CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Ar thóir an ghrá - ar líne!
Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor

Labhair Mary Beth Taylor le Meiriceánach mná le gairid ar éirigh léi grá geal a croí a aimsiú – le cuidiú seirbhíse déanta coinní ar líne.

Íomhá
Rinne Emily agus Alex teagmháil le chéile trí sheirbhís déanta coinní agus anois tá siad geallta
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Cé go bhfuil comparáid déanta ag lucht a cháinte idir é agus bheith ag ceannach bróg ar líne, tá tóir níos mó faoi láthair ar sheirbhísí déanta coinní ar an idirlíon ná mar a bhí riamh. Mar atá fíor i gcás go leor rudaí, tá riachtanais tomhaltóirí agus stíl bheatha daoine tar éis cur leis an éileamh ar theicneolaíocht an chleamhnais. I ndomhan ina bhfuil fuadar faoi dhaoine agus gan faill acu naisc phearsanta a dhéanamh i gceart, cé gur bhreá leo a leithéid, cuireann seirbhísí déanta coinní ar líne modh ar fáil do dhaoine le teacht ar chéile - agus ní gá dóibh dul chuig na háiteanna a dtéadh daoine roimhe seo (beáir, mar shampla) chun é sin a dhéanamh.

I sochaithe ina bhfuil meas mór ar an obair agus ar stádas geilleagrach, “tá daoine ag obair uaireanta níos faide agus ag obair níos déine,” a deir Barbara Taylor ó Matchfinder.com, “agus níl an t-am acu duine a lorg i mbeár, fiú má bhraitheann siad ar a suaimhneas á dhéanamh sin. Is dócha go bhfuil sé sin níos deacra fós i gcás daoine a bhfuil páistí acu, atá singil arís agus iad sna tríochaidí, daichidí nó caogaidí.”

Ní hamháin go bhfuil níos lú ama ag daoine ach tá pobail ag athrú chomh maith, a deir Taylor.

“Tá daoine ag bogadh thart i bhfad níos mó, mar sin níl teacht acu ar na gréasáin shóisialta a bhí ag na glúnta roimhe seo.”

Deir Emily Darling, múinteoir Béarla tríocha bliain d’aois as Auburn, Massachusetts atá geallta le fear ar bhuail sí leis ar an idirlíon, mórán an rud céanna.

“Na laethanta seo, tá daoine chomh sáite sin san obair agus i gníomhaíochtaí éagsúla,” a deir Darling. “Tá sé níos deacra am ceart a chaitheamh le daoine agus bualadh le daoine i gcomhthéacs ceart, go háirithe agus tú níos sine.”

Agus fiú má bhíonn deis agat bualadh le daoine go sóisialta, uaireanta cuireann an cotadh a bhíonn i gceist bac ar fhás an chaidrimh.

“Níl na míbhuntáistí céanna ag baint le bualadh le duine ar líne is a bhaineann le castáil le duine i mbeár,” a deir Darling. “Ar líne, is féidir leat tú féin a chur i láthair mar atá tú i ndáiríre, gan an imní shóisialta a bhrath a bhíonn i gceist agus tú ag iarraidh déanamh amach cén dóigh a bhfuil tú ag dul i bhfeidhm ar dhuine. Bíonn níos lú urchoillte i gceist.”

Lena chois sin, léiríonn an t-idirlíon go bhfuil an nath Béarla sin mar gheall ar neart éisc a bheith san fharraige ceart. Ní hamháin go bhfuil teacht agat ar linn ollmhór de dhaoine atá ar fáil agus a bhféadfá caidreamh bheith agat leo, ach tá an chumhacht agat na daoine ar mian leat teagmháil a dhéanamh leo a roghnú.

“Agus tú ag úsáid na seirbhísí déanta coinní, braitheann tú go bhfuil cumhacht éigin agat maidir leis na daoine a bhfuil tú chun bualadh leo,” a deir Darling. “Is féidir leat ‘gortghlanadh’ a dhéanamh i gcás go leor daoine.”

Trí mheán an idirlín, bhí Darling ábalta eolas a thabhairt faoi na riachtanais a bhí aici; chuir sí in iúl, mar shampla, go raibh suim aici i gcaidreamh fadtéarmach, agus gur mhaith léi páistí a bheith aici san am atá romhainn – is cinnte nach seo an cineál eolais a roinnfeá le duine a raibh tú díreach tar éis bualadh leis i mbeár.

