Beo! (freagraí ar: Aodán Mac Póilin) http://www.beo.ie/alt-aodan-mac-poilin.aspx#comments “Ní féidir stad a chur le fás na Gaelscolaíochta má bhíonn an t-éileamh ann – is féidir an fás sin a mhoilliú, ach ní féidir stad a chur leis. … caithfear a aithint gur tháinig cuid mhór de sin ón phobal féin gan tacaíocht stáit. Ní raibh deontas ar bith, cuirim i gcás, ar Chumann Chluain Ard, agus tógadh Gaeltacht Bhóthar Seoighe gan deontas de chineál ar bith. Níl deontas de dhíth le mogalra teanga a fhorbairt, níl de dhíth ach daoine a theacht le chéile. Níl deontas de dhíth le teaghlach a thógáil le Gaeilge, agus sin an áit is mó a bhfuil dul chun cinn le déanamh go fóill – cur le líon na dteaghlach Gaeilge. Caithfidh muid oibriú níos cliste agus níos straitéisí; ní deontais ach toil phobail a thógfas pobail úra Gaeilge, ….” ga Cóipcheart Oideas Gael. Thu, 15 Jul 2010 16:28:55 GMT http://www.beo.ie/logo.gif Beo! http://www.beo.ie/ Úna Ultach http://www.beo.ie/alt-aodan-mac-poilin.aspx#comments Bhain mé oiread suilt as an agallamh seo - maith sibh! Ar dóigh ar fad.
Thu, 15 Jul 2010 16:28:55 GMT Fear Thoraigh http://www.beo.ie/alt-aodan-mac-poilin.aspx#comments Is léir go bhfuil smaointeoireacht ar siúl ag an fhear seo. Ní féidir na protasrtúnaigh a fhágáil scartha ó shaol na Gaeilge. Tá siad i dteideal deis a fháil ar an saibhreAS A BHLAISEANN MUID!
Mon, 12 Jul 2010 21:30:31 GMT Seán Mór http://www.beo.ie/alt-aodan-mac-poilin.aspx#comments ag súil go mór leis an eagrán seo a léamh.... is maith liom an dóigh a bhfuil an áis phlé thíos ag bun gach ailt...
Thu, 08 Jul 2010 13:26:11 GMT MBM http://www.beo.ie/alt-aodan-mac-poilin.aspx#comments > Bhíos ag ceapadh go raibh deireadh leis an bhfóram plé a bhíodh ag Beo -
> ach seo é agus beocht nua aige. Tá cuma slachtmhar ar an suíomh agus
> molaim an dearadh nua.

Go raibh maith agat as sin a rá. Tá muid ag iarraidh Beo a chur ar aghaidh go dtí an 21ú haois ;-)
Fri, 02 Jul 2010 13:17:44 GMT Concubhar Ó Liatháín http://www.beo.ie/alt-aodan-mac-poilin.aspx#comments Bhíos ag ceapadh go raibh deireadh leis an bhfóram plé a bhíodh ag Beo - ach seo é agus beocht nua aige. Tá cuma slachtmhar ar an suíomh agus molaim an dearadh nua. Ní fhaca mé go dtí seo é ach beidh mé ar ais chun an chuid eile a léamh sna laethannta idir seo agus deireadh na míosa.

Tá an-aithne agam ar Aodán agus is maith an rud é a leithéid a chur faoi agallamh chun a ínsint ar an stair a bhaineann le cúrsaí teanga ó thuaidh a fháil agus a léargas a léamh. Tá sé suimiúil cé go bhfuilim den tuairim go bhfuil léamh nó dhó eile ar an stair nach dtaganna lena léamh siúd agus léargais eile chomh maith. Is maith an rud an éagsúlacht agus tá sé níos sláintiúla ná dearcadh 'una duce una voce' Shinn Féin.
Fri, 02 Jul 2010 12:35:17 GMT