CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Ag Ithe Úll Aithne na Teicneolaíochta
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Roseanne Smith i ndiaidh tosaigh ar an iPiggyBank a líonadh le teacht ar iPad di féin amach anseo.

Íomhá
Steve Jobs agus iPad APPLE (Delapalma a tharraing ar picasaweb)
Íomhá
Scáileán an iPad
Íomhá
iPad

Is dócha go mbíonn meangadh ar aghaidh Steve Jobs minic go leor. Táim níos cinnte fós faoi seo ó thráthnóna Déardaoin nuair a chuala go bhfuil $15.6 billiún d’ioncam reatha ag a chomhlacht Apple. Déarfainn go bhfuil a chuntasóir ag gáire minic go leor freisin. 250 milliún iPod díolta; 284 siopaí Mac oscailte anois agus buail 50 milliún cuairteoirí thar an tairsí acu sa cheathrú deiridh de 2010.

Níor luaigh siad mhéad a chaith siad ann ach bhí an-bhródúil de go raibh siad ansin i gcomharsanacht a gcustaiméirí; déarfainn go bhfuil cheana leis an méid sin iPod amuigh sa saol mór! 140,000 feidhmchlár ar fáil san Appstore agus íosluchtaíodh 3 billiún díobh le hocht dhéag anuas ó osclaíodh an AppStore. Chuir Jobs na huimhreacha seo i láthair ina chaint ag Macworld 2010 ar an Déardaoin deiridh de mhí Eanáir. Spéisiúil cinnte ach níorbh iad na huimhreacha ráthúla seo in am an ghátair a bhí ag corraí na sluaite.“Last time there was this much excitement about a tablet, it had some commandments on ita scríobhadh sa Wall Street Journal roimh cur i láthair bliantúil phríomhfheidhmeannach an chomhlachta theicneolaíochta.

Bhí iomrá sa nua- agus sna seanmheáin go raibh Apple chun táibléad a sheoladh: uirlis ríomhaireachta gan mhéarchlár lúchóg a ligfeadh don úsáideoir an méid céanna a dhéanamh is a féidir leo a dhéanamh ar ríomhaire glúine pearsanta. Mar úinéir ríomhaire glúine agus iPhone tuigim dóibh an plean seo. an-chuid gur féidir liom a dhéanamh ar an iPhone, ach fhéadfainn an colúin seo a scríobh, cuir i gcás, ar an iPhone. Cinnte, d’fhéadfainn an taighde a dhéanamh, d’fhéadfainn nóta scríofa a dhéanamh fiú nótaí labhartha a thaifeadadh ach nuair atá an t-alt le scríobh cathaoir, deasc agus ríomhaire glúine uaim. Bíonn cúpán tae uaim de ghnáth freisin, ach dóigh liom go bhfuil le Barrys aon eagla a bheith orthu go foill roimh Apple! Sin ráite thug Jobs comhlacht uirlisí soghluaiste ar Apple agus dúirt go bhfuil barr rugtha acu ar Sony, Samsung agus Nokia mar chomhlacht uirlisí soghluaiste. a ríomhairí glúine, na Macbook, san áireamh sa chuntas seo.

Jobs, Mac na hOibre Slán!

Dúirt Jobs gur chuir an ráiteas thuas sa New York Times, faoi dhá leic Mhaois anuas den sliabh, meangadh ar a bhéal. raibh mórán chaint curtha isteach ar Jobs nuair a thosaigh miongháire fud fad na cruinne. Dúirt fear amháin gur chuir Dom Joly ar Trigger Happy TV i gcuimhne lena fóin ollmhór; dúirt fear eile go raibh an chuma air go raibh Jobs millteanach beag agus gnáth iPhone ina lámh aige.

