AGALLAMH BEO
Aodán Mac Póilin
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

féidir stad a chur le fás na Gaelscolaíochta bhíonn an t-éileamh annis féidir an fás sin a mhoilliú, ach féidir stad a chur leis. … caithfear a aithint gur tháinig cuid mhór de sin ón phobal féin gan tacaíocht stáit. raibh deontas ar bith, cuirim i gcás, ar Chumann Chluain Ard, agus tógadh Gaeltacht Bhóthar Seoighe gan deontas de chineál ar bith. Níl deontas de dhíth le mogalra teanga a fhorbairt, níl de dhíth ach daoine a theacht le chéile. Níl deontas de dhíth le teaghlach a thógáil le Gaeilge, agus sin an áit is a bhfuil dul chun cinn le déanamh go fóillcur le líon na dteaghlach Gaeilge. Caithfidh muid oibriú níos cliste agus níos straitéisí; deontais ach toil phobail a thógfas pobail úra Gaeilge, ….”

Íomhá
Aodán Mac Póilín
Íomhá
Cúlra Aodáin, An Bealach Buí, Magh Loirg i Ros Comáin
Íomhá
Aithne na nGael, ULTACH
Íomhá
Turas eile, ar son na cúise
Íomhá
Protastúnaigh an Lae Inniu agus an Ghaeilge, ULTACH
Íomhá
An Ghaeilg i dTuaisceart Éireann, ULTACH
Íomhá
'.. an sruth ag tiontú'

Is iomaí duine a bhfuil éacht déanta ar son na Gaeilge aige ach nach gcantar a ainm os ard ach go hannamh. Mar sin, caithfidh gur cheart aitheantas ar leith a thabhairt do dhuine arbh éigean treabhadh trí dhá thréimhse seachráin éagsúla - polaitíocht na Chontae agus polaitíocht na Gaeilge, ag an am chéanna!

mholann an obair an fear, rath an Iontaobhais Ultaigh ag mealladh na ngártha molta stiúrthóir, Aodán Mac Póilin. Mar an iliomad duine ar a aicíd, de thaisme a rinneadh gníomhaí Gaeilge d’Aodán. Ina óige, chonacthas gur rud diamhrach inmhianaithe dofhála a bheadh i gcónaí thar a chumas a bhí sa Ghaeilge, agus, aisteach go leor, ba í an tsuim a bhí aige sa Bhéarla a mhúscail a chuid spéise sa Ghaeilge mar is ceart.

Nuair a bhí ag tarraingt ar fhiche bliain d’aois, tháinig ar leabhar le PL Henry, darbh ainm An Anglo-Irish Dialect of North Roscommon, a mhaígh nach raibh sa chanúint sin ach Gaeilge a raibh craiceann an Bhéarla air,” arsa an Béal Feirsteach.

Tharla gur ar theorainn Ros Comáin agus Shligigh a rugadh máthair m’athara, agus ba sin díreach an cineál cainte a bhí aici. Bhí spéis ar leith agam sa litríocht Angla-Éireannach, agus d’aithneofá go minic substratum na Gaeilge ag briseadh fríd an Bhéarla ag scríbhneoirí ar nós Joyce, Synge agus Frank O Connor. Is le staidéar a dhéanamh air sin a thosaigh dáiríre ar an Ghaeilge, ach fán am a raibh foghlamtha agam d’aithin caidé chomh gar don bhás a bhí mar theanga bheo, mar theanga phobail. Rinne rogha ansin a bheith i mo Ghaeilgeoir, im’ fhear cúise, in ionad a bheith im’ acadúlaí. Ba é an rún a bhí agam go mbeinn páirteach in iarracht leis an teanga a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eiledéanadh siadsan a rogha féin léi.”

Aodán anois ag obair leis an Iontaobhas Ultach - ULTACH mar atá anois air - le 20 bliain anuas i mbliana, ach b’fhéidir gur beag duine a thuigeann an ról atá ag an eagraíocht.

ULTACH an chéad eagraíocht a fuair airgead ó Rialtas na Breataine leis an Ghaeilge a chur chun cinn i dTuaisceart Éireann,” a mhíníonn Aodán. “ doiligh anois a shamhlú cad é chomh buartha is a bhí na húdaráis fán Ghaeilge ag an am sin. Bhí siad ag iarraidh airgead a chaitheamh ar an Ghaeilge le dornán blianta roimhe sin; mhaoinigh siad tionscadal na logainmneacha i lár na n-ochtóidí, rud a bhísábháilte’, dar leo, agus bhí pingneacha beaga ag teacht ón Chomhairle Ealaíon, ach taobh amuigh de sin, raibh a fhios acu cad é a dhéanfadh siad.

