« » 1 2 3 4 5
tabhair freagratabhair freagra #12 Ruth 9 Meán Fómhair 2013, 14:20 GMT
Is léir nach mbeadh spéis ag S Ní C san ábhar seo in aon teanga, mar sin. Ní maith liomsa Rice Krispies, a S, ach ní bhímse ag caitheamh anuas ar dhaoine a itheann iad amhail is gur amadáin iad. Tá cead a thuairim ag chuile duine, nach bhfuil spás ar domhan dúinn uilig???
tabhair freagratabhair freagra #13 Donncha O hEallaithe 9 Meán Fómhair 2013, 16:41 GMT
"Ba cheart de réir mo bharúlsa go ndéanfaí cartlannú digiteach den ábhar seo uilig (idir thaifid chraolta agus scríofa) agus go mbunófaí suíomh idirlín ar nós Cartlann Nuachtán na hÉireann (www.irishnewsarchive.com) ina mbeadh teacht go furasta ag an phobal ar an ábhar ríluachmhar seo. Ionad ilfhreastail a bheadh ina leithéid de shuíomh ina mbeadh scoláirí, iriseoirí, nó go deimhin baill fhiosracha den phobal, ábalta teacht ar chartlann físe, fuaime agus focail d’aon chlic amháin. Seirbhís phoiblí ríthábhachtach a bheadh ina leithéid agus dá réir sin, níl aon chúis nach bhféadfaí maoiniú a fháil ón Chrannchur Náisiúnta."

An smaoineamh é seo, a chosnódh airgead cinnte ach nach bhféadfadh go mbeadh sciar mhór den airgead ag dul ar phá a íoc le daoine atá dífhostaithe faoi láthair! B'fhearr an t-airgead a chaitheamh ar an gcaoi sin ná ar aistriúchán a dhéanamh ar thuarascálacha toirtiúla nach léitear!
tabhair freagratabhair freagra #14 Tadhg 9 Meán Fómhair 2013, 17:33 GMT
Gan dabht is moladh spéisiúil é suíomh den chineál sin a thógáil ach cá gheobhfamid an t-airgead dó?
tabhair freagratabhair freagra #15 Maoilsheachlainn 9 Meán Fómhair 2013, 18:16 GMT
> "Ba cheart de réir mo bharúlsa go ndéanfaí cartlannú digiteach den ábhar
> seo uilig (idir thaifid chraolta agus scríofa) agus go mbunófaí suíomh
> idirlín ar nós Cartlann Nuachtán na hÉireann (www.irishnewsarchive.com)
> ina mbeadh teacht go furasta ag an phobal ar an ábhar ríluachmhar seo.
> Ionad ilfhreastail a bheadh ina leithéid de shuíomh ina mbeadh scoláirí,
> iriseoirí, nó go deimhin baill fhiosracha den phobal, ábalta teacht ar
> chartlann físe, fuaime agus focail d’aon chlic amháin. Seirbhís phoiblí
> ríthábhachtach a bheadh ina leithéid agus dá réir sin, níl aon chúis nach
> bhféadfaí maoiniú a fháil ón Chrannchur Náisiúnta."
> An smaoineamh é seo, a chosnódh airgead cinnte ach nach bhféadfadh go
> mbeadh sciar mhór den airgead ag dul ar phá a íoc le daoine atá
> dífhostaithe faoi láthair! B'fhearr an t-airgead a chaitheamh ar an gcaoi
> sin ná ar aistriúchán a dhéanamh ar thuarascálacha toirtiúla nach léitear!

I gcead duit a Dhonnchadha, ní dóigh liom go dtuigeann tú an tábhacht a bhaineann leis na tuarascálacha seo. Glacaim leis gur beag duine a léann iad i mBéarla agus i nGaeilge. Tá sé tábhachtach, áfach, ó thaobh na cothromaíochta de go mbeadh a leithéid aistrithe. Ceist stádais agus ceart lucht na Gaeilge atá ann
tabhair freagratabhair freagra #16 Colin Ryan 12 Meán Fómhair 2013, 06:13 GMT
An ceart ar fad ag Breandán agus é ag trácht ar an neamhshuim atá ag lucht staire i bhfoinsí Gaeilge – foinsí a bhfuil tábhacht leo fiú agus stair na nGael thar lear á plé. B’fhéidir go dtiocfadh cuma eile ar an scéal feasta, áfach, mar thoradh ar an ngaelscolaíocht agus glúin nua dhátheangach ag teacht ar an bhfód, fiú más mionlach iad.
tabhair freagratabhair freagra #17 Feardorcha 12 Meán Fómhair 2013, 16:31 GMT
Ní léann éinne na meáin ganmhaithe Gaolainne pé scéal. Cad tá iontu ach scéalta neafaiseacha áitiúla nó dream eile ag ligint orthu saineolas a bheith acu agus nach bhfuil an nuacht Béarla léite cheana féin acu? Is é an rud is fiúntaí fúthu ná gur i nGaolainn atáid agus, i ndáiríre, is leamh-aistriúcháin a bhformhór sin féin inniu. Labhair ar fhimínteacht agus cur i gcéill!!
Dá mbeadh sampla amháin le dealramh ag Breandán de rud éigin a d'fhág na staraithe seo ina ndiaidh d'uireasa Gaolainn bheadh sé go mór chun leasa a argóna. Meas sibh an fiú an t-alt seo a choimeád i dtaisce don ghlúin inár ndiaidh...?
tabhair freagratabhair freagra #18 Pól Ó Duibhir 12 Meán Fómhair 2013, 18:54 GMT
"Liosta le háireamh de fhoinsí i mBéarla a bhíonn ar chúl aon leabhar taighde a fhoilsítear i nGaeilge ach is fíor-annamh go bhfeicfeá aon tagairt do shaothair i nGaeilge ar chúl a mhacasamhail de leabhar a fhoilsítear i mBéarla."

