CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Siopaí geallghlacadóra ar líne
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Tá an nua-theicneolaíocht ag cabhrú leis na comhlachtaí geallghlacadóireachta a mbrabús a mhéadú go mór agus tá comhlachtaí áirithe teilifíse ag teacht i dtír ar an teicneolaíocht chomh maith chun ioncam a shaothrú. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
Shirley Temple-Bar, láithreoir "Telly Bingo"
Íomhá

Ní cheapfadh mórán daoine go bhfuil an clár teilifíse “Telly Bingo” a chraoltar ar RTÉ chun tosaigh ó thaobh na teicneolaíochta de. Ach cheana féin, tá leaganacha beagáinín níos nua-aimseartha den chlár sin ag cruthú conspóide i Sasana, agus ag tabhairt fadhbanna dlí agus fadhbanna cánach le seirbhísí ar líne chun solais.

Bíonn deis ag lucht féachana “Telly Bingo” cártaí ar nós cártaí an Chrannchuir Náisiúnta a cheannach i siopaí agus ansin féachaint ar an gclár chun fáil amach an bhfuil duais buaite acu. Ach i Sasana tá an saghas seo cluiche tógtha céim níos faide ag an stáisiún teilifíse Avago. Tá cláracha á gcraoladh acu a thugann deis do dhaoine leagan de bhingó a imirt ag baint úsáide as teilifíseán idirghníomhach nó i-TV. Is féidir leis an lucht féachana cianrialaitheoir teilifíse a úsáid chun geall a chur mar chuid den chluiche - geall a chosnaíonn thart ar 40 cent. Anuas air sin, baineann Avago úsáid as an teicneolaíocht taobh thiar de i-TV chun feiscint conas mar atá ag éirí le gach iomaitheoir faoi leith - agus labhraíonn na láithreoirí leo go díreach ansin. Ar ndóigh, is breá le roinnt daoine iad féin a fheiscint ar an teilifís agus glacann siad páirt sa chluiche arís agus arís. Faoi láthair, tá 70,000 míle duine cláraithe leis an stáisiún.

Mar is eol d’fhormhór na ndaoine a chuir geall mar chuid de rásaí Cheltenham le déanaí, tá taithí mhaith ag comhlachtaí geallghlacadóra ar bhrabús. Le déanaí, d’fhógair Paddy Power gur tháinig ardú 96 faoin gcéad ar a mbrabús go beagnach €18 milliúin in 2002, agus bhí an t-ardú ba mhó sna rannóga teileafóin agus idirlín. Dar leis na taighdeoirí Schema, beidh láimhdeachas de €15 milliúin san earnáil gheallghlacadóireachta idirghníomhach ina hiomláine san Eoraip faoi 2005.

Athruithe móra

Tháinig athruithe móra ar ghnó na rannóige ar líne sa bhliain 2002 - dhírigh an rannóg ar raon níos mó daoine agus mar sin thit an méid airgid a bhí á chur ag daoine i ngach geall. Sin patrún atá le feiscint i Sasana freisin - tá Sky ag díriú orthu siúd nach bhfuil chomh hoilte céanna is atá na daoine a bhí ag baint úsáide as an tseirbhís go dtí seo. B’fhearr leo go gcaillfeadh daoine amaitéaracha beagáinín níos lú airgid i bhfad níos minicí - seift atá éasca a chur i bhfeidhm tríd an gcóras i-TV.

Cruthaíonn na seirbhísí nua seo ar fad fadhbanna dlí - agus fadhbanna do lucht cánach - bíodh siad ar fáil ar an teilifís nó ar an idirlíon. Cé go bhfuil Sky i gcoinne iarrachtaí iad a thabhairt faoi bhráid rialacha na hÉireann, b’fhéidir gur gá don rialtas anseo aird níos mó a thabhairt ar na seirbhísí atá á soláthar acu. Tá na dlíthe ag athrú chomh tapa sin go bhfuil nuachtlitir nua mhíosúil dar teideal *World Online Gambling Law Report *á foilsiú ag Cecile Park Publishing chun an t-eolas is nua a chur ar fáil do na comhlachtaí san earnáil. Ar ndóigh, tá dlíodóirí ar nós Arthur Cox lánsásta comhairle dlí a thabhairt do chomhlachtaí atá ag soláthar seirbhísí geallghlacadóireachta ar líne freisin.

Mar a léirigh roinnt polaiteoirí sinsearacha le linn rásaí Cheltenham, tá an-spéis ag an rialtas i gcúrsaí geallghlacadóireachta. D’aithin na Coimisinéirí Ioncaim i mBuiséad 1999 go raibh impleachtaí móra ag an idirlíon do theacht isteach cánach - impleachtaí a pléadh arís i gcomhthéacs Bhuiséad 2003. Deirtear i dtuarascáil a d’fhoilsigh an Grúpa Straitéise Cánach le déanaí go bhfuil buntáiste ag an Eoraip thar Stáit Aontaithe Mheiriceá toisc nach bhfuil na dlíthe geallghlacadóireachta anseo chomh dian céanna. Go deimhin chuir an rialtas i Meiriceá stop le geallghlacadóireacht ar an idirlíon i 1998. Bhí muidne anseo in Éirinn cúpla céim ar aghaidh - bhí sé i gcónaí in aghaidh an dlí anseo geall a chur taobh amuigh den stát. Ach admhaíonn na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil sé deacair na dlíthe atá ann ó 1931 a chur i bhfeidhm ar líne.

I suirbhé a reáchtáil RTÉ ar an idirlíon le déanaí, fiafraíodh d’úsáideoirí an raibh spéis acu i ngeall a chur ar líne. B’fhéidir go bhfuil RTÉ chun teorainn an dlí a thástáil le leagan nua de “Telly Bingo”?

Tá leagan nua den litreoir Gaeilge “GaelSpell 3” do Microsoft Word foilsithe ag an údar ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com agus beagnach 300,000 iontráil ann. Bíonn sé ag obair le hAgtel freisin mar thaighdeoir ar an irischlár “An Tuath Nua” a chraoltar ar TG4 gach Déardaoin agus Domhnach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.