Ach an ceann a chur ag gáire os ard an bhean a chuir an cheist, “Nach raibh bean ar bith ar an bhfoireann margaíochta iPad nuair a roghnaíodh an t-ainm sin!?” Ach níos ceistniúla arís faoin bhfoireann mhargaíochta, is léir gur le dream eile an ainm fearainn www.ipad.com! Dochreidte uilig. Nach diabhalta é sin!

mionsonraí na huirlise seo, an iPad, gan locht ón méid a chonaic sa fhiseán den eocharchaint ach bígí ag ceapadh gur ríomhaire glúine uirlis cumarsáide ar nós an iPhone atá ann. An plean a bhí acu uirlis a chruthú a bheadh níos fearr choinne bhrabhsáil an idirlín, léamh r-phost, breathnú is eagrú griangraf, físeanna, is ceol agus choinne cluichí a imirt agus eLeabhair a léamh. De réir an méad a chonaic de na bogearraí a thaispeáin siad, éirithe leo na haidhmeanna sin a bhaint amach. Is dócha go maireann an gaol grámhar idir Apple agus na tionscadail cheoil, scannáin is foilsitheoireachta ó maireann an bainistiú cearta digiteacha go láidir tríd iTunes agus an iTunes Store agus ó d’fhógair Jobs go bhfuil cúig cinn de na comhlachtaí móra foilsitheoireachta mar pháirtnéirí acu sa siopa nua iBookStore.

Is é Deireadh an tSoiscéil an tAirgead!

bogearra cruthaithe freisin a ligeann dóibh siúd a bhfuil jab acu fós a jabanna a dhéanamh ar an iPad. Tugtar iWorks ar an seit seo agus is féidir cáipéisí, cur i láthair agus scarbhileoga a chrúthú leis. Is le taispeáint agus fógairt iWorks a tugadh an chéad nod i leith luachála an iPad dúinn: chosnóidh bogearraí iWorks ach €9.99 an ceann. Chuir sin i gcomparáid leis an bpraghas ar chóip de Office ó Microsoft!Faoi dheireadh d’fhógair Jobs an praghas. Dúirt go raibh praghas íseal san áireamh i sainiú na huirlise chomh maith leis an liosta mianta eile.

rogha ann ar ndóigh ach don iPad is , .i. 64GB, cuimhne le WiFi agus 3G, ba chóir nach gcosnódh iPad níos €600.00 san Eoraip bunaithe ar an bpraghas dollair a d’fhógair Jobs ar an Déardaoin deiridh d’Eanáir. Ar ndóigh, haon gheallúint é sin sa tír seo, ach fág agam an aisling seal gairid eile. bheidh an uirlis faoi ghlas agus mar sin is féidir micrea-SIM ó aon chomhlacht fóin a úsáid choinne pacáiste eolais. Ach mar shampla, pacáiste beartaithe acu le AT+T de 250MB ar $14.99 in aghaidh na míosa agus éiríonn leo a leithéid a shocrú in Éirinn, ba choir go mbeadh an praghas iomaíoch go leor. Ar ndóigh beidh ort do phacáiste eolais don fón agus don ríomhaire glúine a choimeád: coinneoidh sin na comhlachtaí fóin sásta!

Ach bhí cúpla rud faoin iPad a chur ionadh orm (seachas an t-ainm!) agus ba léir nach raibh liom féin. Easpa ceamara an rud is a chuir ionadh ar dhaoine: ar mhaithe le griangraif ach choinne scairteanna físe trí Skype, cuir i gcás, ar líonra sóisialta Facebook, YouTube agus Seesmic. Cuireann easpa ceamara chun tosaigh srian ar na feidhmchláir réaltachta breisithe atá ag teacht ar an margadh ó seoladh an iPhone 3Gs le compas iontu. Chomh maith leis sin, caithfear an uirlis a shioncrónú le ríomhaire díreach cosúil le iPod iPhone. Ach ba léir gur éist siad lena n-úsáideoirí nuair a d’fhógair siad go bhfuil 10 n-uaire saoil ceallraí. Sin ceann de na díomua is a chuireann daoine i leith an iPhone.

Bíodh nach mbeadh an iPad riachtanach i mo shaol, mo iPiggyBank ar an tseilf agam. chuirim cúpla pingin ar leataobh chuile feasta, ba choir go mbeidh mo €600.00 curtha ar leataobh agam roimh deireadh na bliana!


Scéala isteach: Suíomh idirghníomhach a chuideofas le gaelscoláirí www.tonnta.org beirt éarlamh faighte acu: Lynette Faye an BBC agus Rónán Mac Aodha Bhuí, RnaG.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.