóintí ann faoi mar atá sé. Creidim nach bhfuil sé i gceist na hathruithe a chur i bhfeidhm i gcluichí na gclub ar an ábhar áirithe sin. Dá bhrí sin, b’fhéidir nach cóir go mbeadh siad ann ar chor ar bith.

Taobh amuigh de sin ar fad, tá beagán díomá orm nár smaoinigh baill an ghrúpa iomána, Nicky Brennan, Anthony Daly, George O’Connor, Eoin Kelly, Henry Shevlin agus Aodán Mac Suibhne, ar aon seift eile a chuirfeadh le stádas agus le tarraingt agus le saorghluaiseacht na hiomána mar chluiche. Níl a fhios agam ar phléigh siad nithe eile ach is cosúil go bhfuil siad lánsásta le caighdeán na hiomána mar atá.

Ach, fiú má tá siad sásta, sílim gurbh fhiú athruithe áirithe a thriail ós rud é go bhfuil an seans ar fáil chuige. Mura n-éireodh leo nár chuma - bheadh a fhios againn ansin gurb é an córas atá ann an córas is fearr.

Bheadh suim agam féin triail a bhaint as roinnt nithe difriúla ar nós a leithéidí seo:

Trí dhuine dhéag in áit cúig dhuine dhéag ar fhoireann - bheadh níos mó spáis ag imreoirí, bheadh níos mó scóranna ann agus gluaiseacht níos fearr. Cosc ar ruathair aonair - chuirfeadh sé le luas an chluiche mar taistealaíonn sliotar níos tapúla ná duine. Gan cead bheith ach ag duine amháin tabhairt faoin bhfear atá i seilbh an tsliotair. Arís, bheadh gluaiseacht níos fearr i gceist. Cosc a bheith ar chic a thabhairt don sliotar - an bhéim a bheith ar thiomáint an tsliotair leis an gcamán (bunbhrí an chluiche)

B’fhiú, dar liom, triail a bhaint as roinnt athruithe den chineál sin ionas go bhfeicfí an gcuirfidís athrú chun feabhais ar an iomáint. Tá gá le hathrú nó dhó, dar liom, chun deireadh a chur le cuid den streachailt agus den tarraingt atá tagtha chun cinn le tamall anuas.

An pheil

Maidir leis an bpeil, tá níos mó le plé mar tá níos mó athruithe molta ag an ngrúpa oibre, is é sin Tommy Moran, Brian McEniff, Mick O’Dwyer, Paul Durkan, Brian Dooher, Dessie Farrell agus Pat McEneaney. Le fada an lá, tá athruithe á ndéanamh ar rialacha na peile mar iarracht ar na lochtanna bunúsacha atá sa chluiche a leigheas. Tugadh isteach an “pas láimhe” sna 70í agus bhí daoine ag rá go raibh an cluiche ar nós cispheile agus, dá bhrí sin, athraíodh an sainmhíniú arís ar céard is pas láimhe ann. An pas atá anois ann is minic go bhfuil cuma an chaithimh air - is deacair an buille ón lámh a fheiceáil go minic, ach níl aon athrú molta air seo.

Aontaím gur cóir triail a bhaint as an ardú díreach ón talamh ach sílim nár chóir go mbeadh cead dhá lámh a leagan ar an liathróid agus í ar an talamh. Nuair a bheas an riail nua i bhfeidhm, tá súil agam nach bhfeicfimid scata imreoirí ag cromadh nó ag titim síos le dhá lámh a leagan ar an liathróid chun seilbh a fháil uirthi. Má tharlaíonn sin, beidh sé ina radharc áiféiseach ar fad. Ach imreoir ag rith go tapa agus ag cromadh le lámh amháin chun an pheil a cheapadh - bheadh sin ina scil iontach agus chuirfeadh sé leis an gcluiche.

Ach, ar deireadh, tá locht amháin thar aon locht eile ag baint leis an bpeil Ghaelach le fada an lá (is cuimhin liom an plé ag dul siar go dtí na 1960í) agus is é sin an chaoi cheart le “tabhairt faoi” imreoir a bhfuil an liathróid ina sheilbh aige. De réir mo thuisceana féin, níl cead lámh a leagan ar imreoir eile. Tá sé ceadaithe an liathróid a leagan as lámha an duine le lámh amháin oscailte ag bualadh síos ach níl cead lámh a leagan ar chorp an imreora eile. In ainneoin sin, feictear an riail seo á briseadh arís agus arís eile i ngach cluiche peile. Níl na réiteoirí ag cur na rialach i bhfeidhm ach anois is arís toisc go mbeadh an iomarca ciceanna saora á mbronnadh acu. Ach is éard a tharlaíonn go minic (agus tá seo fíor san iomáint chomh maith) ná go dtugann réiteoirí cic nó poc saor in aghaidh imreora a choinníonn an liathróid rófhada ina sheilbh, in ainneoin triúr nó ceathrar bheith timpeall air ag cur cosc air le lámha í a imirt.

I gcás an chúl báire agus an chic amach, is é a deir an Dr. Pat O’Neill ná gur smaoineamh an-mhaith é an “tí” nó ardán beag plaisteach a gcuirfidh an cúl báire an liathróid air don chic amach. Dar leis go mbeidh laghdú ar an méid gortuithe don ghlúin agus don bhléin i gcás an chúl báire dá bharr seo. Má tá an ceart aige, agus táim cinnte go bhfuil fios a ghnótha aige, tá sé thar am a leithéid a chur i bhfeidhm. Seans go gcuirfeadh sé le fad an chic amach freisin.

Is dóigh gurb é an sos peaca nó *"sin bin” *an t-athrú is radacaí a thabharfar isteach faoi na hathruithe seo. Scríobhas i bhfábhar an athraithe seo cheana agus beidh sé suimiúil a thionchar a fheiceáil maidir le líon na bhfeall a dhéanfar agus líon na gcártaí buí a bhronnfaidh na réiteoirí. Is dócha go mbeidh leisce orthu níos mó ná ceathrar, abair, a bheith díbeartha ón imirt ag an am céanna. Seans go mbeidh na maoir an-ghnóthach, is é sin má leanann na himreoirí orthu ag sárú na rialacha ag an ráta céanna is a bhí le cúpla bliain anuas. Tá súil agam nach bhfeicfimid scata imreoirí díbeartha go dtí an taobhlíne agus iad ag teacht is ag imeacht den pháirc go rialta i rith an chluiche.

Pé ní a tharlóidh, tá sé tábhachtach go ndéanfaí scrúdú rialta ar rialacha agus ar nósanna na gcluichí. Déanann gach spórt é toisc go n-aimsíonn gach glúin bealaí nua chun rialacha a shárú ar mhaithe leis an mbua a fháil. Tá athruithe á ndéanamh ó bunaíodh CLG (mar shampla, bhíodh duine is fiche ar fhoireann tráth) agus is cuid d’éabhlóid na gcluichí é.

Bímís ag tnúth le tuilleadh conspóide!

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.