AR NA SAOLTA SEO
Sneachta na Nollag
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Ní thuigeann gach éinne contúirt na sléibhteoireachta, dar le Tony Birtill.

Íomhá
Kinder Scout (le photoeverywhere.co.uk ar picasaweb)
Íomhá
Howgill Fells, lách sa samhradh (Neal a tharraing ar picasaweb)
Íomhá
Ar Kinder Scout (le Oldbrags ar picasaweb)

Mar a d’inis mé an mhí seo caite, bhí an lucht spóirt geimhridh ag súil le séasúr maith sneachta agus níl séanadh air, bhí sin ann. Ach ní raibh mé ag súil leis an sórt ceolánacht náisiúnta a bhí ann fá dtaobh de. Shílfeá nach raibh sneachta feicthe sa tír seo riamh. Ba é príomhscéalta na nuachta ar feadh coicíse, rud a chuir iontas ar iríseoirí ar mhór-roinn na hEorpa, i gCeanada srl. Bhí a lán daoine a ghearán faoin easpa grean a scaradh ar na bóithre agus ar na cosáin sráide, agus ní dheachaigh cuid mhaith daoine go dtína gcuid oibre ná chuig scoileanna mar gheall ar sin.

Taispeánann sin is dócha an méid daoine atá ag brath ar an ghluaisteán sa lá atá inniu ann, daoine nach mbíonn ag siúl mórán a chor ar bith. Le 20 bliana anuas tá ollmhargaí móra agus ionaid siopadóireachta tógtha ar imeall mórbhailte, ar nós Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus tá a lán síopaí áitiúil dúnta dá bhrí sin. Agus gach maidin agus tráthnóna bíonn scuaine carranna le feiceáil taobh amuigh de gach scoil ar an ‘school run,’ mar ní shiúlann a lán páistí ach oiread. Ní chuireann sé iontas orm go bhfuil téamh domhanda ann agus fadhb raimhre ag gach raon aoise. Bhí sé go maith, mar sin, na siopaí beaga áitiúil a fheiceáil ag déanamh go maith as an aimsir fhuar. "Níor labhair mé leis an méid seo daoine le fada, "dúirt pinsinéir Éireannach amháin liom faoin slua custaiméirí. Ár ndóigh, bhí seantaithí aige le siúl agus brógaí cearta air, rud nach raibh fíor faoin chuid is mó den dream óg a chonaic mé ag sleamhnú thart ar na cosáin le brógaí reatha orthu féin. Is cuma leo cé chomh mífhóirsteanach is atá a gcuid coisbheart, a fhad is go bhfuil an lipéad ceart le feiceáil orthu. Ní fheadar an bhfuil péire gnáthbhróg acu ar chor ar bith, gan trácht ar bhuataisí.

Is é an Duine an tÉadach

Níos measa fós, bhí daoine gléasta mar seo amuigh ar na cnoic fosta! B’éigean do ingearán tarrthála agus Foireann Tarrthála Llanberis dul suas Yr Wyddfa chun beirt mar seo a shábháil dhá lá roimh Nollaig. Ba as Warrington iad, agus bhí siad ag caitheamh brógaí reatha agus raonchulaith, gan chótaí baistí, compás, tóirse nó trealamh bunúsach ar bith acu don sliabh reoite. Ag dul síos cosán Llanberis, thit duine acu agus sleamhnaigh sé cúpla céad troigh ar an ’Killer Convex;’ mar atá tugtha air. Dúirt Elfy Jones, Cathaoirleach Foireann Tarrthála Llaanberis, leis an nuachtán áitiúil: "They were coming down the Llanberis path when one of them slipped and fell 200 ft. He stopped about 5ft from a drop which would have been unsurvivable if he had gone over the edge. This is getting so frustrating- it is foolhardy behaviour,"

