CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Suíomhanna den chéad scoth
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Déanann Diarmaid Mac Mathúna cur síos ar na suíomhanna gréasáin is fearr leis.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

San alt deireanach a scríobh mé san iris seo, chaith mé go leor ama ag déanamh gearáin faoi ghléasanna seafóideacha éagsúla. Luch do ríomhaire a d’fhéadfadh feidhmiú mar ghuthán freisin, cuir i gcás. Ar eagla go gceapann aon duine go bhfuil mé ró-dhiúltach mar dhuine, bheartaigh mé go mbeinn níos dearfaí an mhí seo. Seo thíos liosta den chúig shuíomh idirlín is fearr liom faoi láthair. Liosta sách eicléicteach atá ann. Ach bím ag baint úsáide astu go minic ar chúis amháin nó ar chúis eile, creid nó ná creid!

Uimhir a cúigwww.gettingmarried.ieAr an ábhar go mbeidh mé ag pósadh i mbliana (bhuel i gceann míosa chun a bheith cruinn), bím ag tabhairt cuairte ar an suíomh seo, atá an-úsáideach, go minic. Is é an rud is fearr liom faoin suíomh ná gur féidir leat leabhrán don Aifreann pósta a ullmhú go héasca air. Agus é déanta agat, is féidir leagan PDF den cháipéis chríochnaithe a íoslódáil. Má tá tú ar tí pósadh, is fiú cuairt a thabhairt ar an suíomh seo gan mhoill! Uimhir a ceathair www.visualthesaurus.comMá bhíonn tú ag scríobh mar chuid de do phost, tá an Visual Thesaurus an-úsáideach, mar go dtugann sé roghanna eile focal duit ar féidir leat úsáid a bhaint astu. Leagtar na focail amach ar léaráidí ildaite atá cosúil le léarscáileanna intinne. Tá siad i bhfad níos suimiúla agus níos soiléire ná liostaí. Is féidir an Visual Thesaurus a thriail saor in aisce sula gceannaíonn tú síntiús. Uimhir a trímooch.infoBealach maith atá sa suíomh seo chun súil a choimeád ar an nuacht is déanaí i saol na healaíne agus na hailtireachta, agus i gcúrsaí teicneolaíochta agus deartha.

Uimhir a dówikipedia.orgNá bac leis na daoine a bhíonn ag gearán faoi chruinneas na n-iontrálacha ar Wikipedia - áis iontach atá ann chun eolas a fháil ar réimse leathan rudaí go tapa. Ní bhíonn gach píosa eolais ar an suíomh 100% cruinn - ach is beag foinse eile atá níos cruinne i réimsí ar nós na n-eolaíochtaí. Agus más gá fíric a chinntiú, is féidir cuardach tapa a dhéanamh ar an idirlíon chun na sonraí i Wikipedia a sheiceáil. Tá leagan Gaeilge, ar a dtugtar Vicipéid, ar fáil freisin.

Uimhir a haonwww.bbc.co.uk/foodTá os cionn 10,000 oideas ar shuíomh bia an BBC. Fiú mura bhfuil ach meascán ait de chomhábhair agat sa chuisneoir, is féidir béile a aimsiú go héasca ar an suíomh seo a bhainfidh leas astu ar fad!feabhas mór tagtha ar mo chuid cócaireachta ón uair a d’aimsigh mé an suíomh seo.

Ar ndóigh, tá a lán drochshuíomhanna ar an idirlíon atá deartha go holc gan úsáid ar bith ag baint leo, ach gheall mé go bhfanfainn dearfach an mhí seo. Scríobhfaidh mé faoi na suíomhanach bhfuil maitheas ar bith ag baint leo uair éigin eile!

Tá GaelSpell 2007, leagan nua den litreoir cáiliúil a oibríonn le Microsoft Office 2007, díreach foilsithe ag Diarmaid Mac Mathúna ag www.cruinneog.com, i bpáirt le Kevin Scanell. Tá Diarmaid i gceannas ar chúrsaí léiriúcháin sa chomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.