CÚINNE NA nEALAÍON
Taispeántas Dhuais Turner an-pholaitiúil i mbliana
Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor

tathag ag baint le taispeántas Dhuais Turner i nGailearaí an Tate i Londain i mbliana nach bhfacthas cheana féin. Tuairisc ó Mary Beth Taylor.

Íomhá
The Holy Virgin Mary le Chris Ofili, a bhuaigh Duais Turner i 1998
Íomhá
The House of Osama bin Laden le Ben Langlands agus Nikki Bell
Íomhá
Radharc as Un Ballo in Maschera (A Masked Ball) le Yinka Shonibare
Íomhá
Agóid na Stuckists taobh amuigh de Ghailearaí an Tate i mbliana

Cad é an ceangal atá idir Maighdeana Muire déanta as cac eilifinte, caoirigh picilithe, éadaí leapa salaithe, and vásaí ceirmeacha ag léiriú gníomhartha gnéis i measc trasghléastóirí? Bhuel, mura bhfuil an freagra ar eolas agat cheana féin, tabharfaidh mé leid duit - is ealaín iad ar fad. Agus ní ealaín gan tábhacht atá i gceist mar gur bhuaigh na saothair aisteacha seo go léir an duais cháiliúil sin i saol na healaíne atá ar nós Oscars shaol na scannán: Duais Turner.

B’fhéidir nach saothair iad an pictiúr déanta as cac den Mhaighdean Mhuire le Chris Ofili (1998), cuid braillíní salaithe Tracey Emin (1999), agus cré-earraí pornagrafacha Grayson Perry (2003) a thabharfá mar bhronntanas do do mháthair, ach tá éirithe leo mar sin féin ní hamháin conspóid a chothú ach aird an phobail a tharraingt ar Dhuais Turner agus ar an ealaín nua-aimseartha sa Bhreatain chomh maith.

Cuireadh tús leis an duais i 1984 le hónóir a thabhairt d’ealaíontóirí faoi chaoga bliain d’aois atá ag obair sa Ríocht Aontaithe, nó d’ealaíontóirí ón Bhreatain atá ag obair thar lear, agus bronntar seic £20,000 gach bliain ar “shaothar atá ar ardchaighdeán” a cruthaíodh sa bhliain roimhe sin. Rinneadh an chonspóid a bhaineann leis an duais a athbheochan ar an 20 Deireadh Fómhair nuair a nocht na hiarrthóirí atá ar an ghearrliosta i mbliana a saothar i nGailearaí an Tate. Ach tá na saothair agus na díospóireachtaí atá ar bun mar gheall orthu i bhfad níos polaitiúla i mbliana ná mar a bhíonn de ghnách.

“Is ea,” a dúirt Stephen Deuchar, stiúrthóir Tate Britain, “tá sé measartha dáiríre i mbliana. Braitheann tú go bhfuil tiomantas i gceist agus suim sa domhan mór ó thaobh na polaitíochta de. Tá an pholaitíocht idirnáisiúnta mar chuid níos soiléire den saol laethúil na laethanta seo.”

Tá go leor plé á dhéanamh ar bheochan fíorúil idirghníomhach de theach iargúlta ar chónaigh Osama bin Laden ann ar feadh tamaill san Afganastáin i 1996, saothar a chruthaigh na healaíontóirí Ben Langlands agus Nikki Bell.

Is ráiteas é *The House of Osama bin Laden *faoi “éiginntitheacht” an chogaidh i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus tá sé mar a bheadh físchluiche ann. Le linn do na healaíontóirí a bheith san Afganastáin, áit ar chuir an Imperial War Museum i Londain iad tar éis thitim réimeas an Taliban in 2001, thóg siad grianghraif den teach agus rinne siad físeán digiteach astu, chun cur ar chumas cuairteoirí a mbealach a dhéanamh thart ar iarbhaile bin Laden ag úsáid luamháin stiúrtha.

“Ach níl aon spriocanna, piléirtóraitheoirí i gceist. Tá Langlands agus Bell tar éis fáil réidh leis an aidréanailín ón chluiche stua,” a dúirt Judith Nesbitt, coimeádaí thaispeántas Dhuais Turner, a bheas ar siúl go dtí go mbronnfar an duais i mí na Nollag.

“Madadh daonna”

Ní dócha go ndéanfar leathoiread cainte mar gheall ar Zardad’s Dog, scannán dhá nóiméad déag ó na healaíontóirí céanna.

