AGALLAMH BEO
Seosamh Ó Cuaig, An Glór Neamhspleách

Chas Seosamh Mac Muirí leis an gComhairleoir Contae agus an ball tofa d’Údarás na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig, oíche a raibh sé le freastal ar chruinniú mór le sealbhais agus cleachtais talúin, phortaigh agus tithíochta na Gaeltachta a chosaint ar dhlíthe nua BhÁC / na Bruiséile mar dhea. Labhraíonn Seosamh sa gcéad leath den Agallamh anseo faoi ré Chearta Sibhialta na Gaeltachta, ré Shaor-Raidió Chonamara faoi thairiscintí na hIoruaidhe d’Éirinn sna 70aidí. Foilseofar an dara leath in eagrán na míosa seo chugainn.

Íomhá
Seosamh Ó Cuaig
Íomhá
Pobal ar aon intinn amháin
Íomhá
Ag caint i Ros an Mhíl 25 Lúnasa
Íomhá
I mbun cainte
Íomhá
Cuid den slua i Ros an Mhíl

SMM: Do chéad míle fáilte go Beo.ie a Sheosaimh.

SÓC: Go raibh míle maith a’t.

SMM: Ag breathnú siar ar Chumhacht, Cearta Sibhialta na Gaeltachta, Feachtas ar son Údaráis Gaeltachta, Saor-Raidió Chonamara agus gach rud eile a raibh tú gníomhach ann, cén ghníomhaíocht is mó a bhfuil do mheas anois air faoin am seo?

SÓC: Cúpla rud. Rud ar bith a déarfas mé anois a raibh baint a’m leis, ní dhéarfaidh mé féin gur mé féin a rinne é. Mar a thuigeanns tú, ní féidir le duine ar bith é sin a rá, rud áirthid, nuair a bhí daoine eile páirteach ann. Ach an bhaint a bhí a’m le cúpla rud. Bunú Raidió na Gaeltachta, níl amhras ar bith faoi sin. An troid ar son údarás ceart daonlathach Gaeltachta, agus bunú thionscal físeáin, nó na teilifíse, i gConamara. Níl mé ag caint ar TG4 ann féin mar tháinig rud roimhe sin nuair a bhunaigh mé féin agus Bob Quinn agus Tony Cristofides as an nGréig, an Gréagach, nuair a bhunaigh muid Cine Gael. Ba shin tús na seachtóidí agus rud nua ar fad ar fad a bhí ann ag an am. Anois, tá an chuid is mó den chreidiúint ag gabháil go Bob Quinn agus thug muid amach iad agus thaispeáin muid iad sna hallaí beaga thart timpeall. Ba shin é bunú an tionscail seo agus is cuma céard déarfas muid, tá tionscal ann, tionscal na físe agus closamhairc. Tá mé bródúil as na rudaí sin agus thríd is thríd, bródúil gur sheas muid, nó dream aghainn, le fada ar son an cheantair agus in aghaidh lárnú na cumhachta i mBaile Átha Cliath agus san Eoraip. Agus sin í an troid atá le déanamh i gcónaí i gceantar mar seo, i bhfad siar agus iarthar na hÉireann ar fad go deimhin. Go bhfuil an tír lárnaithe ar fad, agus anois go bhfuil an scéal deich n-oiread níos measa, go bhfuil an Eoraip lárnaithe. Ní bheidh ann ach an Fhrainc is an Ghearmáin. Tá siad sin lárnaithe agus chuir siad na polasaithe lárnacha seo anall go dtí an córas lárnach atá i mB’l’ Átha Cliath agus iadsan a chuir anuas chugainn iad agus a cheap go sloigfeadh muidne chuile cheann acu go héasca. Tá muid ag troid in aghaidh an tsrutha sin le fada. Scaití, níor éirigh iontach linn agus scaití d’éirigh linn rud éicint a bhaint amach, ach ar a laghad, tá muid á dhéanamh le dhá scór bliain. Sílim go ndéanfaidh an chéad ghlúin eile é, cuid acub, de ir a chéile.

