TEANGA AGUS CULTÚR/TRIALLOM TIMPEALL
Ár n-aird ar an Life chianda
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Foireann na finne a thugaim orthu. nead díobh fán Life:

Fionnghlas (Finglas) Fionnradharc (Fairview) Fionnbhrú (Whitehall)

Cuimhním féin ar nead logainmneacha eile den déanamh sin in íochtar Chonnacht. Trí shliabh atá i gceist ansin:

Bricklieve Mts Braulieve (Arigna Mts./O’Connor’s Rock) Curlew Mts

D’fhéadfaimis an fionnuisce a bhaist Páirc an Fhionnuisce a áireamh ar an dul céanna leis an nead cumasc thoir. Táid go léir ar nós na linne duibhe úd, Duibhlinn, sa chomharsain acu. Níor tharla ainm ar an múnla eile ar aon cheann de na háiteanna sin thuas, mar shampla Glas na Finne, An Glas Fionn; Radharc na Finne, An Radharc Fionn; Brú na Finne, An Brú Fionn. Braitear an iarsmaíocht Ind-Eorpaise seo fánLife Chianda, mar a thagair an Direánach don abhainn, bíodh nach talamh bán ar fad an taobh sin tíre, againn, mar shampla, Glas Tuathail, Glas Naíon agus eile.

miste meabhrú seal ar an Life, (’Anna Livia’ <) ‘abha in Lifi’ mar a tugadh air, abhainn na príomhchathrach. Tuigtear dúinn gur athainm é anLife’ seo agus gurRuirthech’ an t-ainm is sine a bhí uirthi. Maraba Liphi’, ‘iartair Liphe’, ‘Maighe Liphe’, ‘tri luind Liphe’ a nítear trácht ar an abhainn sna hannála. sásta a bheadh Dubhán Liphechaire na bliana 759 AD, Cairpre Liphechair na réamhstaire, le salú na habhann san am i láthair, óir is ionannLiphechair’ aguscara na Life’. Is féidir gurro+ritheach’ = ‘tugtha don rith’ is ciall do chéad ainm na habhann, go raibh focal eile den litriú céanna sa tSean-Ghaeilge. aon aistíl an aidiacht a bheith ina hainmfhocal mar ainm abhann: an Bhodhair, an Dubh/an Duibh ann, fágaim agus eile.

Glacaim leis an léamh sin ar chéad ainm na habhann:

Ruirthech < ro + ritheach

Mar a chan an file fadó:

Gáeth ard húar, Gaoth ard fhuar, ísel grían,íseal an ghrian, gair a rrith,is gairid a aistear, ruirthech rían.is coipthe an fharraige.

mór dúinn dearcadh soir chuig ár gcairde, na Breatnaigh (< Breatain+nach = Prydeinig / Cruithin+neach), gur Cymry (= comh+brú) ó cheart iad! (Céard fúinn féin; an Gaeil gur Éireannaigh sinn, an Éireannaigh gur Gaeil sinn?) Ar chuma ar bith, fóireann focal gcuid siadsan, Breatnaigh, orainn go seoigh. Is féidir linn adhmad éicint a bhaint as an ainm: ‘llif’ = feacht, díle. Bíonn ina bhriathar acu chomh maith: ‘llifo’ = sruthlú, doirteadh. mheastar gur focal dúchais Ceiltise é agus níl de chosúlacht againne leis achlia’ = díle. Níl a mhaíomh ar aon nós, gaol gaobhar aige lelíomh, líomhadh, líofa’, d’ainneoin litriú roinnt briathra Breatnaise mar a chéile leis. Is ionannllifo’ eile na Breatnaise (= llifanu), ag leagan amach, agus anlíomhadh’ s’againne, aguslivery’ an Bhéarla chomh maith leliver’ (geir le haghaidh snasú).

Nuair a bhíothas ag sainiú leasainm agus ag rianadh ghinealach Choirpri Liphechair, is é an cuntas a rinneadh ar anLiphechair’:

a Liphu dia máthair (= don/ón Life mháthair?) ara mbét rochar Liphe, il-Liphe a m(h)áthair (= ar an méid a ghráigh an Life, a mháthair, ‘il-Liphe’)

Amhail sin, gona fhleiscín, a breacadh arís é sa dánA Brigit il-Life Luirc’. Is féidir gur iarracht é ag scríbhneoir Gaeilge agus é ag cuimsiú féin, fuaim alt na Breatnaise, ‘Y, mar chéad mhír an ainm, il-Liphe agus il-Life < Y Life, .i. An tSrúil, An Díle. Sin, arís ar ais, an é gur fogha an Bhreatnaiseora é faoi ro-(ritheach) na Gaeilge a thabhairt leis ina chúpla focal breac-Ghaeilge? Is fada fiannach an , más ea, ó tosaíodh dúnghaois an chúpla focal Gaeilge sa phríomhchathair!

fheadair mhéad de lucht léite an ailt seo a ghlacfas leY Life’ mar shanasaíocht. Ar éigean go nglacfaí leil+ibhe’ = ‘alldrinking’, mar bhunús leis an ainmLife’. An a bheadhwedi fod yn yfed’ (= ibhthe/ólta), inebriated’, an a raibh a sháimbibed’ aige, is dóigh go nglacfaidh le teoiric ar bith! Más tugtha don ól é, an duine bocht céanna, b’fhéidir gur Ó Meadhchair/Meachair a bheadh air, tharla go gciallaíonn a shloinnecara (na) meá! Níl a , áfach, go bhfuil éinne ar m’aithne darb ainm Lifechair Ó Meachair faoi bhruach na Life sa inniu.

Is féidir scéala a chur chuig Seosamh Mac Muirí ag an ríomhphost macmuiri@ireland.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.