Beo! (freagraí ar: Seosamh Ó Cuaig, An Glór Neamhspleách) http://www.beo.ie/alt-seosamh-o-cuaig-an-glor-neamhspleach.aspx#comments Chas Seosamh Mac Muirí leis an gComhairleoir Contae agus an ball tofa d’Údarás na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig, oíche a raibh sé le freastal ar chruinniú mór le sealbhais agus cleachtais talúin, phortaigh agus tithíochta na Gaeltachta a chosaint ar dhlíthe nua BhÁC / na Bruiséile mar dhea. Labhraíonn Seosamh sa gcéad leath den Agallamh anseo faoi ré Chearta Sibhialta na Gaeltachta, ré Shaor-Raidió Chonamara faoi thairiscintí na hIoruaidhe d’Éirinn sna 70aidí. Foilseofar an dara leath in eagrán na míosa seo chugainn. ga Cóipcheart Oideas Gael. Thu, 22 Sep 2011 14:54:34 GMT http://www.beo.ie/logo.gif Beo! http://www.beo.ie/ Fearn http://www.beo.ie/alt-seosamh-o-cuaig-an-glor-neamhspleach.aspx#comments Tá mé ag dréim leis an tarna leath.

Ach, cogar, tuige nach gcuireann sibh achoimre bheag ar a shaol thuas, go háirid a shaol poilitiúil?
Thu, 22 Sep 2011 14:54:34 GMT Harpic http://www.beo.ie/alt-seosamh-o-cuaig-an-glor-neamhspleach.aspx#comments Gabh mo leithscéal
Mon, 19 Sep 2011 07:01:09 GMT Donncha O hEallaithe http://www.beo.ie/alt-seosamh-o-cuaig-an-glor-neamhspleach.aspx#comments Ní maith liom na ionsaithe pearsanta a déantar faoi ainm chleite ar dhaoine ar an suíomh seo, mar atá déanta ag "Harpic" agus ag "The Idle Buachaill" thuas. Tá aithne pearsanta agam ar Sheosamh Ó Cuaig ó tháinig mé go Conamara. Sna seachtóidí bhí raidiciúlachas agus idéalachas ag baint lena chuid oibre ar son a mhuintire, nach raibh ag mórán eile. An uair sin bhí sé sásta cinnireacht mhisniúl a thabhairt dá phobal agus seasamh cróga a thógáil, rud a rinne sé to minic.

Tá cuid mhaith den agallamh thuas ag breathnú siar ar na laethanta glórmhara na seachtóidí, nuair a d'eagraigh grúpa daoine óga i gConamara iad féin faoi bhrat Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus thug siad misneach agus cinnireacht do phobal a bhí buailte le fada ag imirce agus a raibh cluain curtha ortha ag Fianna Fáil. Tá fhios agam go bhfuil cuid mhaith den creidiúint ag dul do Joe as an méid a deineadh an uair sin agus ní féidir le "Harpic" ná aon ionsaitheoir gan ainm, é sin a bhaint uaidh.

Maidir le bheith "níos glice ná aon sionnach i bhFianna Fáil", ní thuigim cén caoi a fhéadfadh sin a bheith ina locht ar dhuine ar bith, an fhad is go seasann siad i gcónaí lena gcuid prionsabail polaitíochta.

