CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Sneachta
Colin Ryan Colin Ryan

Gearrscéal le Colin Ryan.

Slataire de bhean óg, a craiceann ar dhath na meala, i ngúna samhraidh; ise a thug chuige na pictiúir, agus fiántas iontu, lasair éigin, tocht.

  • tusa a rinne iad? ar seisean, ag meas na mná seo, agus cuma uirthi go raibh scartha ar shlí éigin ó shaol na mbeo; deorantacht a mhúscail colg ann, colg agus caidéis.

  • Mo dheirfiúr, ar sise.

Eanáir, an ghrian ar a buaic amuigh, na mná ag dul thart go lomghéagach. Ba chuimhin leis an sneachta, an geimhreadh reoite, ach b’in tír eile; séasúr na gréine a bhí aige anseo, agus an sneachta leáite fadó, ach amháin an chuid de a bhí carntha fós le sinsearthacht i ngága a chroí istigh.

Bhí ciúnas eaglasta sa ghailearaí; ealaín ar na ballaí, saothar na seanbhaicle, agus Herz tuirseach de gach duine acu. Dhúisigh leathbhliain ó shin agus gan uaidh ach an fhírinne, earra nach raibh le fáil in oibriú bréige na gcleiteán. An geimhreadh ag sealbhú ann le tamall anuas.

  • Cén fáth nár tháinig í féin? ar seisean.

  • Níl cuideachtúil, arsa bean seo an tsamhraidh agus leafa gáire ar a béal.

Scrúdaigh Herz na pictiúir, brí fhiáin na beatha, le súil amhrasach; bhí mealladh mire sa chleiteán seo. Bhí an sneachta ag titim istigh ann go suaimhneach séimh, ag na dtuamaí.

  • Níl a fhios agam an mbeadh ceannach orthu, ar seisean..

  • Tuigim, arsa an bhean, á scrúdú go híorónta.

  • ealaíontóir thú féin? ar seisean.

Dúirt nárbh ea. Í ar snámh sa solas ciúin go neamhshaolta, agus fonn ar Herz í a fháscadh féachaint an raibh tathag inti.

  • Fág anseo iad, ar seisean, agus leáigh uaidh tríd an solas.

D’fhan na pictiúir i gcúlseomra ar feadh seachtaine, ag oibriú ar a intinn; nuair a nocht an bhean arís d’fhéach go duasmánta uirthi.

  • Ceannóidh mise iad, ar seisean. - Dom féin amháin. Ar do rogha praghas.

  • háil léi iad a dhíol, arsa an bhean. - Tháinig chun iad a thabhairt liom.

Rinne a mhéara rince ar an mbord; bhí a chroí báite i muca sneachta anois, agus bhí an dúluachair ag leathnú trí ghleannta eile.

  • mhéad atá uait?

  • Dada, ar sise.

Chuir cor tolgach as, ag taispeáint di a raibh ar na ballaí aige.

  • Fastaím! ar seisean. - Táim réidh leis an méid seo.

Ach chas agus rug léi an chreach, a haghaidh ar an samhradh, ar loinnir an domhain.

Bhí a seoladh aige. Dhá ina dhiaidh sin nocht os a coinne ag a doras féin, bruth féasóige ar a leiceann, séideadh fola ar a shúile; bhí an tráthnóna ann, na vearandaí ag bailiú dorchadais. Sméid isteach é, agus chuala an tseanbhean á ceistiú in Iodáilis. Chuir foighne sa chailleach.

  • bhfuil do dheirfiúr? ar seisean.

  • imithe, arsa an bhean óg, agus níl a fhios agam an bhfillfidh choíche.

Bhain súimín as an gcaife a tugadh agus leag an cupán uaidh ar an mbord. An fuacht á líonadh.

  • an gailearaí dúnta agam, ar seisean. - Táim réidh le fastaím. D’inis cleiteán do dheirféar an fhírinne. mbeadh a saothar agam dhéanfaí samhradh den gheimhreadh, bheadh coscairt ann. Ach féidir an fhírinne a cheannach. Tiocfaidh uirthi in áit éigin eile. Aithneoidh a comharthaí sóirt.

Labhair an chailleach.

  • Deir , arsa an bhean óg, go bhfuil cuma ort go bhfuil i ngátar.

Chonacthas do Herz go raibh an bheirt úd ar foluain i mbreo samhrata a raibh an oíche ina ciumhais air; tháinig cumha air i ndiaidh ruda nach raibh riamh ina sheilbh, agus shín uaidh a lámh á lorg. raibh aon tathag ann. D’ól an caife agus d’éirigh.

  • Caithfidh imeacht, ar seisean.

D’oscail an doras ; bhí solas agus dorchadas measctha trína chéile. Titim an tsneachta ina stad, na gleannta líonta, an gailearaí dúnta, an fhírinne roimhe. Shiúil leis, agus rian a chos ar an sneachta ina dhiaidh.

GluaisGlossary

slatairea slip

ar dhath na mealahoney-coloured

lasairflame

tochtdeep emotion

ó shaol na mbeofrom the world of the living

deorantachtaloofness

colgrage

caidéisinquisitiveness

ar a buaicat its highest point

go lomghéagachwith bare limbs

reoitefrozen

leáitemelted

carnthaheaped

gágacracks

saothar na seanbhaiclethe work of the old crowd

cleiteánpainter’s brush

cuideachtúilsociable

leafa gáirefaint smile

brí fhiáin na beathathe wild meaning of life

amhrasachsuspicious

ag na dtuamaídrowning the tombs

go híoróntaironically

go neamhshaoltaethereally

í a fháscadhto squeeze her

tathagsubstance

go duasmántagloomily

háil léi iad a dhíolshe doesn’t want to sell them

an dúluachairmidwinter

cor tolgachstrong turning movement

Fastaím!Nonsense!

an chreachthe booty

bruth féasóigea fluff of beard

sméid isteach éshe beckoned him in

súimínsip

coscairtthaw

i ngátarin distress

ar foluainfluttering

i mbreo samhratain a summer-like glow

ciumhaisedge

ina sheilbhin his possession

agus shín uaidh a lámh á lorgand he extended his hand looking for it

rian a choshis footprints

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.