CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Spiaire sa phóca
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Cuireann gutháin shoghluaiste eolas ar fáil go leanúnach faoi shuíomh na n-úsáideoirí agus, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, ní hiad na Gardaí amháin a bhfuil suim acu san eolas seo.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Bhí na meáin lán cainte le déanaí mar gheall ar spiairí agus brathadóirí - ach an gcreidfeá go bhfuil spiaire pearsanta ag leanúint 80% de dhaonra na hÉireann? Gach cúpla nóiméad bíonn na gutháin shoghluaiste atá ag os cionn dhá thrian de mhuintir na tíre ag craoladh eolais ar an áit ina bhfuil siad. Sin eolas atá á úsáid ag na Gardaí cheana féin chun gluaiseachtaí coirpeach a leanúint.

Go fiú nuair nach bhfuil glao á dhéanamh ó ghuthán, bíonn sé ag craoladh go rialta ag iarraidh dul i dteagmháil leis an aeróg is cóngaraí dó. Is féidir na comharthaí sin a chloisint go minic nuair a chuireann siad isteach ar challairí atá cóngarach don ghuthán. Tá an tír roinnte suas i gcealla ag na comhlachtaí gutháin, agus aeróg amháin ann in aghaidh na cille, agus is féidir leis na comhlachtaí an cheall ina bhfuil guthán a oibriú amach chomh luath is a théann sé i dteagmháil leis an aeróg is cóngaraí. Braitheann cruinneas an chórais seo ar líon na n-aeróg atá sa cheantar - dá bhrí sin, bíonn sé i bhfad níos cruinne i gceantracha uirbeacha ina bhfuil a lán ceall amuigh faoin dtuath. Dar leis an gcomhlacht Overview Mapping i Sasana, is féidir suíomh gutháin a aimsiú (le cead an úinéara, a deir siad, ar ndóigh) le cruinneas chomh maith le 100 méadar.

Chun an cruinneas i do cheantar féin a mheas, is féidir léarscáil a fháil a léiríonn na haeróga ar fad i gceantar faoi leith ar an suíomh gréasáin cuimsitheach atá ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide anseo in Éirinn (www.comreg.ie). Tá tuairim is 700 aeróg ag na comhlachtaí éagsúla gutháin timpeall ar Bhaile Átha Cliath agus sa cheantar máguaird. Tá os cionn 3,000 sa tír - rud a chinntíonn go mbíonn cruinneas ard ag baint leis an eolas atá ar fáil faoin áit ina bhfuil guthán.

Seirbhísí den tríú glúin

Cé go bhfuil roinnt daoine ag cur i gcoinne na n-aeróg seo toisc go bhfuil imní orthu faoin tionchar a bheidh ag na comharthaí ó na haeróga ar a sláinte, tá an chuma ar an scéal go mbeidh níos mó aeróg fós á dtógaint, anois go bhfuil seirbhísí gutháin den tríú glúin le teacht ar an bhfód.

De réir an dlí in Éirinn, caithfidh na comhlachtaí gutháin eolas ar láthair gutháin a choinneáil ar taifead ar feadh tréimhse fada ama. Go deimhin, tá an-spéis ag na Gardaí sa saghas seo eolais, agus d’úsáid siad é nuair a bhí siad ag déanamh fiosrúcháin ar an mbuamáil san Ómaigh roinnt blianta ó shin. Nuair a tháinig na Gardaí ar ghuthán soghluaiste i dteach duine go raibh siad in amhras air, rinne siad anailís ar an áit ina raibh an guthán roimhe sin agus bhí siad ábalta a fháil amach gur úsáideadh é faoi dhó gar don Ómaigh ar an lá a phléasc an buama.

Ach ní hiad na Gardaí amháin atá ag cur spéise san eolas seo - is féidir é a úsáid chun gnó a ghiniúint freisin. Tá cluiche ar a dtugtar Botfighter curtha ar fáil ag an ngréasán Sualannach Telia a bhaineann úsáid as an dteicneolaíocht seo. Nuair a bhíonn tú cóngarach d’imreoirí eile sa chluiche bíonn seans agat “diúracán” a sheoladh ina dtreo chun iad a ionsaí. Ach tá seirbhísí níos cairdiúla ar fáil freisin - seirbhísí ar nós FriendFinder a deir leat cá bhfuil do chairde. D’fhéadfadh comhlachtaí a bhfuil foireann acu a bhíonn ag taisteal súil a choimeád ar an áit ina raibh a gcuid oibrithe. Nó d’fhéadfaí eolas a fháil ar na pictiúrlanna agus ar na bialanna sa cheantar, nó go fiú liosta a fháil d’aon teach atá ar díol, laistigh d’achar gairid.

Go dtí seo ní raibh mórán de mhargadh ann do na seirbhísí seo, ach anois go bhfuil gutháin shoghluaiste ar fáil a bhfuil scáileán daite acu atá ábalta glacadh le níos mó eolais digitigh, tá na comhlachtaí ag súil go bhfásfaidh an margadh.. Ach an bhfuil tomhaltóirí réidh don chéim seo nó an mbeidh siad i gcoinne spiaire sa phóca?

Tá leagan nua den litreoir Gaeilge “GaelSpell 3” do Microsoft Word foilsithe ag an údar ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com agus beagnach 300,000 iontráil ann. Bíonn sé ag obair le hAgtel freisin mar thaighdeoir ar an irischlár “An Tuath Nua” a chraoltar ar TG4 gach Déardaoin agus Domhnach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.