TEANGA AGUS CULTÚR
Seoirse Ó Broin, 14 Feabhra 1921 - 1 Eanáir 2005
Stiofán Ó Direáin Stiofán Ó Direáin

Féachann Stiofán Ó Direáin siar ar shaol Sheoirse Uí Bhroin, dlúthchara dá chuid agus duine a rinne a chion féin don Ghaeilge, a cailleadh i Londain ar an chéad lá den bhliain úr.

Íomhá

Fuair duine de na daoine ba dhílse don Ghaeilge bás ar Lá Coille 2005. An lá sin, chuaigh sé féin agus a bhean chéile Maureen ar Aifreann i Londain mar ba ghnách. Nuair a tháinig sé ar ais ón altóir bhuail taom croí é. Tugadh an ola dhéanach dó san eaglais agus, cé gur tháinig an t-otharcharr go gasta, ní raibh leigheas ar bith ar an scéal. Grásta ó Dhia ar a anam.

Mar a dúirt sé féin: “Is Béalfeirsteach mé, buíochas le Dia; mar sin, tá dhá shúil agam - agus dhá chos thútacha chomh maith. Fosclaíonn sin fuinneoga agus druideann sé doirse romham.”

Ach, aisteach go leor, rugadh a athair in Devonport Shasana agus rugadh a mháthair i Málta. Casadh an bheirt acu ar a chéile i mBéal Feirste agus pósadh i nGarrán na bhFearnóg iad. Bhí a chuid aithreacha móra in arm Shasana agus chaith siad tamall san Ind.

Ba shóisialaí agus cheoltóir é a athair agus d’oibrigh sé i muileann plúir i Sráid Duibhis, agus bhí muinín an domhain aige as Wee Joe Devlin. Cé nár phoblachtach é, bhí a athair báúil leis na réabhlóidithe agus, aisteach go leor, bhí sé ar saoire i mBaile Átha Cliath ar Luan Cásca, 1916. Rinne sé féin agus Cathal Byrne a mbealach amach as an chathair ar an traein go Béal Feirste.

Tógadh Seoirse i Sráid Walmer i gceantar Ormeau ag an tráth crua sin den saol nach raibh ach dífhostaíocht le fáil i mBéal Feirste. Fuair Seoirse a chuid oideachais i Scoil Rosario i Sráid Sunnyside agus i Scoil na mBráithre. Is ansin a fuair sé a chuid Gaeilge. Bhí suim an-mhór ag a athair sa Ghaeilge mar d’fhreastail sé ar léachtaí ar an tSean-Ghaeilge a thug an tOllamh Ó Briain do na mic léinn in Ollscoil na Banríona. Bhí an Bráthair de Nógla ag teagasc Gaeilge i Meánscoil Mhuire i Sráid na Beairice. Ba eisean a réitigh an leagan Ultach den bhunghraiméar Gaeilge a d’fhoilsigh na Bráithre Críostaí.

Thug na Bráithre comhairle do Sheoirse dul faoi scrúdú státseirbhís na Breataine. Mar thoradh ar an scrúdú sin, fuair sé áit i Londain i 1937 ag obair i mBanc Taisce an Phoist, an áit chéanna ar oibrigh Mícheál Ó Coileáin fiche bliain roimhe sin. Glas-stócach cúthail in aois a sé déag a bhí ann agus bhíodh sé an-uaigneach ar dtús. Chuaigh sé a chónaí lena aintín ag Enfield Lock in oirthear Londan. Ansin fuair sé lóistín i gceantar Shepherd’s Bush agus níos déanaí i mBrú an Chumainn Chaitlicigh i gceantar Westminster.

Ní raibh sé i bhfad sa bhrú go dtí go bhfuair sé amach go raibh Cumann Gaelach i gceantar Hammersmith a bhíodh ag reáchtáil ranganna Gaeilge. Bhí siad lonnaithe ag Brook Green, in aice le Hammersmith Broadway, an áit a raibh halla damhsa (an Garryowen) ina mbíodh na céilithe ar siúl. Mar a dúirt sé liom, peaca mór a bheadh ann bheith ag déanamh aithrise ar na Sasanaigh. B’in tráth nach raibh fáilte rómhór roimh na hÉireannaigh - bhíodh fógraí le feiceáil sna siopaí nuachtán ag tairiscint lóistín ach bhíodh cosc ar Éireannaigh, madaidh srl.

