« » 1 2 3 4 5
tabhair freagratabhair freagra #2 E Ó T 5 Meán Fómhair 2013, 16:51 GMT
Tá go leor ábhar machnaimh ins an alt seo. Aontaím leat faoin léamh claonta a bhíonn ag na revisionists ar an stair ach i mo thuairimse leisce is mó is cúis leis. Dá mbeidís ag iarraidh i ndáiríribh a bheith críochnúil ina gcuid taighde, d'fhoghlaimfidís an teanga. Cheapfainn gur d'aon turas nach bhfuil an léamh seo acu ar an stair
tabhair freagratabhair freagra #3 Fearn 6 Meán Fómhair 2013, 14:51 GMT
Alt spéisiúil gan dabht.
Tá na gnáthamhrasán ann: neamhaird lucht an bhéarla ar lucht na Gaeilge.
Maille leis sin tá neamhaird lucht na Gaeilge ar lucht na Gaeilge. Tá nósanna taighde stairithe agus iriseoirí agus easpa cartlainne Gaeilge a lua.
Ach is faoi lucht na Gaeilge a leigheas. Smaoineamh maith é a thuilleadh rud ar chur ar líne. B'fhéadar go bhfuil arm pinsinéirí le Gaeilge amuigh ansin, le traenáil bheag, a chuirfeadh an beart seo i bhfeidhm?
Rud eile, is minic mé ag caoineadh cionn is nach bhfuil fáil agam ar leabhra Gaeilge a chuireadh i gcló caoga, céad bliain ó shoin. Tuige nach bhfuil an t-arm seo a n-uaslódáil ar líne?
Ní gá maoin mhór ó éinne ach díogras ó na pinsinéirí a chaith an tsochaí ar an charn aolaigh agus plean ó eagras éigin.
Leabhra agus taifid stairiúla, cad eile atá le chur suas againn?
tabhair freagratabhair freagra #4 S Ní C 6 Meán Fómhair 2013, 15:35 GMT
I gcead daoibh a fhearaibh. Níl éinne ag iarraidh sean-altanna as nuachtáin a theip orthu a léamh. Go deimhin níl éinne ag iarraidh sean-leabhra Gaeilge a theip orthu a léamh, fiú amháin na pinsinéirí a bhí tú ag caint faoi.
tabhair freagratabhair freagra #5 Fearn 6 Meán Fómhair 2013, 16:06 GMT
> Go deimhin níl éinne ag iarraidh
> sean-leabhra Gaeilge.... a léamh,

Tá! :-) Mise mar dhuine.
tabhair freagratabhair freagra #6 Seoirse Dúán 6 Meán Fómhair 2013, 17:30 GMT
Chuir an t-alt seo mé ag smaoineamh faoi ábhar cartlainne. Measaim gur smaoineamh maith é an one stop shop ach in ainm Chroim cá bhfaighfeadh muid an t-airgead? An dtuigeann an t-iriseoir go bhfuil géarchéim eacnamaíochta ann? Austerity a mhac
tabhair freagratabhair freagra #7 S Ní C 7 Meán Fómhair 2013, 10:09 GMT
> > Go deimhin níl éinne ag iarraidh
> > sean-leabhra Gaeilge.... a léamh,
> Tá! :-) Mise mar dhuine.

Tá mé ag glacadh leis gur pinsinéir tú fhéin a Fheirn
tabhair freagratabhair freagra #8 Fearn 7 Meán Fómhair 2013, 13:51 GMT
> Tá mé ag glacadh leis gur pinsinéir tú fhéin a Fheirn

Tuige an glacadh seo, a Ch?
tabhair freagratabhair freagra #9 An Rianach 7 Meán Fómhair 2013, 16:34 GMT
Nach bhfuil go leor staraithe a bhfuil gaeilge acu freisin ar nós Gearóid Ó Tuathall agus Liam de Paor?
tabhair freagratabhair freagra #10 S Ní C 8 Meán Fómhair 2013, 10:43 GMT
> > Tá mé ag glacadh leis gur pinsinéir tú fhéin a Fheirn
> Tuige an glacadh seo, a Ch?

Cé eile a léireodh spéis i seanaltanna agus seanleabhra leadránacha
tabhair freagratabhair freagra #11 Fearn 8 Meán Fómhair 2013, 20:16 GMT
> > > Tá mé ag glacadh leis gur pinsinéir tú fhéin a Fheirn
> > Tuige an glacadh seo, a Ch?
> Cé eile a léireodh spéis i seanaltanna agus seanleabhra leadránacha

Cé eile a chuifeadh ceist amadach?? :-)
« » 1 2 3 4 5
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!