Réimse suíomh

líon ollmhór suíomh déanta coinní ar an idirlíon, ag freastal ar gach cineál custaiméara, ina measc suímh d’fheoilséantóirí, úinéirí peataí, Poblachtánaigh, Daonlathaigh, céimithe de chuid an Ivy League, milliúnaithe, Giúdaigh, Críostaithe, Moslamaigh, daoine arda, daoine méithe, agus daoine atá buailte ag an abhcacht. Tá suímh ardnósacha i gceist fosta – chomh maith leis an suíomh CatholicDate.com, atá dírithe ar an chosmhuintir Chaitliceach, mar shampla, tá ExecutiveCatholicDating.com ann, suíomh a gheallann do dhaoine go gcuirfidh sé ar fáil “Upscale Catholic Dating. No more Untruths and Lies.” Tá geallúintí den chineál céanna déanta ar Executive ProtestantDating.com.

Tá roinnt suíomh eile nach suímh déanta cleamhnas iad ag cabhrú le fás na seirbhísí déanta coinní ar an idirlíon. Cuireann LookWow.com, mar shampla, ar chumas custaiméirí “revitalizing” (mar a deir siad féin) a dhéanamh ar ghrianghraif dhigiteacha – is féidir leo ton a gcraicinn a athrú, fáil réidh le máchailí, agus a gcuid liopaí a dhéanamh níos mó. An smaoineamh atá thiar de seo ná go mbeidh seans níos fearr ag an chustaiméir aird a tharraingt air féin ar líne má bhíonn an grianghraf atá á chur ar shuíomh aige feabhsaithe.

Suímh mhóra mar Match.com agus eHarmony.com iad na cinn is tábhachtaí maidir le seirbhísí déanta coinní. Is é eHarmony, suíomh a bhunaigh comhairleoir pósta agus síceolaí darb ainm Neil Clark Warren, an tseirbhís caidrimh ar líne is mó fáis anois.

De bhrí go gcuirtear an bhéim ar an suíomh ar chomhoiriúnacht fhadtéarmach, ní hionann eHarmony agus go leor de na suímh eile a mbíonn sé mar sprioc acu caidreamh a aimsiú do dhaoine láithreach. Is léiriú maith air sin a gceistneoir ina bhfuil 436 mír, mar aon leis an pholasaí atá ag an chomhlacht gan beirt a chur i dteagmháil lena chéile ach amháin nuair atá sé 95% cinnte go bhfuil a rátáil chomhoiriúnachta an-ard.

Mar gheall ar an suirbhé cuimsitheach atá acu agus an bhéim ar chaidrimh fhadtéarmacha, cuireann eHarmony daoine atá ag lorg caidreamh aon-oíche ó dhoras. Mar gheall ar a gcur chuige, éiríonn leo rud éigin a bhaint amach a theipeann ar an chuid is mó de na suímh eile a dhéanamh – meallann siad líon ard ban (tá dhá oiread ban is atá fir ar shuíomh eHarmony).

Gan amhras, de bhrí nach féidir na nithe bunúsacha a mheallann daoine le chéile a chur in iúl go loighciúil trí mheán na teicneolaíochta, ní thiocfaidh an lá choíche nuair is féidir bheith cinnte go bhfaighidh daoine grá agus pósadh i gcónaí trí sheirbhís mar seo a úsáid. Ach, mar sin féin, léiríonn an dóigh a bhfuil níos mó agus níos mó daoine ag fáil grá trí mheán na teicneolaíochta go bhfuiltear ag glacadh leis na seirbhísí déanta coinní ar líne mar bhealach cuí le teacht ar chéile.

“Braithim rud beag náire uaireanta nuair a chuireann daoine ceist orm cad é an dóigh ar chas muid lena chéile,” arsa Darling. “Tá sé de nós agam scéal grinn a dhéanamh de nuair a insím do dhaoine mar gheall air. Ach murach an t-idirlíon, ní chasfaí ar a chéile muid ar chor ar bith. Agus anois ní fhéadfainn mo shaol a shamhlú gan é. An t-idirlíon a thug le chéile muid, mar sin is dócha nár cheart dom náire a bheith orm! Agus, níos mó agus níos mó, tá mé ag cloisteáil faoi dhaoine eile a bhuail le chéile ar an dóigh chéanna.”

*Is as Georgia ó dhúchas í Mary Beth Taylor. Fuair sí a gcuid oideachais in Ollscoil Georgia agus Ollscoil Oxford. Tá céim BA aici sa Bhéarla agus i Staidéar na mBan, agus iarchéim sa Bhéarla ón Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is de bhunadh Éireannach í. *

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.