An Mheasúlacht

Bhí an maoiniú a bhí le dáileadh againn beag go leor, agus b’éigean dúinn bealtaí a aimsiú a tharraingeodh airgead ó fhoinsí eile. De thairbhe go raibh iomrá orainn go raibh muidmeasúil’, bhí deis againn dul i bhfeidhm ar eagraíochtaí eile. Chuaigh muid ar choistí éagsúla, Biúró na dTeangacha Neamhfhorleathana, an Chomhairle Chaidreamh Pobail, an BBC agus an Chomhairle Ealaíon, cuirim i gcás. Thosaigh muid feachtais éagsúla, go háirithe i dtaca le hoideachas, le craoltóireacht agus leis na healaíona. Bhímis ag déanamh abhcóideachta ar cheisteanna áirithe lena chois sin, ar nós cearta Gaeilge sna príosúin, agus thug muid tacaíocht do dhreamanna ar nós Ghlór na nGael Iarthar Bhéal Feirste, a chaill a ndeontas go héagórach. Rinneadh cuid mhór den obair abhcóideachta seo go ciúin. Thiocfadh gur anseo is a d’imir muid tionchar ar an státchóras trí chéile, ach b’fhéidir gurb é an feachtas ar chúrsaí craoltóireachta is drámatúla ar éirigh leis.

Scríobh muid sraith de thuairiscí ar an ábhar sin agus rinne muid aighneachtaí leis na craoltóirí féin agus le Rialtas na Breataine, chomh maith le bheith páirteach san Fheachtas Náisiúnta Teilifíse ó dheas agus i gCoiste Bunaithe Theilifís na Gaeilge. Rinne muid stocaireacht le cinntiú go mbeadh forálacha ar an chraolachán Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta, agus sa deireadh reáchtáil muid cúrsa traenála le cruthú gurbh fhéidir earnáil teilifíse a bhunú in aicearracht. Chruthaigh an cúrsa gurbh fhéidir toiseacht a dhéanamh ar chláracha Gaeilge gan mhoill mbeadh a sáith airgid ann dóibh. As sin uilig a tháinig Ciste Craoltóireachta na Gaeilge, ar fiú £3 mhilliún sa bhliain é.

D’éirigh linn beartas Gaeilge a fháisceadh as an BBC le déanaí, rud nach raibh acu go dtí seo. Dhá oiread airgid agus dhá oiread solatháir atá i gceist, agus níl an caiteachas mór, beagán faoi mhilliún punt sa bhliain, ach ardú breisíochincremental increasegeallta acu i ndiaidh 2011.

Bíodh sin mar atá, maíonn an tríú tuarascáil mhonatóireachta POBAL ar fheidhmiú na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh gur ag dul in olcas atá cúrsaí Gaeilge ó thuaidh agus léirítear líon mór fada d’fhaillí, de chur ó dhoras, de neamhaird i leith na teanga agus fás ar líon agus ar fhíochmhaire na n-ionsaí ar an teanga. ‘Realpolitik’ a thugann Aodán ar seo.

Riail Dhíreach an Riail Ghaelach

Achan uile dhul chun cinn a rinne an Ghaeilge tháinig ó riail dhíreach Westminster,” ar . “Ba chuma le Rialtas na Breataine an Ghaeilge ann as, ach nuair a cuireadh ar a súile dóibh gur gníomhú ar son na Gaeilge ar mhaithe leis an phróiseas síochána, chuir siad an tacaíocht ar fáil. “ hionann do na polaiteoirí aontachtacha. Síleann siadsan go bhfuil an Ghaeilge ina bagairt do stádas bunreachtúil Thuaisceart Éireann. Lena chois sin, baineann siad sult as a bheith ag baint as rud atá tábhachtach ag Sinn Féin, agus an Ghaeilge an-tábhachtach don pháirtí sin. Caithfidh cuimhneamh fosta go raibh an Ghaeilge ina leithscéal ag an DUP páirt a ghlacadh sa Tionólmhaígh siad go ndeachaigh siad isteach ar mhaithe le cúl a chur le hAcht na Gaeilge. Chuirfinn pointe eile leis sin. na páirtithe ag comhoibriú lena chéile i Stormont, ach ábhar achrainn de dhíth orthu ar leibhéal siombalachrud éigean a bhfuil tábhacht áirithe leis ach nach bhfuil chomh tábhachtach is go dtarraingeoidh siad an teach anuas orthu féin. Foireann an Ghaeilge go maith don ról sin,” arsa Aodán.

