CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Tréithe an Ríomhchláraitheora agus Móráltacht na Tráchtála
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Is é tuairim Roseanne Smith go bhfuil stiúir agus tuiscint de dhíth ar aos oibre na ríomhchláraitheoireachta leis an gcóir a íoc le lucht na cruthaitheachta.

Críochnaigh m’alt deiridh ar thaobh aibhéise de shaghas inar chuir tús le ceist mhór i leith oideachas na teicneolaíochta. Bhí roinnt plé ansin idir féin agus Aonghus i dtráchtaireachtaí leis an alt féin agus ar Twitter. I ndeireadh báire, scaoil Aonghus leis ar a bhlag féin inar mhínigh an scéal ar fad agus a thuras pearsanta isteach i saol an ríomhcláraitheora. Is spéisiúil an léargas é agus is fiú a léamh: http://aonghus.blogspot.com/2012/01/oideachas-agus-oiliuint.html

Sa bhlag mhír seo pléann na bunclocha atá de dhíth chun ríomhcláraitheoir a thógáil. Táim féin den tuairim gurb iad foighde agus stuacacht na tréithe is atá de dhíth ar ríomhchláraitheoir: foighde chun chur suas le cliaint dúra cosúil liomsa agus stuacacht chun leanúint leat i gcoinne constaicí loighice agus dothuisceana a bhíonn, go minic, féinchruthaithe.

Ach in ionad a bheith ag scaoileadh fúm is tharam anseo faoin droch-chaoi ina bhfuil oideachas na teicneolaíochta sa tír seo, tharraing scéal eile mo shúil le mhí anuas: is mise snag breac na teicneolaíochta amach is amach! Is constaic a pléadh sa nuacht teicneolaíochta le déanaí ó shocraigh roinnt comhlachtaí idirlín tabhairt faoi lándorcha in agóid ar SOPA. Rinne acht rialtas SAM Stop Online Piracy Act jab an-cheisteach de reachtaíocht cóipchirt don idirlíon. Fuair an reachtaíocht seo an-chuid tacaíochta ó na foilsitheoirí móra ceoil, scannáin agus téacs ach is beag comhlacht idirlín, ceoltóir, ealaíontóir foilsitheoir beag a bhí chomh tógtha leis. Is féidir an scéal ar fad a léamh is a thuiscint trí SOPA a chuardach ar líne. An fhadhb is a bhí ag lucht a fhreasúra ina gcoinne an tslí gur shocraigh lucht a dhréachta ar chasúr a úsáid in áit an chleite. A luaithe is a bhí ábhar faoi chóipceart scaipthe ar ghréasán bhí i gceist an gréasán sin a ghearradh ón idirlíon trí iarraidh ar ISP a chuntas a dhúnadh agus trí stop a chur le suíomhanna eile, beag mór, nascadh leo.

In Éirinn

Shocraigh brúghrúpa Éireannach StopSOPAIreland úsáid a bhaint as an spéis idirnáisiúinta seo i gcúrsaí dlí, teicneolaíochta agus cearta chun feachtas tráthúil a sheoladh le haird a tharraingt ar reachtaíocht atá idir láimhe san Oireachtas faoi láthair. De réir mo thuisceana, deacracht ag an dream seo leis an mbealach ina bhfuil an reachtaíocht seo á achtú chomh maith le hábhar an achta féin. Is é bun agus barr an scéil nach ionann múnla gnó na gcomhlachtaí ceoil, scannáin, bogearraí is leabhair (EMI srl.) atáag cosaint a gcóipceartagus comhshaoil réadúil an chultúir chéanna seo. Níl an t-airgead céanna le déanamh as an gcultúr seo a scaipeadh a thuilleadh agus an dinosaur ag fulaingt, ag casacht is ag rith ón scamall dubh atá ag alpadh a dhomhain. N’fheadar céard a bheas fágtha: cúpla puirtleog raithní, crogall agus armadillo? Ach fásfaidh bláthanna agus feilecáin, rud nár mhair faoi na ndionosár.

An toradh is dar liom as an aird seo atá ar SOPA agus reachtaíocht digiteach, idirlín agus cóipcirt gur tharraing seo ceist na cruthaitheachta sa dhigiteach go lár an aonaigh arís. haon saineolaí dlí ach deirfiúr agus triúr deartháir agam gur ealaíontóirí is ceoltóirí iad (Is mise caora bán na clainneiad siúd na cuilthíní). i measc mo chol ceathracha dearthóir faisin, ceoltóir eile, iriseoir, grianghrafadóir (atá pósta le grianghrafadóir): sin an-chuid daoine atá ag brath ar chultúr agus ar a gcearta mar chruthaitheoirí an chultúir sin le snáith a choinneáil faoin bhfiacail. Maith dom mar sin bhraitheann go bhfuilim rud beag claonta ar cheist an chóipchirt sa dhigiteach.