Údarás Láidir

SMM: An tÚdarás a tháinig ar an bhfód, ní féinriail é ná níl sé chomh cumhachtach is atá Comhairle nan Eilean Siar in Albain, abair, ach an bhfeictear duit – tharla a mhalairt ag tarlú le tamall anuas - go gcuirfear feabhas air nó an bhfágfar é mar atá sé?

SÓC: Tá an chontúirt ann gurb é an chaoi go n-imeodh sé ar fad agus tá sé gaibhte sách gar dhó anois. Chaith mé trí lá uair amháin ag na cruinneachaí a bhí acub ansin, ar na hOileáin Siar, ag déanamh staidéir air sin agus bhí mé thar a bheith tógtha leis agus aontaím leat. Bhí sé i bhfad níos fhearr ná an rud a bhí aghainne mar bhí siad ag plé le cúrsaí oideachais, cuirim i gcás, bhíodar ag plé le cúrsaí pleanála - rudaí go leor. Chuaigh mé go hOileán Mhanainn ina dhiaidh agus chaith mé coicís ag déanamh staidéir ansin, ag gabháil isteach chuig an dream a bhí i gceannas ansin. Arís, bhí córas rialtais áitiúil acub, córas ceart rialtais áitiúil. Tá córas náisiúnta acub ar Oileán Mhanainn go deimhin, freisin. Ach chomh maith leis sin, síos go dtí na bailte, bhí córas acub an t-am sin, tá sé roinnt blianta ó shin anois.

Agus trí seachtaine ó shin, bhí mé ag déanamh staidéir i Meiriceá ar an gcóras rialtais áitiúil atá acub ansin agus is cuma céard a déarfas muid faoi Mheiriceá, tá córas rialtais áitiúil acub síos go dtí an baile beag a raibh muid ann, siar ó Bhostún, Hanson an t-ainm atá air. Chuaigh mé suas chuig an townhall atá ansin agus rinne mé staidéar ar cé na cumachtaí atá acub, agus tá cumhacht acub. Dúirt an fear a raibh mé ag fanacht in éineacht leis, driotháir mo bhean chéile, dúirt sé, “ní fhéadfaidh tú dréimire a dhíriú leis an mballa anseo gan a dhul thríd an gcóras. Scaití, bíonn muid míshásta leis sin ach ag an am céanna, tá duine éicint i gceannas.” – Tá córas ceart acub agus os a choinne sin, mar a deir siad, tá cáin acub agus tá cáin sealúchais le n-íoc. Mar a dúirt fear in Oileán Mhanainn liom, “how can you have a local government without taxation?” Caithfimid aghaidh a thabhairt air sin freisin. Sin an taobh eile den scéal.

Easpa Misnigh

SMM: Sheas vóta Chonamara in aghaidh an Chomh-mhargaidh ag an am, 1972. Cén bealach eile seachas bealach an Chomh-mhargaidh / an AE ba cheart don tír seo a ghlacadh ag an am?

SÓC: Bealach na hIoruaidhe agus tíorthaí eile den tsort sin. Níl a fhios a’m cé chomh láidir – ní dóigh liom go raibh siad chomh láidir i gConamara in aghaidh dhul isteach. Bhí mé féin ag plé leis ag an am. Ní raibh mé ach trí bliana fichead d’aois. Is cuimhneach liom a bheith ar chlár raidió ar RTÉ agus bhí Deasún Fennell ansin agus d’fhiafraigh mé céard a cheap sé, nuair a bhí an toradh ann. “Is easpa misnigh é ar ndóigh. Níl an tír sásta aon rud misniúil a dhéanamh,” - agus theastódh misneach a dúirt sé le diúltú dhó, ceart go leor. Chaithfeadh an tír seo seasamh ar a cosa féin agus rud a dhéanamh, agus níl muid sásta é sin a dhéanamh. Tá sé chomh simplí le sin agus tá an tuáille caite isteach aghainn. Anois, freagairt do cheiste, bealach na hIoruaidhe, bealach na Scigirí agus tíortha beaga eile atá ar cóimhéid linn ó thaobh daonra dhe agus atá beo agus atá ag fáil an lámh in uachtar orainn ar mhargaí!