Léiríonn an saothar, a rinneadh a scannánú i Kabul in 2002, triail dúnmharaithe sa Chúirt Uachtarach. Cuireadh in iúl do na healaíontóirí an mhí seo caite nach bhféadfaí an scannán áirithe seo a thaispeáint sa Tate de bhrí go ndéanfadh sé an giúiré atá ag éisteacht le cás Faryadi Sarwar Zardad san Old Bailey claonta. Tá sé curtha i leith Zardad, 42, gur taoiseach cogaidh ab ea é, go ndearna sé daoine a chéasadh agus gur fhuadaigh sé daoine le linn dó a bheith i gceannas ar bhaile darb ainm Sarobi idir 1992 agus 1996.

Tugadh an tUasal Zardad os comhair cúirte sa Bhreatain tar éis do na póilíní é a ghabháil i ndeisceart Londain, áit a raibh sé ag cur faoi. Tá an cás ag dul ar aghaidh go fóill agus is é an chéad cheann dá chineál é faoi dhlí idirnáisiúnta. Tá sé curtha i leith Zardad fosta go raibh “madadh daonna” aige a dhéanfadh a chuid íospartach a ionsaí dó.

tagairt i scannán Langlands agus Bell den mhadadh daonna seo. In áit an scannáin, tá sé beartaithe acu ráiteas a theilgean a mhíneoidh cén fáth nach féidir é a thaispeáint.

“Ní féidir linn cur i gcéill nach ndearna muid an scannán seo,” a dúirt Nikki Bell. “Ach ar mhaithe leis na finnéithe, éisteoidh muid leis an chomhairle a tugadh dúinn.”

Tá téamaí polaitiúla i gceist chomh maith i saothar an triúir eile atá ar an ghearrliosta i mbliana. Tugann clár faisnéise Jeremy Deller, Memory Bucket 2003, atá suite in Texas, an lucht féachana go dtí láthair léigear Waco agus baile dúchais an Uachtaráin George W. Bush, Crawford.

Tá Kutlug Ataman, as Istanbul ó dhúchas, ar an ghearrliosta mar gheall ar a scannán Twelve, ina bhfuil cur síos ar chúigear fear agus bean amháin, a chreideann in athionchollú, roimh agus i ndiaidh a mbáis.

Is é Yinka Shonibare, a d’fhás aníos i Londain agus Lagos, an duine eile atá ar an ghearrliosta. Tá cur síos ina fhíseán siúd, Un Ballo in Maschera (A Masked Ball), ar “fheallmharú an Rí Gustav II trí mheán an damhsa.”

Moladh

Tá go leor daoine tar éis taispeántas polaitiúil na bliana seo a mholadh, ag rá go bhfuil éirithe leis imeacht ón chineál baothshaothair a bhí ann blianta eile a d’fhéach d’aon ghnó le conspóid a spreagadh. Ach tá an dream atá ag cáineadh Dhuais Turner le fada, leithéidí the Stuckists, grúpa atá i gcoinne na healaíne nua-aimseartha, go fóill ag caitheamh anuas ar an Duais.

Tá cáineadh déanta acu go háirithe ar an dóigh a bhfuil na hiarrthóirí ar fad ar an ghearrliosta tar éis meán na físe a úsáid. Ghléas siad iad féin mar amhlóirí agus sheas taobh amuigh den Tate nuair a d’oscail an taispeántas, mar agóid i gcoinne an dóigh nach raibh pictiúir phéinteáilte ar bith i measc na saothar, den chúigiú huair.

“Bheadh go leor den stuif atá ann i mbliana oiriúnach do chlár faisnéise ar Channel 4,” a dúirt urlabhraí an ghrúpa, Charles Thomson. “Níl aon ghá go mbeadh sé seo i nGailearaí an Tate nuair atá an rud ceannann céanna ar siúl ar an teilifís.”

Tá cuid den cheart, gan amhras, ag na Stuckists. Ach, in ainneoin na conspóide, b’fhéidir go bhfuil gearrliosta 2004 ag bogadh ar shiúl ón chineál ruda a bhí ann blianta eile, ar a dtug an tAire Cultúrtha Kim Howell "cold, conceptual bullshit" in 2002. Ní dhéanfadh duine ar bith é a thuar ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil Duais Turner níos fásta suas i mbliana. Beidh sé níos deacra ag lucht a cháinte, dá bharr seo, cur ina leith nach bhfuil ann ach seó aonaigh.

Is as Georgia ó dhúchas í Mary Beth Taylor. Fuair sí a gcuid oideachais in Ollscoil Georgia agus Ollscoil Oxford. Tá céim BA aici sa Bhéarla agus i Staidéar na mBan, agus tá sí díreach tar éis iarchéim a bhaint amach sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is de bhunadh Éireannach í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.