tabhair freagratabhair freagra #1 Concubhar Ó Liatháín 2 Iúil 2010, 12:35 GMT
Bhíos ag ceapadh go raibh deireadh leis an bhfóram plé a bhíodh ag Beo - ach seo é agus beocht nua aige. Tá cuma slachtmhar ar an suíomh agus molaim an dearadh nua. Ní fhaca mé go dtí seo é ach beidh mé ar ais chun an chuid eile a léamh sna laethannta idir seo agus deireadh na míosa.

Tá an-aithne agam ar Aodán agus is maith an rud é a leithéid a chur faoi agallamh chun a ínsint ar an stair a bhaineann le cúrsaí teanga ó thuaidh a fháil agus a léargas a léamh. Tá sé suimiúil cé go bhfuilim den tuairim go bhfuil léamh nó dhó eile ar an stair nach dtaganna lena léamh siúd agus léargais eile chomh maith. Is maith an rud an éagsúlacht agus tá sé níos sláintiúla ná dearcadh 'una duce una voce' Shinn Féin.
tabhair freagratabhair freagra #2 MBM 2 Iúil 2010, 13:17 GMT
> Bhíos ag ceapadh go raibh deireadh leis an bhfóram plé a bhíodh ag Beo -
> ach seo é agus beocht nua aige. Tá cuma slachtmhar ar an suíomh agus
> molaim an dearadh nua.

Go raibh maith agat as sin a rá. Tá muid ag iarraidh Beo a chur ar aghaidh go dtí an 21ú haois ;-)
tabhair freagratabhair freagra #3 Seán Mór 8 Iúil 2010, 13:26 GMT
ag súil go mór leis an eagrán seo a léamh.... is maith liom an dóigh a bhfuil an áis phlé thíos ag bun gach ailt...
tabhair freagratabhair freagra #4 Fear Thoraigh 12 Iúil 2010, 21:30 GMT
Is léir go bhfuil smaointeoireacht ar siúl ag an fhear seo. Ní féidir na protasrtúnaigh a fhágáil scartha ó shaol na Gaeilge. Tá siad i dteideal deis a fháil ar an saibhreAS A BHLAISEANN MUID!
tabhair freagratabhair freagra #5 Úna Ultach 15 Iúil 2010, 16:28 GMT
Bhain mé oiread suilt as an agallamh seo - maith sibh! Ar dóigh ar fad.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!