Chuir muide ceithre mhíle dhéag tonna bradán feilme ar fáil sa tír seo i mbliana. An Ioruaidh: milliún tonna! Tá a fhios a’m go bhfuil na fjiordanna acub agus mar sin de, ach milliún tonna, ag súil le dhá mhilliún tonna taobh istigh de dhá bhliana. Agus buaileann siad muide ar mhargadh na mbradán cé go bhfuil orthub dleacht a íoc le theacht isteach, le hiad a chur isteach sa gComh-Mhargadh. Anois agus ná tosaíodh mé ag caint ar Shell agus ar an ola! Tá Fintan O Toole ag rá gur cheart dhul i gcomhar leob, agus ba cheart. Ba cheart dhúinn nuair a thairg siad, sna seachtóidí, an cheird a mhúineadh dhúinn. In aisce! Agus thairg siad spás dúinn ar cheann de na machairí ola a bhí acub féin. Níor ghlac muid leis.

SMM: Ab é gur dream briste cloíte iad muintir na hÉireann?

SÓC: Riamh, cheapfainn! Thosaigh mo mhac, atá san ollscoil, ag plé an scéil lá amháin, siar sa stair. Tháinig na Lochlannaigh agus céard a bhí sna Lochlannaigh ach dream bocht as an Ioruaidh agus as na tíortha sin. Bhí báid acu. Céard a bhí an dream sin aghainne a dhéanamh? Ag marú a chéile faoi chúpla beithíoch; na manaigh istigh ag guidhe chun Dé, nach dtiocfaidís anocht, is ag caint ar na báid fhada a bhí acub. Cén fáth nach raibh báid aghainn? Na focail seo go léir, trosc agus bád agus long agus sceird, a bhain leis na báid is leis an iascach, cé as a tháinig siad? Ó na Lochlannaigh! Céard a bhí muid a dhéanamh? Bhuail siad muid. Na Normannaigh, bhí siad eagraithe réasúnta maith ceart go leor. Bhuail siad sin muid. Bhuail na Sasanaigh muid. Corr-éirí amach deireadh seachtaine. D’éirigh muid amach i Loch Garman. Bhuaigh muid cúpla baile agus chuaigh muid ar an ól agus tháinig na Yeomen isteach. Cé hiad na Yeomen ach Gaeilgeoirí as Cúil Aodha agus as an gClár. An raibh maith ar bith ionann? Anois is arís, bhí gníomhaire misniúil ann. Níl a fhios a’m. Tá súil agam nach bhfuil an scéal chomh dona sin.

An Teilifís

SMM: Níl sé i bhfad ó shin ó labhair aisteoir de chuid Ros na Rún ar Raidió na Gaeltachta, go láidir mar gheall ar an easpa ‘dáimhe’, mar a deir siad ó thuaidh, a bhíonn le brath ag an gcainteoir dúchais ina chuid oibre ar an sobaldráma. Sinne amuigh sa nGalltacht, níor tháinig foireann taifeadta chugainn le Gaeilge ach fíor-chorruair ó thosaigh TnaG/Tg4. An bhfuil tionscal na teilifíse ag déanamh maithe nó dochair, nó an bhféadfadh sé a bheith chomh maith leis an raidió?

