AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tábhacht na vótóirí Caitliceacha, Gael-Mheiricéanacha
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Creideann an t-údar George Marlin gurb iad na Caitlicigh Ghael-Mheiriceánacha a shocróidh cé a bhainfidh toghchán na huachtaránachta sa tír an mhí seo. Tuairisc ó Tom Deignan.

Íomhá
Íomhá
An Seanadóir John Kerry
Íomhá
An tUachtarán George W. Bush

Agus é ag fás aníos in Greenpoint, Brooklyn mar mhac d’iarshaighdiúir cabhlaigh a bhí ag obair mar phóilín raoin i Nua-Eabhrac, chuir George Marlin suim sa pholaitíocht agus é an-óg.

“Faoi 1965, bhí mé ag canbhasáil ar choirnéil sráide do Bill Buckley,” a dúirt Marlin, ag tagairt don am a bhí an colúnaí coimeádach clúiteach mar iarrthóir do mhéaracht Nua-Eabhrac. “D’fhéach muid air mar stócach eile Éireannach ar éirigh go maith leis.”

Ní bheadh caill air sin mar chur síos ar Marlin féin - stócach Éireannach ar éirigh go maith leis.

Bhí Marlin an-phaiseanta faoin pholaitíocht agus roimh i bhfad bhí sé ag caitheamh ama i gcuideachta cuid de na daoine ba chumhachtaí i stát Nua-Eabhrac. Le linn na 1990í bhí sé ina Stiúrthóir Feidhmeannach ar an Port Authority of New and New Jersey, post thar a bheith cumhachtach, agus bhí an tIonad Trádála Domhanda i measc na bhfoirgneamh a bhí faoina chúram.

Na laethanta seo caitheann Marlin cúpla lá sa tseachtain taobh amuigh de Nua-Eabhrac de bhrí go bhfuil sé ina Chathaoirleach agus Príomhoifigeach Oibriúcháin ar an Philadelphia Trust Company. Ach níl ansin, mar a deir Marlin é féin, ach an “post lae”. Le cúpla bliain anuas, tá dhá leabhar fhíorspéisiúla scríofa aige chomh maith ar chuid de na gnéithe is tábhachtaí den pholaitíocht Ghael-Mheiriceánach.

Le tamall anuas, tá sé tar éis a bheith ag déanamh taighde ar ghrúpa a chuideoidh le toghchán uachtaránachta thar a bheith teasaí na bliana 2004 a shocrú: vótóirí Caitliceacha Mheiriceá.

Dhá bhliain ó shin, scríobh Marlin Fighting the Good Fight: A History of the New York Conservative Party. Shílfeadh go leor daoine gur tionscadal cineál ait é seo d’Éireannach, nuair a chuirtear san áireamh an dáimh atá ag na hÉireannaigh le fada do Pháirtí Daonlathach na Stát Aontaithe. Ach sin go díreach an pointe, a dúirt Marlin. Tháinig an Páirtí Coimeádach chun cinn breis is daichead bliain ó shin go díreach, go príomha mar gheall ar go raibh Caitlicigh Éireannacha Nua-Eabhrac tinn tuirseach den Pháirtí Daonlathach.

I measc na mbunaitheoirí bhí Kieran O’Doherty, fear a chaith tréimhse fhada ag cur faoi i Queens, ar tháinig a athair go Meiriceá as Dún na nGall.

Leabhar nua

Anois, tá Marlin tar éis tabhairt faoi thionscadal faoi bhlocvótóirí i bhfad níos mó ó thaobh líon daoine agus tionchair de. Is é an teideal atá ar a leabhar nua ná The American Catholic Voter: 200 Years of Political Impact.

Tá an nuacht is deireanaí le fáil sa leabhar seo mar gheall ar an fhronta conspóideach sin ar a dtugtar “an vóta Caitliceach” agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an rás leis an Teach Bán a bhaint amach idir George W. Bush agus John Kerry.

Tá Bush agus Kerry i ndiaidh a bheith ag troid go fíochmhar leis na vótaí sin a bhaint amach, go háirithe - mar a deir Marlin - i stáit mar Wisconsin, Pennsylvania, Ohio agus Missouri.

“Is iad na vótaí sin a shocróidh cé a bhuafaidh an toghchán,” a dúirt Marlin faoi na vótóirí Caitliceacha sna stáit sin.

léargas i leabhar Marlin ar dhá chéad bliain d’iompar polaitiúil, agus ról lárnach na nÉireannach sa pholaitíocht le linn na tréimhse sin.

Maidir le 2004, tá Marlin den tuairim gurb é Bush a gheobhaidh an líon is mó vótaí Caitliceacha. Dúirt sé, mar shampla, go bhfuil cuid mhór tacaíochta ag Kerry (ar Caitliceach gníomhach é) ó na Caitlicigh i Nua-Eabhrac agus Massachusetts, ach gur sin stáit a mbeifeá ag súil le Kerry an ceann is fearr a fháil ar Bush iontu cibé.

Déanann Marlin idirdhealú tábhachtach idir na Caitlicigh seo de chuid an Oirthuaiscirt, a bhfuil go leor “cafeteria Catholics” ina measc, is é sin iad siúd a roghnaíonn na gnéithe den chreideamh ar mian leo cloí leo, agus Caitlicigh eile. Tá daoine ann a deir gur Caitliceach mar seo é Kerry, nuair a chuirtear san áireamh an seasamh atá sé tar éis a ghlacadh i gcás an ghinmhillte agus ceisteanna conspóideacha eile.

Dá bhrí sin, tá Marlin den tuairim le fada gurb iad na Caitlicigh ghníomhacha ó stáit na n-oibrithe láimhe sa Mheán-Iarthar a shocróidh toradh an toghcháin.

“Sílim gurb iadsan a roghnóidh an chéad uachtarán eile,” arsa Marlin.

Roimh an toghchán, d’fhógair Rialtas Bush go raibh siad ag brath “plean sláinte Caitliceach” a thairiscint d’fhostaithe feidearálacha. Mar a dúirt an New York Times, “tá sé ráite go soiléir nach bhfuil íocaíochtaí ceadaithe faoin phlean le díol as frithghiniúint, ginmhilleadh, aimridiúinseamhnú saorga.”

B’fhéidir, ar ndóigh, gur comhtharlúint atá ann gur fógraíodh an plean ag an am seo. Ach de bhrí gur tharla sé díreach roimh an toghchán, tá an chuma ar an scéal go raibh an ceart ag Marlin - is é sin, go bhfuil tábhacht an-mhór ag baint le vótaí na gCaitliceach Gael-Mheiriceánach (agus Caitlicigh ó ghrúpaí eitneacha eile) sa rás le huachtaránacht na Stát Aontaithe a bhaint amach.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, Coming to America: Irish Americans (Barron’s), anuraidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.