tabhair freagratabhair freagra #1 séamus mac Seáin Béal Feirste 7 Bealtaine 2012, 13:55 GMT
níl a fhios agam a "chaint sa tsraidbhaile" a chara, an grearán,masla nó casaoid é seo uaim ach sílim gur meancóg mhór í deireadh a chur le scéim labhairt na Gaeilge agus is dóigh liom go gcuirfidh sé na moltaí eile ar neamhní fiú má chuirtear i bhfeidhm iad. Ní deireadh leis an scéim a theastaigh dar liom ach an tairgead a mhéadú faoi dheich ar son gach páistí sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge ar a thoil aige agus ba chuma liom mórán cad é mar a tharlaigh sé í a bheith aige.
tabhair freagratabhair freagra #2 Máire Nic Niallais 15 Bealtaine 2012, 13:07 GMT
Tá dhá alt i mBEO na míosa seo, ceann scríofa ag gníomhaí teanga nach bhfuil ag brath ar mhaoiniú ón Rialtas agus a dhéanann cur síos agus anailís ar an dá chlár a seoladh ar na mallaibh. Is léir go bhfuil formhór na n-eagraíochtaí pobail agus tuismitheoirí sa Ghaeltacht ag aontú leis na tuairimí atá nochtaithe ag Donncha Ó hÉallaithe ach go bhfuil leisc ar dhaoine labhairt amach de bharr go bhfuil siad ag brath ar mhaoiniú ón Roinn. Ar an lámh eile, tá an t-alt seo ó 'Caint an Sráidbhaile' nach ndéanann aon iarracht cur síos a dhéanamh ar na cláir eagsúla nó anailís a dhéanamh orthu ach atá ag rá linn nár chóir dúinn bheith ag iarraidh an rud is fearr donár bpáistí ach leanúint leis an cur i gcéill atá an Roinn ag cur chun tosaigh ins an dá chlár seo agus gan aon ghearán nó casaoid a dhéanamh. Tá mise ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht, i gceann de na Gaeltachtaí is láidre, agus tá a fhios agam cé acu de na hailt seo atá ag labhairt ar mo shonsa, sé sin, tuismitheoir agus gníomhaí teanga agus cé acu atá ag labhairt ar son an Establishment agus an Status Quo. Mo náire sibh a BhEO atá ag tréigeadh an anailís agus tuismitheoirí na Gaeltachta ar mhaithe le maoiniú ón Roinn a chosaint!

Seo í an cheist a théann go croí na faidhbe dár liom: Deir an SCT linn go bhfuil fadhbanna ollmhór againn agus muna nathraíonn muid rudaí nach dtiocfaidh aon feabhas ach a mhalairt. Cén fath mar sin nach bhfuil an Rialtas nó an Roinn sásta glacadh le moltaí an SCT? Cén fath nach bhfuil siad sásta glacadh le moltaí ó na daoine atá i dtús cadhnaíochta sa chath seo do thodhchaí na Gaeltachta, sé sin na tuismitheoirí atá ag tógail a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht?
tabhair freagratabhair freagra #3 Siobhán 26 Bealtaine 2012, 14:59 GMT
A Mháire, leis an fhírinne a rá, ní bhíonn i gCaint sa Srádbhaile ach iarracht diospóreacht agus tuairimíocht a spreagadh. Bheadh fáilte roimh alt faoin ábhar ó thaobh tuismitheoirí de. Thig alt a sheoladh chuig eagar@beo.ie

Maith thú
Siobhán
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!