Pléascán

Bhí feachtas poblachtach ar siúl i Londain ag an am sin agus chuir sin blas géar ar an saol. Nuair a cuireadh pléascán faoi Dhroichead Hammersmith tháinig halla an chumainn ghaelaigh faoi amhras. Díbríodh cuid de na baill ar ais go hÉirinn. Is beag nár cuireadh Seoirse é féin ar ais, cé nach raibh baint aige le gluaiseacht phoblachtach ar bith.

Sa bhliain 1940 thosaigh na haer-ruathair ar Londain agus ba chrua an saol a bhí aige, go háirithe san oíche. I mí Mheán an Fhómhair 1941 glacadh isteach san aerfhórsa é. Oileadh é i Morecambe, Lancashire agus in Topcliffe, Yorkshire ag obair ar na “cónraí eitilte”. Ach, is ait an saol é, mar cuireadh go Béal Feirste é ansin le cúrsa raidió a dhéanamh sa Cheardscoil. Tar éis tamaill, seoladh go Londain é agus ansin go dtí an Ind ar bord loinge (an Britannic ab ainm di) i mí na Nollag 1942. Scríobh sé “Éire go Brách” ar a sheaicéad.

Tháinig siad i dtír in Bombay. Chaith sé tamall in Bangalore agus leis an Arm i Vanjambadi. Is i nGaeilge a scríobhadh sé an chorrlitir a chuireadh sé chuig cairde dá chuid agus chuireadh sin fearg ar an chinsire áitiúil, mar bhíodh air litir den chineál sin a chur go Bombay le hí a aistriú.

Chonaic sé a lán iontas ansin, an Taj Mahal ina measc. Chomh maith leis sin chaith sé tamall in Quetta, Lahore, Madras agus Delhi. Thug na hIndiaigh “Burra Padaí” (is é sin “Pádaí Mór") air. Chuir a mháthair an iris Our Boys chuige go rialta! Bhuail sé le beirt oifigeach Éireannach a bhí ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim. Bhí bratach na dtrí dhath agus léarscáil na hÉireann ar an bhalla acu. Thug sé ceacht agus leabhar Gaeilge dóibh.

D’fhág sé Bombay ar a bhealach abhaile ar an 14 Aibreán 1946. Chuaigh an bád, an Otranto, tríd an Mhuir Dhearg, Canáil Suez agus an Mheánmhuir. Ní raibh sé i bhfad go raibh sé ar ais i mBéal Feirste. Chaith sé saoire i nGaeltacht Thír Chonaill an samhradh sin.

Nuair a chuir sé faoi i Londain arís phós sé Maureen, arbh as an Líonán ó dhúchas di, agus bhí seisear clainne acu. Ar ndóigh, lean sé ar aghaidh leis an Ghaeilge agus le leathbhádóirí eile dá chuid - mar shampla, Séamus Ó Cionnfhaolaidh, Siobhán Uí Néill, Máire Ní Chuinn, Dónall Ó Ceilleachair, Seán Ó Donnabháin agus daoine eile nach iad - chuir siad grúpaí comhrá agus ranganna Gaeilge ar bun thart fá Londain. Bhí sé ina bhall agus ina Uachtarán de Chonradh na Gaeilge i Londain le fada an lá. Chuir sé go mór le himeachtaí Gaeilge na cathrach as siocair gur chreid sé go raibh cultúr is teanga fite fuaite le chéile. Mheall sé aisteoirí chuig Londain agus d’eagraigh sé drámaí Gaeilge.

Duine cráifeach, cliste, greannmhar, leathanaigeanta a bhí ann agus thug sé léachtaí Gaeilge ag Hyde Park Corner. Lena dhlúthchara Pádraig Ó Conchúir, nach maireann, chuir sé altanna i nGaeilge i gcló go rialta. Thug sé an-tacaíocht don Ghaeilge i gcónaí, mar shampla, bhí sé ar dhuine de na chéad daoine a d’fhreastail ar chúrsaí Oideas Gael i nGleann Cholm Cille agus a thug tacaíocht don nuachtán agus do na scoileanna lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Ba ghnách leis freastal ar an Oireachtas go rialta agus ar Fhéile Bhéal Feirste. Ar na mallaibh, chuidigh sé go mór le Coláiste na nGael sa Bhreatain.

Cronóidh muid go deo é! Ar dheis Dé go raibh a anam.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.