Is follasach go bhfuil dul chun cinn dochreidte déanta ó thaobh na Gaeilge de ó thuaidh, ach an bhfuil ardmhá, plateau, bainte amach i bhforbairt na Gaeilge, an bhfuil muid ag dul siar go díreach, thíos seal, thuas seal? Sa ghearrthréimhse, agus b’fhéidir sa mheánthréimhse, fheictear d’Aodán go mbeidh a oiread sin acmhainní breise le fáil.

Deontas a Thógfas Clann le Gaeilge

Nuair a smaoiníonn ar ar baineadh amach ó bunaíodh an Tionól, níl de mhaoiniú breise ach an £8 milliún a chuir Rialtas na Breataine ar fáil i mbliana d’fhorbairt ionaid chultúrthaagus bheadh sin ar fáil murar bhagair Sinn Féin go dtarraingeodh siad an Tionól anuas,” ar . “Ach ina dhiaidh sin, féidearthachtaí forbartha ann. féidir stad a chur le fás na Gaelscolaíochta bhíonn an t-éileamh annis féidir an fás sin a mhoilliú, ach féidir stad a chur leis. an chuma ar an scéal go bhfuil cúrsaí craoltóireachta seasmhach. Bhí bagairt ann do mhaoiniú an Fhorais, ach an chuma ar an scéal go mbeidh sin againn go fóill. Is féidir tionchar a imirt go fóill ar eagrais stáit ar nós na Comhairle Ealaíon.

Ach nuair a chuimhníonn ar chuid den dul chun cinn atá déanta, caithfear a aithint gur tháinig cuid mhór de sin ón phobal féin gan tacaíocht stáit. raibh deontas ar bith, cuirim i gcás, ar Chumann Chluain Ard, agus tógadh Gaeltacht Bhóthar Seoighe gan deontas de chineál ar bith. Níl deontas de dhíth le mogalra teanga a fhorbairt, níl de dhíth ach daoine a theacht le chéile. Níl deontas de dhíth le teaghlach a thógáil le Gaeilge, agus sin an áit is a bhfuil dul chun cinn le déanamh go fóillcur le líon na dteaghlach Gaeilge. Caithfidh muid oibriú níos cliste agus níos straitéisí; deontais ach toil phobail a thógfas pobail úra Gaeilge, agus glúin óg ag teacht chun tosaigh a bhfuil tiomántas iontu.”

Acht ó 1737 gos an Inniu

Beidh an ghlúin sin - agus glúnta ina diaidh, b’fhéidir - ag troid in éadan an chosc ar an Ghaeilge atá in Acht Rialtais ó 1737 i leith.

muidinne ag troid in éadan Acht 1737 le fiche bliain agus níl againn ach bonnachaí as an iarrachta admhaíonn Aodán.

Bhí a leithéid d’Acht achan áit ar na hoileáin seo tráth, agus Tuaisceart Éireann an t-aon áit a bhfuil fágtha. Náire é go bhfuil a leithéid de reachtaíocht éagórach ann, agus cóir go mbeadh a mhacasamhail i sochaí shibhialta ar bith. Imeoidh luath mall, ach nuair a imeos , dhéanfaidh difir do shaol laethúil an chainteora Ghaeilge.”

Is í an obair thrasphobail is túisce a smaoiníonn daoine air agus iad ag cuimhneamh ar ULTACH. Cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an Ghaeilge a chur faoi bhráid an phobail Phrotastúnaigh?

Measann Mac Póilin go ndearnadh normalú áirithe ar an Ghaeilge sa tsochaí ó thuaidh agus creideann go bhfuil níos inghlactha, fríd is fríd. comharthaí ann go bhfuil réimse dearcaidh i leith na Gaeilge ag an phobal Phrotastúnach/aontachtach sa Tuaisceart atá casta go leor.