Eisceacht, más ea, is ea an leabhar Béarla, Knock, le Eugene Hynes, ina bhfuil foinsí Gaeilge luaite sa liosta ar cúl.

An-leabhar ar fad is ea é.
tabhair freagratabhair freagra #19 Séamus 12 Meán Fómhair 2013, 20:47 GMT
Léiriú é cacamas Fheardorcha thuas go dtéann an tóirtéis agus an t-aineolas le cois a chéile agus ná fuil teora le buaileam-sciath an phriompallláin. Agus maidir le S Ní C nach bhfuil de mhisneach aici nó nach bhfuil ar a cumas a hainm a scríobh, mo thrua ghéar a ceann cipín gan bhrí. Cuimhníodh sí go mbeidh sí féin anonn san aois chomh maith lá éigin -má bhíonn rith an ráis léi- agus cén meas a bheidh aici uirthi féin ansin? NÍ FÉIDIR STAIR NA hÉIREANN A THUISCINT MUNA bhFUIL GAEILGE AGAT agus tá a fhios sin go maith ag priompalláin/​staraithe na hÉireann.
Féach iad seo leanas: 'Aisling Ghéar' le Breandan Ó Buachalla, 'Ó Chéitinn go Raiftearaí' le Vincent Morley, Ó Donnabháin Rosa I agus II agus Artúr Griffith le Seán Ó Luing, Maraíodh Seán Sabhat Aréir le Mainchín Seoighe agus arl agus arl. Téigí i mbun léitheoireachta sula rachaidh sibh i mbun pinn a thuilleadh, in ainm Chroim.
tabhair freagratabhair freagra #20 Cathal OLuain 14 Meán Fómhair 2013, 06:24 GMT
> Léiriú é cacamas Fheardorcha thuas go dtéann an tóirtéis agus an
> t-aineolas le cois a chéile agus ná fuil teora le buaileam-sciath an
> phriompallláin. Agus maidir le S Ní C nach bhfuil de mhisneach aici nó
> nach bhfuil ar a cumas a hainm a scríobh, mo thrua ghéar a ceann cipín gan
> bhrí. Cuimhníodh sí go mbeidh sí féin anonn san aois chomh maith lá éigin
> -má bhíonn rith an ráis léi- agus cén meas a bheidh aici uirthi féin
> ansin? NÍ FÉIDIR STAIR NA hÉIREANN A THUISCINT MUNA bhFUIL GAEILGE AGAT
> agus tá a fhios sin go maith ag priompalláin/​staraithe na hÉireann.
> Féach iad seo leanas: 'Aisling Ghéar' le Breandan Ó Buachalla, 'Ó Chéitinn
> go Raiftearaí' le Vincent Morley, Ó Donnabháin Rosa I agus II agus Artúr
> Griffith le Seán Ó Luing, Maraíodh Seán Sabhat Aréir le Mainchín Seoighe
> agus arl agus arl. Téigí i mbun léitheoireachta sula rachaidh sibh i mbun
> pinn a thuilleadh, in ainm Chroim.
tabhair freagratabhair freagra #21 Cathal OLuain 14 Meán Fómhair 2013, 06:32 GMT
> Léiriú é cacamas Fheardorcha thuas go dtéann an tóirtéis agus an
> t-aineolas le cois a chéile agus ná fuil teora le buaileam-sciath an
> phriompallláin. Agus maidir le S Ní C nach bhfuil de mhisneach aici nó
> nach bhfuil ar a cumas a hainm a scríobh, mo thrua ghéar a ceann cipín gan
> bhrí. Cuimhníodh sí go mbeidh sí féin anonn san aois chomh maith lá éigin
> -má bhíonn rith an ráis léi- agus cén meas a bheidh aici uirthi féin
> ansin? NÍ FÉIDIR STAIR NA hÉIREANN A THUISCINT MUNA bhFUIL GAEILGE AGAT
> agus tá a fhios sin go maith ag priompalláin/​staraithe na hÉireann.
> Féach iad seo leanas: 'Aisling Ghéar' le Breandan Ó Buachalla, 'Ó Chéitinn
> go Raiftearaí' le Vincent Morley, Ó Donnabháin Rosa I agus II agus Artúr
> Griffith le Seán Ó Luing, Maraíodh Seán Sabhat Aréir le Mainchín Seoighe
> agus arl agus arl. Téigí i mbun léitheoireachta sula rachaidh sibh i mbun
> pinn a thuilleadh, in ainm Chroim.
« » 1 2 3 4 5
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!