CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Tá Ceist na Gaeltachta i mBéal an Phobail Arís
Íomhá
Éisteacht le muintir na sochtheangeolaíochta
Íomhá
Tógáil ar a bhfuil ann
Íomhá
Ar luas áirithe an phobail

Tá ceist na Gaeltachta i mbéal an phobail arís as siocair amháin nó eile. Ó shonraí an daonáireamh a rinneadh i 2011 tugtar le fios dúinn go bhfuil 23,000 duine a labhrann Gaeilge achan lá. Ar na mallaibh, fosta, sheol an tAire Donncha Mac Fhionnlaoich an scéim pleanála teanga don Ghaeltacht chomh maith le scéim thacaíochta do theaghlaigh.

Is féidir a rá, is dócha, go n-aontaíonn daoine go bhfuil líon na gcainteoiri laethúla Gaeilge (lasmuigh den chóras oideachais), a sonraíodh i dtorthaí an daonáirimh, ag teacht leis an mhéid a bheadh daoine ag meas. Is í an cheist a fhágtar linn ná an mbeidh na tionscnaimh éagsúla a sheol an tAire in ann an méid seo daoine a choinneáil ag labhairt go rialta agus an féidir an taoide a athrú leis an líon cainteoirí a mhéadú?

Ar an chéad dul síos, tá lucht gníomhaíochta na Gaeilge ag fanacht le fada le céimeanna dearfacha a theacht as saothar Choimisiún na Gaeltachta agus as An Staidéar Teangeolaíoch a rinneadh seal de bhlianta siar. Tá moladh ag dul don Aire as an bhogadh ar aghaidh agus caithfear dlús a chur anois leis an obair agus leis na gníomhaíochtaí.

An Géarfhocal i gCónaí

Mar a tharlaíonn rómhinic na laethe seo, i saol na Gaeilge, is túisce a thagann an cáineadh ná an moladh d’aon bheart agus tá sé amhlaidh an iarraidh seo. Ní raibh an dúch tirim ar an pháipéar sular ionsaíodh gach uile ghné de na moltaí. Níl go leor don óige; níl go leor do theaghlaigh; níl na hacmhainní ann; níl na cáilíochtai cuí ag eagraíochtaí chun tabhairt faoi agus neart eile nach iad.

Ag deireadh an lae, níl de rogha againn ach iarrachtaí a dhéanamh tuismitheoirí a spreagadh le Gaeilge a labhairt lena gclann. Ni thig linn siúl isteach thar an táirseach le bata mór le brú a chur orthu. Labharfaidh tuismitheoirí Gaeilge lena gclann má fheiceann siad go mbeidh sé ina chuidiú dóibh i rith a saoil. Déanfar é má bhíonn sé mar chabhair acu ar an scoil agus ina saol oideachais agus oibre. Muna bhfuil na scoileanna ag feidhmiu i nGaeilge, ní bhacfaidh na tuismitheoirí le cinneadh dearfach a dhéanamh.

Leis an scéim pleanáil teanga, tá Údarás na Gaeltachta le scéimeanna pleanála a fhorbairt i naoi bpobal déag Gaeltachta i gcuideachta na gcomhlachtaí pobail atá á maoiniú cheana féin. Beidh an obair seo ar siúl ar threoir ón Roinn agus le comhairle ó shaineolaithe Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta féin. Is ar an talamh i measc na bpobal atá an dushlán. Beidh ar fheidhmeannaigh na gcoistí pobail go leor dá gcuid obair reatha a chur ar leataobh le díriú ar an iarracht pobail a iompú i dtreo na Gaeilge arís. Tá pobail bheaga taobh le taobh i gceantracha áirithe agus leibhéil úsáide Gaeilge éagsúla iontu agus beidh ar an phleanáil agus ar an ghníomhú déileáil le seo.

Ar aon chuma, tá súil againn go gcuirfear na maslaí, na gearáin agus an chasaoid ar leataobh ar feadh tréimhse sa tslí gur féidir bogadh ar aghaidh ar iarrachtaí éagsúla le hathruithe móra a chur i gcrích.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.