CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Trasna na dtonnta
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

An forbróir bogearraí thú féin, ar nós lucht leanta Google Wave? Tá Roseanne Smith ag faire ar a bhfuil ag titim amach le forbairt na Toinne.

Íomhá
Tonn Gúgail

Smaoinigh anois ar an mbogearra idirlín a úsáidfeaschuile lá. Céard é féin? Chuimhnigh tú ar an ngréasán féin, gan amhras, nó ar fheidhmchlár ar an ngréasán, nó ar ndóigh, ar an r-phost. I dtaighde a foilsíodh faoi úsáid teicneolaíochta i measc mac léinn idir 18 agus 24 bliain d’aois an Deireadh Fómhair seo chaite ag Participatory Marketing Network (http://thepmn.org/) agus Pace University’s Lubin School of Business’ IDM Lab dúirt 26% de fhreagróirí nach mairfeadh siad seachtain gan r-phost. (http://www.pace.edu/pace/lubin/departments-and-research-centers/marketing-department/interactive-and-direct-marketing-lab/) Cuir i gcomórtas leis nár dhúirt ach 15% díobh nach mairfeadh siad seachtain gan teilifís agus 9% díobh a mhaígh go mbeadh siad caillte gan suíomhanna líon gréasáin. Seo an ghlúin ar a dtugtar ‘dúchasaigh digiteacha’ agus tá siad ag brath ar an teicneolaíocht atá thart fá 40 bliain ar an bhfód! Tá sé uilig ráite i bhfís amháin ar YouTube (http://www.youtube.com/watch?v=rDu2A3WzQpo). Tá an teicneolaíocht seo, r-phost, chomh sean féin leis an Lava Lamp. Groovy man, I dig it!Samhlaigh mar sin go raibh tú ar thóir an dúshlán is mó agus tú ag iarraidh muirthéacht theicneolaíochta a thosnú. Ní bhacfá le líonraithe sóisialta, ní bhacfá le teilifís, ní bhacfá le suíomhanna gréasáin, ach thabharfá aghaidh ar an 26% sin agus thabharfá faoi r-phost. Tá sé thar am iomaitheoir a chrúthú don teicneolaíocht sheanaimseartha, ach uileláithreach, seo.

Google Wave

Samhlaigh freisin gur ceann de na comhlachtaí móra teicneolaíochta thú (lig dom taobhú le roinnt cruthaitheachta anseo!) agus go bhfuil tú ag tairiscint seirbhísí r-phoist cheana féin. Cé go bhfuil 7396.807041 meigibheart de spás ann (ag am scríbhneoireachta) don r-phost ar fad seo, tá a fhios iomlán ag an gcomhlacht seo go bhfuil na r-phoist ar fad seo is na hiatáin a théann leo ag ithe suas an spás sin ar na freastalaithe a chuireann siad ar fáil mar sheirbhís eile. Chun an ghéarchéim seo a sheachaint cruthófá bealach nua chun obair r-phoist a dhéanamh. Is é sin bun agus barr Google Wave, an uirlis idirlín nua a sheol Google mí Bealtaine seo chaite.

Slí na Forbartha

Deir Google gurb é an spreagadh a bhí ann dóibh ná cad a chruthófá dá mbeifeá ag cruthú r-phost inniu agus líon na n-uirlisí idirlín atá ar fáil chun obair agus súgradh a éascú. Níor éirigh leo an coincheap a dhíol go fóill, ach nuair a roinn Twitter a API (comhéadán feidhmchlár) leis an saol mór, bhí rath orthu. De réir scríbhneoir forbartha gréasáin amháin (www.webjackalope.com), tá céimeanna ar leith a bhaineann le fás agus le forbairt spéise i bhfeidmchláracha gréasáin:1. Scaoil an táirge leis na luathghlacóirí2. Glacann siadsan síntiús d’aon ghnó, cé nach dtuigeann siad feidhmeanna an táirge3. Glacann níos mó daoine síntiús de bharr na luathghlacóirí4. Scaoil an API5. Tagann forbróirí eile aníos le feidhmeanna nua agus b’fhéidir níos spéisiúla6. Déantar athchóiriú ar an táirge féin bunaithe ar an aiseolas méadaithe de bharr na bhfeidhmeanna nua.

Cé go bhfuil an API scaoilte ag Google ón tús, níl céim 3 thús sroichte ag Google Wave go fóill. Tá na luathghlacóirí ann, tá giuirléidí á gcruthú ag forbróirí don Wave dúinn, ach níl a dhóthain feidhmeanna tionscantacha feicthe againn go fóill. Is féidir lenár n-uirlísí gréasáin eile ar fad an obair sin a éascú dúinn cheana. Fiú uirlísí gréasáin Google féin cosúil le Gmail, GoogleDocs nó YouTube srl.Ach is dócha an fhadhb is mó le Wave, nach raibh ag na feidhmchláracha gréasáin nua eile ar fad, ná toisc a bhunús mar scriostóir r-phoist, ní féidir le Wave r-phost a chur chugat chun d’aird a tharraingt ar an rud go bhfuil duine de do theagmhálaí ag iarraidh tonn a mharcaíocht leat.Nuair a d’fhiafraigh mé ar Twitter “Céard é an ghné is fearr de Wave dar leat?” dúirt bean amháin liom “The "close browser window" is my favourite feature of Google Wave - sorry!”Tá roinnt caidrimh phoiblí fós le déanamh ag Google Wave is dócha!

Chruthaigh Google an uirlis nua seo, ní hamháin mar athchur r-phoist ach mar uirlis chomhoibrithe. Is féidir cáipéisí is pictiúir a tharraingt ó do ríomhaire féin; is féidir eagarthóireacht a dhéanamh ar na cáipéisí céanna; agus is féidir daoine breise a tharraingt isteach más gá. Bhuel, beifear ábalta nuair a osclófar suas níos mó é. Faoi láthair, caithfear cuireadh a fháil ó “Waver” roimh thús a chur leis an turas trasna na dtonnta. Ceann de na gnéithe is spéisiúla faoi Wave, dar liom, ná an ghné a ligeann duit gach pointe eagarthóireachta a sheinnt ar ais (“Playback”). Má thagann tú mar sin ar Tonn déanach, nó má tharraingtear isteach i gceann go déanach thú, is féidir gabháil siar ar an obair a rinneadh go dtí seo. Seo an rud a rinne mé féin nuair a tháinig mé, le cabhair mhór ó mo chairde ar Twitter, ar an dTonn Poiblí a bhí cruthaithe do Barcamp Cork. Is neamhchomhdháil í Barcamp a eagraíodh le déanaí agus an plean a bhí ann ná imeachtaí na neamhchomhdhála a roinnt thar Wave. Cé go bhfuil an-mheas agam ar thiomantas agus ar thionscantach an ghrúpa Tonntóirí, ba léir nach raibh mórán clú acu conas an fheidhm is fearr a bhaint as. Nílim ag rá go mbeadh aon dath eolais níos mó agamsa ach oiread agus ní thuigimse conas a bhí Wave a dhath riabhach níos fearr ná, cuir i gcás, OnlineMeetingRooms.com a bhí sásta seomra cruinnithe a chur ar fáil don ócáid nó blagáil beo nó giolcadh beo ar an lá. Is dócha gurb é an fhis ná go mbeifeá, trí giúirléidí, ábalta na rudaí seo ar fad a dhéanamh taobh istigh de Tonn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.