D’ainneoin na poiblíochta seo, chas muid ar dhaoine mar seo nuair a bhí muidne ar shléibhte na Breataine Beaga tar éis Nollag. Mhol mo chara Neill Kelly do bhuíon ceathrar as Devon- triúr buachaillí agus cailín amháin- dul síos óna ’zig zags’ díreach roimh barr Yr Wyddfa (1085 m). Cé go raibh buataisí éadroma orthu, trealamh don samhradh a bhí ann, agus níor thuig siad go mbeadh siad i mbaol báis ar an bharr gan crobh oighir agus piceanna oighir acu. "There is no point in you going any further as there is low visibility and you will see nothing. We have all the winter gear, but you would never make it," ar seisean. Buíochas le Dia, ghlac siad a chomhairle agus chuaigh siad ar ais.

Tá na sléibhte contúirteach go leor, fiú do shléibhteoirí leis an trealamh ceart agus taithí acu. Don chéad uair le blianta , fógraíodh baol maidhm snéachta do cheantar Yr Wyddfa i Mí Eanáir agus foilsíodh roinnt grianghraf díobh ar www.ukclimbing .com. Mar a dúirt Brian Wills, píolóta SAR (cuardach agus tarrthála) ó RAF Valley, Ynys Môn, agus ball den Foireann Tarrthála Llanberis "I saw a significant full depth avalanche above Nant Peris and significant fracture lines on many higher slopes in the Llanberis Pass, "agus é ag eitilt thar an cheantar. (14.1.10)

Agus cúpla lá roimh sin, sa Howgill Fells i gCumria, bhí an t-ádh ar Jake Morgan ón iris Planet Fear nach bhfuair sé bás nuair a thosaigh sé féin maidhm sneachta de thaisme agus é ag sciáil trastíre: "I set off an area of windslab the size of a football pitich and got carried down a slope about 100 metres and then further down a gully in avalanche debris and was lucky not to be buried," a dúirt sé (www.planetfear.com/news/avalanchedinthe_lakes)

Chaill sé a chuid scíonna san eachtra agus b’éigean siúl síos an cnoc. Ach ar a laghad, bhí sé beo.

An Dara Blian Fuachta

D’ainneoin na contúirte, tá áthas orainn nach bhfuil aon gá duinn dul thar lear chun ár gcaitheamh aimsire a cleachtadh. Agus seo an dara bliana as a chéile atá sé mar seo. Bliain is an taca seo chuala mé agus Neill Kelly go raibh an Kinder Downfall reoite. Seo eas a titeann anuas ón Cnoc Kinder Scout (625 méadar ) sa Peak District i nDerbyshire. Ní raibh sé reoite le blianta fada agus chuaigh muid suas ansin leis an eas a dhreapadh. Bhí muid ag súil leis an rud céanna i mbliana agus cé nach raibh sneachta ar bith fágtha i Learpholl i lár Mí Eanair chuala muid go raibh neart ann sa Peak Distirct.

Thosaigh muid ag siúl anios ón sráidbhaile Hayfield agus b’éigean dúinn streachailt trí mhuca sneachta roimh i bhfad. Comhartha maith, a shíl muid, agus sinn ag iompair téada agus trealamh trom. Nuair a bhain muid an barr amach bhí an áit reoite go hiomlán le cuma Artach air. Lean muid ar aghaidh ar feadh uair a chloig eile go dtí go raibh muid ag Kinder Downfall. Ach faraor bhí coscairt ann agus ní raibh seans ar bith againn é a dhreapadh aris. Níos measa, tháinig triúr siúlóirí ó Sheffield in ár ndiaidh: "You’re two days too late - there were lots of climbers on it at the weekend,"a dúirt duine acu.

Cé gur turas in aisce a bhí ann ó thaobh dreapadóireacht de, bhí sé go hálainn thuas agus mhothaigh muid go raibh muid i dteagmháil leis an dúlra, rud a bhionn in easnamh i Learpholl, muna mbíonn sneachta trom ann!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.