CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Sliabh Luachra - domhan eile ar fad
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

D’eisigh an boscadóir Páidí Ó Conchúir as Baile Uí Aichir, Cill Áirne i gContae Chiarraí albam nua dar teideal Different State le déanaí. Ceol i dtraidisiún Shliabh Luachra go príomha atá ann. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin dlúthdhiosca nua seo.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Pháidí, tá albam eisithe agat faoi dheireadh agus thar am agat freisin. An raibh sé deacair é a tharraingt le chéile agus an bhfuil tú sásta leis?

Páidí Ó Conchúir: Ní hé go raibh sé deacair ach gur thog sé an-chuid ama an tionscadal a chur le chéile, ach i ndeireadh an lae táim an-sásta leis.

AÓF: Conas a phioc tú na tiúin a chuir tú air, as na mílte tiún atá agat?

PÓC: Phiocas na tiúin toisc gurb iad na tiúin is fearr liom faoi láthair. Chomh maith leis sin, phiocas tiúin, b’fhéidir, nach mbeadh ar eolas go coitianta.

AÓF: Luann tú cúpla ceoltóir sna nótaí atá ag dul leis an dlúthdhiosca a chuaigh go mór i bhfeidhm ort thar na blianta. Inis dom fúthu sin, leithéidí Johnny O’Leary, mar shampla.

PÓC: Ó thosnaíos ar an gceol agus mé óg bhí an t-ádh dearg liom mar fuaireas seans bheith ag seinnt le leithéidí Denis McMahon, Johnny O’Leary, Jimmy Doyle, agus roinnt ceoltóirí eile mar iad, go rialta. Fuair mé an-chuid ceoil uathu agus is dócha go raibh tionchar mór acu ar mo chuid ceoil.

AÓF: Deir daoine áirithe nach ceantar ar chor ar bith é Sliabh Luachra ach gur meon aigne atá ann. Céard as a dtagann an t-ainm Different State nó céard a chiallaíonn sé? An mbaineann sé le Sliabh Luachra?

PÓC: Níl an t-aon mhíniú amháin air. Is do na héisteoirí é a dhéanamh amach dóibh féin!

AÓF: Conas a thosaigh tú féin ar an gceol? Cén fáth gur phioc tú an cairdín?

PÓC: Bhí suim ag mo thuismitheoirí sa cheol agus go háirithe sa bhosca ceoil agus cheannaigh siad ceann dom nuair a bhíos seacht mbliana d’aois.

AÓF: An seinneann tú aon uirlis eile?

PÓC: Ó am go ham seinnim an fheadóg stáin.

AÓF: Céard atá tábhachtach duit sa gceol? Nó céard a fhaigheann greim ort nuair atá duine éigin ag seinm?

PÓC: Is maith liom carachtar an duine a chloisteáil sa phíosa ceoil a bhíonn á sheinnt aige.

AÓF: An fearr leat ceol Shliabh Luachra thar aon stíl eile, na pólcaí agus na sleamhnáin?

PÓC: Is cuma liom. Bainim an sult céanna as aon stíl cheoil chomh fada is go mbíonn an stíl réigiúnda le clos go ríshoiléir.

AÓF: Tá go leor leaganacha neamhghnácha de thiúin agat ar an albam seo. Cá bhfaigheann tú do chuid ceoil go ginearálta agus leaganacha neamhghnácha mar seo?

PÓC: Cuid acu ó na ceoltóirí a luas níos luaithe agus uaireanta caithim am ag dul trí na bailiúcháin cheoil ar nós chuid an Bhreathnaigh [Ceol Rince na hÉireann, I-V, le Breandán Breathnach], O’Neill’s [O’Neill’s Music of Ireland leis an gCaiptín Francis O’Neill] agus a leithéid.

AÓF: Inis dom faoin gcairdín a sheinneann tú agus faoin stíl atá agat.

PÓC: Seinnim cairdín Paolo Soprani, ceann a deineadh sna daichaidí. Maidir leis an stíl, ní chaithim mórán ama ag smaoineamh fúithi. Is dócha gur íomhá í de na ceoltóirí gur sheinn mé leo thar na blianta, go háirithe na boscadóirí.

AÓF: Céard iad na halbaim is fearr leat féin?

PÓC: The Star above the Garter le Denis Murphy agus Julia Clifford, agus The Trooper le Johnny O’Leary.

AÓF: Ar chum tú aon cheol riamh?

PÓC: Níor chum.

AÓF: Tá tú i do chónaí i mBaile Átha Cliath le tamall anois. An dtéann tú abhaile go minic le bheith ag seinm leis na ceoltóirí sa mbaile?

PÓC: Nuair a bhíonn deis agam.

AÓF: Cén áit ar féidir d’albam a cheannach? An féidir é a fháil uait féin go díreach?

PÓC: Is féidir é a fháil uaim féin ach ríomhphost a chur chugam ag paudieoconnor@ireland.com. Tá an ceirnín ar fáil i gCeirníní Cladaigh i mBarra an Teampaill [i mBaile Átha Cliath] chomh maith nó ar www.claddaghrecords.com.

AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag iarraidh an cairdín a fhoghlaim?

PÓC: Gan a bheith ag seinm go róthapa go róluath agus taitneamh a bhaint as.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.