Chonaic an tIontaobhas maolú suntasach ar an drochamhras faoin teanga a bhíodh coitianta nuair a bunaíodh sinn i 1990, agus roinnt fianaise ann a thabharfadh tacaíocht don bhraistint sin. De réir Dhaonáirimh 1991, bhí beagán os cionn 5,000 Protastúnach a mhaígh go raibh eolas acu ar an teanga; i nDaonáireamh 2001, bhí an t-eolas sin ag beagnach 11,000 daoine ó chúlra Phrotastúnach. sin ag tarraingt ar 7% den líon daoine a mhaígh go raibh Gaeilge acu. I suirbhé a reáchtáil an Belfast Telegraph sa bhliain 2000, dúirt 21% de na Phrotastúnaigh a d’fhreagair an ceistiúchán go bhfacthas dóibh go raibh an Ghaeilge fairly inoffensive very inoffensive.

Pobal Measartha Mór

Más fíor go bhfuil breis agus duine as cúigear de phobal Phrotastúnach an tuaiscirt oscailte cheist na teanga, pobal measartha mór mar spriocghrúpa ag an Iontaobhas, gan trácht ar an obair atá riachtanach le réamhchlaontaí diúltacha a mhaolú. foghrúpaí taobh istigh den líon seo a bhfuil eolas acu ar an teanga cheana féin, atá fiosrach fúithi, atá ag iarraidh í a fhoghlaim. Bíonn cur chuige trasphobail an Iontaobhais ag díriú go príomha ar na haicmí éagsúla seo taobh istigh den phobal aontachtach/Phrotastúnach, chomh maith le hobair atá le déanamh leis an phobal náisiúnaíoch le cinntiú go n-aithnítear a íogaire is atá an Ghaeilge a chur chun tosaigh ar mhodh uilechuimsitheach,” ar .

rudaí suimiúla i leabhar Ian Malcolm, Towards Inclusion: Protestants and the Irish Language, ina bpléann an t-údar an dearcadh atá acu ar an Ghaeilge le déagóirí Protastúnacha.

Ba é an rud is a thug sólás dom chomh hoscailte is a bhí siad. Seo an ghlúin a d’fhás aníos ag tréimhse ina raibh na trioblóidí ag teacht chun deiridh, agus is léir go raibh siad bréan den iomlán,” arsa Aodán.

Gaeilge na hAlban agus an Ullanais

Bhí cúpla rud eile ann a chuir iontas orm: chuir siad suim sa Ghaeilge mar theanga bheo, agus raibh suim laghad acu sa stair, i nGàidhlig na hAlban, i gcuid mhór de na rudaí a raibh féin ag cur béime orthu san obair thrasphobail s’againne. dóigh liom gur dúinn droim láimhe a thabhairt don chur chuige atá againn le fiche bliain, ach is léir go bhfuil cur chuige iomlán eile de dhíth ar an aos óg.”

Bheadh bunús gach Gaeilgeoir den bharúil go bhfuil an Albanais Uladh An Ullanais ina chanúint den Bhéarla as a bhfuiltear ag baint úsáide mar dhris chosáin ar dhul chun cinn na Gaeilge ach le blianta anuas, dlúthcheangal idir an Ghaeilge agus An Ullanais ag leibhéal rialtais. An féidir an nasc bréagach sin a ghearradh?

Deir Aodán go gcaithfidh muid cuimhneamh nach mbeadh Foras na Gaeilge ann mura mbeadh an ceangal sin ann, ba é sin an coinníoll a bhí ag na haontachtaithe leis. Is den realpolitik an nasc, dar leis, agus bhain an Ghaeilge buntáistí áirithe as.

Lena chois sin, tugann an nasc deis do mo leithéid an Ghaeilge agus an Ullanais a chur chun cinn mar dhá ghné d’oidhreacht choiteann Thuaisceart Éireann. Caithfidh a fosta gur acmhainn shaibhir chultúir atá san Ullanais,” ar , “Sin ráite, míbhuntáistí ann, ach thig an mhórchuid de na míbhuntáistí ó na polaiteoirí. Bíonn claonadh ag polaiteoirí aontachtacha a bheith ag éileamh achan rud don Ullanais is atá ag an Ghaeilge. Daoine seo nach bhfuil tuigse laghad acu ar an Ullanais, do riachtanais sochtheangeolaíocha lucht labhartha na hUllanaise.”

Atheagar na nEagraíochtaí Gaeilge

polaiteoirí Aontachtacha ag iarraidh níos eagraíochtaí Ullanaise a bhunú, a mhalairt atá fíor ó dheas agus iar-Aire na Gaeltachta, Éamon O Cuív, ag moladh go gcuirfí deireadh le cuid mhór de na heagraíochtaí Gaeilge. An aontaíonn Aodán leis?