Níl aon cheist gur le hathbhreathnú ar dhlithe cóipchirt atá de dhíth mar nach n-oireann dlí analógach don dhigiteach; dlí a scríobhadh in am an leabhair, na téipe agus an cheirnín. Sa úr seo, is féidir cóip dhigiteach fhoirfe a dhéanamh go síoraí. Nuair is féidir é sin a dhéanamh, druideann costas tairgeadh an bhunruda i ngar do neamhní. Conas gur féidir luach a chur leis an mbunrud mar sin? Ach fós costais ag baint le cruthú cultúir: go bunúsach, caithfidh ealaíontóir ithe agus ar thaobh eile an scéil, is foireann a íoc i dtionscail idirnáisiúnta an cheoil is na scannánaíochta.

Na Duartain in Aisce

Is minic anois go mbíonn indéanta cóip a fháil gomídhleathach’ nuair nach féidir aon a fháil go dleathach: féach mar shampla an clib TV ar do chuid iTunes: níl faic ann ach is féidir duartan a fháil den tsraith is nuaí ar teilifís áit ar bith ar domhan: caill do shobalchlár Filipíneach is ansa leat arís go brách! an raibh féin chomh díomach is bhí féin faoi raon clár a bhí ar fáil ó Netflix nuair a seoladh iad le rí-rá mór anseo le déanaí? Is cinnte go luíonn bochtanas an rogha seo ag doras na gcomhlachtaí móra foilseacháin agus rialtas na tíre seo mar nach féidir leo réiteach a shocrú le leitheidí iTunes, Netflix, Spotify srl. a ligfeadh dóibh a gcatalóg a roinnt anseo. Céard é an dara rogha mar sin? Fan go dtí go bhfuil an t-ábhar ar fáil ar DD ar DVD?

Ach ceist teicneolaíochta seo ar fad dar liom. Is dúinn, in ionad léimt isteach ar an scéal, smaoineamh ar céard uainn. fonn orainn éisteacht le ceol, leabhair a léamh, breathnú ar scannáin agus bogearraí áisiúla a úsáid. a leithéid ann agus siad ar fáil go dleathach. roinnt den ábhar seo agus luíonn a gcóipceart leis an duine a chruthaigh é ach cuid eile de agus is le comhlacht a luíonn an cóipceart. Is iadsan atá ag seasamh an fhóid i leith a gcóipceart ar son na gcruthaitheoirí agus ar ndóigh, ar maithe le leas a bhaint as an gceart céanna sin.

Tionscal Faoi Stró

Mar sin is ceist oideachais agus moráltachta atá ann dar liom mhúintear go bhfuil luach ag baint le gach píosa ábhair a chruthaítear. Ach an ionann an luach a chuirtear síos do scannán nua Martin Scorsese agus céimí scannáin saothar Crash Ensemble agus buaiteoir X Factor? Gach seans nach gcuirfeadh formhór mór na ndaoine luach le haon cheann díobh. Sna argóintí seo freisin, bíonn an iomarca béime ar cheol: píosaí trí noiméad a d’fhéadfadh, ar maith, scríobh i maidin amháin, in aon uair amháin. Ach bradaíl ar siúl ar scannáin, leabhair, bogearraí agus ar chláracha teilifíse, cnapáin chultúir a ghlacann na céadta uair an chloig ar na céadta daoine lena gcruthú. Teipfidh ar an tionscadal seo munar féidir múnla agus bealach nua a chruthú chun idirbheart an chultúir a chur i gcrích.

Conas gur féidir a leitheid a mhúineadh agus leis ancuraclam”? Thuig Tim O Reilly an cheist nuair a dúirtObscurity is the problem, not piracy”. saothar á chóipeáil, á íosluchtú, go dleathach mídleathach agat; is é an fhadhb is nuair nach bhfuil tóir ar an saothar; nuair nach bhfuil sa bhfaisean. Agus i gcomhthéacs cultúr an X-Factor, nach leor luach teachtaireacht téacs ar do chuid saothar? Nachleosiúd a vótáil ar a son buaiteoir an chomórtais?

seo an chéad uair a scríobh faoi luach chultúir agus ealaíne agus táim cinnte go dtiocfaidh ar ais chuige.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.