SÓC: Tháinig fear as an New York Times chugam nuair a thosaigh sé. ‘Níl a fhios a’m’ a dúirt mé ‘ach tá imní orm nach mbeidh mé ag éisteacht leis rómhinic’ “because it will annoy my ears”. Cheap sé gur iontach an leagan cainte é seo agus rinne sé rud de ar an NYT. Tá sé sin ag tarlú agus ní chuirim air go minic é, ’cor ar bith. Tá rudaí maithe déanta ann. Bíonn an nuacht ceart. Tá rudaí déanta do pháistí agus mar sin de. Tá an Ghaeilge chomh lag, bíodh muid macánta. Tá pobal na Gaeilge sa nGaeltacht chomh lag anois. Ná bac leis an gceantar tíreolaíoch, ach an pobal dháiríre, tá sé an-lag. Ach, phléigh mé seo leis an gceannaire a bhí aghainn, Cathal Goan, thiar sa raidió lá. An cur i láthair agus an tráchtaireacht, ba cheart go mbeadh siad sin ar ardchaighdeán Gaeilge. Tá na cláracha seo á ndéanamh ag daoine neamhspleácha. Anois dá mbeadh an obair cheamara lochtach, ní ghlacfadh siad leis, ní chraolfadh siad é! Dá mbeadh an fhuaim lochtach, ní chraolfadh siad é, ach craolfaidh siad an drochthráchtaireacht lofa, an fear atá ag cur an chláir i láthair nó ag déanamh an cheangail. Anois na comhlachtaí atá ag déanamh na gcláracha seo, tuigeann siad go gcaithfidh an obair cheamara a bheith maith go leor agus an fhuaim a bheith i gceart. “Dá mbeadh an scéal gaibhte amach nach raibh seans acub an clár sin a chur thríd an gcóras sin agaibhse, is gearr go mbeadh siad ag fáil tráchtaire a mbeadh Gaeilge mhaith aige nó aici agus tá siad fanta fós” a dúirt mé. Tá siad ann. Níl le déanamh ach dhul ina ndiaidh. Anois is scéal eile ar fad má théann tú amach ar an tsráid, caithfidh tú an rud a thógáil atá ag teacht aníos. B’fhéidir gur droch-Ghaeilge a bheadh ag go leor, fiú amháin sa nGaeltacht, ach an rud eile, ní dhearna siad é agus níl siad ag iarraidh é a dhéanamh.

Uachtarán

SMM: Céard é do mheas ar na daoine a luadh leis an toghchán Uachtaránachta? An bheirt Mhícheál, Mícheál Ó Muircheartaigh agus Michael D. Ó hUiginn?

SÓC: Mícheál Ó Muircheartaigh, tá an-mheas a’m air. Ní dóigh liom go bhfuil sé dáiríre. Is dóigh liom go dtarraingeoidh sé siar. [Eagar: Tharraing, 12 uair an chloig ina dhiaidh seo.] Déanann sé roinnt mhaith poiblíochta do chomhlachtaí agus do dhreamanna agus déarfar ‘seo fear, is beag nár rith sé don toghchán.’ Cuirfidh sé sin leis an luach atá air. Tá sé ceithre scór ach tá sé an-aclaí i gcónaí. Is gearr ó bhí mé ag caint leis. Ní dóigh liom é.

Mícheál (D.), tá sé ag troid. Is cara liom é ar bhealaí go leor. Tá sé sách glic freisin. Dúirt sé féin lá amháin “I didn’t get where I am by being naive.” (Gáire) Is peasant mé féin agus b’fhéidir gurb ea agus tusa. Is peasant as Contae an Chláir atá taobh thiar de go leor de sin. Ní thuigeann daoine é sin. Tá siad ag ceapadh go bhfuil sé ‘naive’ agus go bhfuil sé thuas sna clabhtaí. “I didn’t get where I am by being naive” a dúirt sé. Inseoidh mé an fhírinne duit. Mara dtiocfaidh duine éicint níos fearr chun cinn, is dó a thabharfas mé vóta.

SMM: Is é a thug isteach an teilifís.

SÓC: Throid sé ansin. Ara throid sé go leor rudaí an deabhal bocht, agus rudaí ar fud an domhain mar sin de a mbeinn go mór ar a shon. Mara dtiocfaidh duine níos fearr, ach ní fheicim ag teacht fós iad.

(Cíorfar gnóthaí polaitíochta, an NUJ agus Plean 20 Bliain Don Ghaeilge sa dara leath den Agallamh an mhí seo chugainn.)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.