Sa chéad chuid eile den agallamh tá súil agam go mbreathnófar ar thréimhse Sheosaimh mar bhall den Comhairle Chontae agus go gcuirfear an cheist an bhfuil na prionsabail polaitíochta, a bhí aige siar sna seachtóidí, fós dá threorú nó an ball compórdach de chlub na bpolaiteoirí é, nach bhfuil sásta a thuilleadh creathadh a bhaint as an gcóras?
Fri, 09 Sep 2011 11:00:50 GMT Harpic http://www.beo.ie/alt-seosamh-o-cuaig-an-glor-neamhspleach.aspx#comments Cá raibh Josie seaimpín na cosmhuintire an tseachtaine seo nuair a dhún MFG. Cé gur bhall den bhórd é dhiúltaigh sé aon ráiteas a dhéanamh faoi. Mar a dúirt Seán thuas 'Níos glice ná aon sionnach i bhFianna Fáil'
Fri, 09 Sep 2011 10:08:13 GMT pádraig ó donnchú http://www.beo.ie/alt-seosamh-o-cuaig-an-glor-neamhspleach.aspx#comments céard atá i gceist ag Harpic sa chéad iontráil ansin thuas?nach in í an stuif a úsáidtear le haghaidh leithrisí a sciomradh?
tá an gearradh céanna ina theanga siúd go cinnte.
Fri, 09 Sep 2011 07:11:26 GMT pádraig ó donnchú http://www.beo.ie/alt-seosamh-o-cuaig-an-glor-neamhspleach.aspx#comments agallamh macánta a cheapasa agus níl aon aithne agam ar an bhfear; cloisim ar an raidió é agus 'is binn lem chluasa é'. An amhlaidh gur chuir duine óg éigin isteach ar an bpost sin agus gur eitíodh é? Tá an ceart ar fad aige faoi Ros na Rún;briolla bhrealla agus niúidí neáidí tríd síos cé is moite de na 'leaids'. níl aon teora le doicheall na gcomharsan.
Thu, 08 Sep 2011 20:47:09 GMT Lillis Ó Laoire http://www.beo.ie/alt-seosamh-o-cuaig-an-glor-neamhspleach.aspx#comments Lucht chúl an chlaí beidh siad ag gearradh ach ní aithneofar iad.
Thu, 08 Sep 2011 19:11:02 GMT Bean a' Leasa http://www.beo.ie/alt-seosamh-o-cuaig-an-glor-neamhspleach.aspx#comments well, a Sheáin, nach tú atá cantalach? Seachain nó géarfaidh an bainne. Cad ina thaobh ná beadh Joe ag seimint iarratas? An é atá tú a rá ná ná fuil aon chearta ach ag daoine óga? Caith ciall leat féín.
Thu, 08 Sep 2011 16:39:41 GMT Seán Ó Confhaola http://www.beo.ie/alt-seosamh-o-cuaig-an-glor-neamhspleach.aspx#comments Ta sé in am ag Josie éirigh as a chuid rambláil faoi córais anseo is ansiúd á justifyáil é féin. Ta sé ag maireachtáil sna seachtóidí. É féin a bhíonns ag casadh na requests ar RnaG, agus ag spúfáil faoi dream óg na Gaeltachta. Ag tógáil jab duine óg ansin, chomh maith lena jabanna eile atá aige. Níos glice ná aon sionnach i bhFianna Fáil
Wed, 07 Sep 2011 18:38:14 GMT The Idle Buachaill http://www.beo.ie/alt-seosamh-o-cuaig-an-glor-neamhspleach.aspx#comments Pairti na nOibri os mo chionn
Lenin romham is Harris liom.
Sun, 04 Sep 2011 13:24:39 GMT Concubhar http://www.beo.ie/alt-seosamh-o-cuaig-an-glor-neamhspleach.aspx#comments Ní doigh liom go bhfuil an liamhain sin cothrom ar Sheosamh Ó Cuaig, Harpic, pé duine tú féin. Sheas Seosamh i gcónaí le pobal na Gaeltachta. Ach is agallamh bog é cinnte....
Sat, 03 Sep 2011 20:13:08 GMT Harpic http://www.beo.ie/alt-seosamh-o-cuaig-an-glor-neamhspleach.aspx#comments Agallamh an-bhog le polaiteoir glic nár sheas le pobal na Gaeltachta nó na gAeilge tráth dá raibh siad faoi ionsaí ag lucht tógála.
Sat, 03 Sep 2011 09:40:15 GMT