Bhuel, ciall áirithe le slacht níos céillí a chur ar na heagrais Gaeilge, agus, mar gheall ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, cúis ar leith le hatheagrú ó dheas,” dar leis. “ an-bhuartha, áfach, fán dóigh a bhfuiltear ag dul ina cheann. scála ama míréadúil curtha i bhfeidhm ar an atheagrú, agus eagla orm nach chun leas na Gaeilge é. Bheadh ciall áirithe le hatheagrú ó thuaidh, ach caithfear sin a bheith déanta i gcomhthéacs straitéis don teangarud nach bhfuil againn. Sa tuaisceart, rachainn i muinín straitéis ar bith a thiocfadh ón stát, níl an saineolas ag an stát agus níl an tiomántas aige. mbeadh straitéis comhaontaithe ann, í bunaithe ar thaighde agus ar ionchur ó shaineolaithe, chuirfinn fáilte roimh dhíospóireacht ar an cheist. glan in éadan an phróiseas atá ann faoi láthair.

B’fhéidir gur seo an áit le nach mbeidh an tIontaobhas ann i gceann bliana leantar den phróiseas mar atá beartaithe. Táthar ag iarraidh orainn nascadh le heagrais eile an deontas le leanstan. Ach eiteas Iontaobhais ULTACH fréamhaithe san obair thrasphobail, agus níl dream ar bith ar féidir linn nascadh leo. Bheimis sásta cuid mhór de na feidhmeanna eile atá againn a chur dínn ar mhaithe leis an obair thrasphobail.

sin curtha in iúl againn do na maoinitheoirí, ach níl cuma ar bith ar an scéal go bhfuil siad ag éisteacht, go bhfuil luach acu ar an obair s’againne.

Cinneadh le Glacadh Glacfar le Cinniúint

Níl Aodán chomh héadóchasach céanna faoin Ghaeltacht áfach, ainneoin go gcreideann go mbíonn doicheall ag bunadh na Gaeltachta roimh ionchur óna leithéid, agus an ceart acu, a deir . Maíonn go bhfuil patrún áirithe sochtheangeolaíoch le sonrú.

achan Ghaeltacht anois ina bhreac-Ghaeltacht,” ar . “Roimhe seo, bhí an Ghaeilge chomh leitheadach sna pobail Ghaeltachta is go raibh mínádúrtha gan í a labhairtbhí réimeas pobal aici. Níl sin ann níos . Déanann daoine sa Ghaeltacht anois rogha ar an teanga atá siad ag dul a labhairt, agus roghnaíonn siad cén teanga a dtógfaidh siad a gcuid páistí inti. Go dtí le déanaí, bhí an chuma ar an scéal go raibh na pobail sin ag dul i dtreo an Bhéarla, achi gcuid de na ceantair Ghaeltachta cibé an sruth ag tiontú. Bhí ag caint le duine as ceann de na Gaeltachtaí laga. Bhí féin sna daichidí, agus dúirt , nuair a bhí ar an bhunscoil, nach raibh an Ghaeilge sa bhaile ach ag páistí as trí cinn de theaghlaigh. fiche teaghlach a bhfuil an Ghaeilge acu anois ann. scéalta mar sin cluinste agam ó áiteacha eile. Gníomh comhfhiosach, gníomh tola a bheas ann feasta ag teaghlaigh Ghaeilge sna Gaeltachtaí stairiúla, ach borradh áirithe ann. Níl a fhios agam cad é mar is féidir sin a neartú, agus níl a fhios agam an leor é, ach níl dóchas caillte agam go fóill.”

Taobh amuigh de shaol na Gaeilge, ta caitheamh aimsire measartha normálta ag Aodan. “Léímse an dúrud, ficsean agus stair ar son pléisiúir agus ceannaímid corrphictiúr, péintéirí Éireannach den chuid is , ach caithim measarthacht ama ag dul thart ar dhánlanna ag cur eolais ar phictiúirí nach bhfuil an t-airgead againn iad a cheannach,” ar se. “ an-suim agam san amhránaíocht traidisiúnta, amhráin na hÉireann agus na hAlban go príomha, idir Ghaeilge, Ghàidhlig agus Bhéarla, agus go háirithe amhráin Bhéarla. Níl mórán de ghuth agam, ach ar chúis éigin, ghoilleann mo chuid iarrachtaí i mBéarla ar dhaoine!”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.