THALL IS ABHUS
Seal in Aotearoa (Cuid 2)
Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta

Ceann de na rudaí is suntasaí faoi bhunadh na Nua-Shéalainne, dar le Ruth Nic Giolla Iasachta, ná a meas ar an gcomhshaol.

Íomhá
An trá ag Motuihe, áit a raibh Ruth le déanaí
Íomhá
Fógra sa Nua-Shéalainn ag spreagadh daoine le bheith páirteach san iarracht chaomhnaithe
Íomhá
Ruth sa dúiche fhiáin
Íomhá
Lá Fhéile Pádraig 2007 sa Nua-Shéalainn

Nuair a thuirlingíonn an t-eitleán ar an taobh seo den domhan, ní bhíonn an turas ach leathchríochnaithe. Bíonn neart eile le déanamh ag duine sula mbaineann sé amach Tír an Scamaill Bháin Fhada i gceart.

Bíonn cárta inimirceach le líonadh ag chuile phaisinéir eitleáin, ag dearbhú nach bhfuil aon ábhar sa bhagáiste a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chomhshaol Aotearoa. Agus fiche uair taistil déanta agam cheana, ní raibh sé ró-éasca an liosta fada bithshlándála a léamh: níl cead im, mil, sliogáin nó ainmhí a thabhairt isteach – ceart go leor - ná slat iascaigh fhíoruisce ná buataisí campála. Luíonn sin le loighic – cosúil leis na bearta tréidliachtain Éirinn agus muid faoi bhagairt ag an ngalar crúibe agus béil cúpla bliain ó shin. Ach ansin, léirítear gur áit faoi leith é Aotearoa – níl cead agat torthaí, glasraí, cnónna, bláthanna, adhmad nó uisce fiú a thabhairt isteach sa tír leat.

Is tír faoi leith í ar bhealaí éagsúla. Níl mamach dúchasach ar bith ann. Roimh theacht na ndaoine ní raibh de neach ann ach éanlaith. Tá go leor miotaseolaíochta fós fúthu, ach le hionradh an duine djaonna, cliseadh ar a ríocht. Ar dtús, tháinig an francach isteach i waka (longa) na Maorach, agus d’ith sé uibheacha na n-éan talún. Bhí gadhair le na Maoraigh freisin. Chomh maith leis sin, rinne na daoine seilg mharfach ar speiceas eile éin darbh ainm an moa (cosúil le hostrais ach gan ingne géara ná aon tuiscint ar fhéinchosaint) agus anois níl aon cheann acu fágtha.

Nuair a tháinig longa na nEorpach i dtír anseo, cúpla aois ina dhiaidh sin, níorbh fhada gur tugadh coiníní, cait agus easóga isteach. Ar nós an rainn do pháistí faoin tseanbhean a d’alp damhán alla chun deireadh a chur leis an gcuileog a bhí alptha aici cheana trí thimpiste, cuireadh gadhair sa tóir ar easóga, a rinne slad ar na coiníní, a bhí tugtha isteach don spórt. Ciorcal lochtach amach is amach.

Ach anois tá cuma iomlán eile ar an scéal, agus is tír uaibhreach chaomhnaithe é Aotearoa maidir le hainmhithe, éanlaith agus plandaí. Is féidir cárta bainc a fháil a bhronnann cúpla dollar ar an éan clúiteach an kiwi chuile bhliain. Cén fáth nach mbeadh fonn caomhnaithe ar dhaoine a bhfuil tír chomh hálainn sin acu? Duine ar bith a d’fhéach ar an scannán The Lord of the Rings beidh a fhios aige cén saghas tírdhreacha atá i gceist. Idir shléibhte, shruthanna oighir, fhoinsí teo bolcánacha, fhiordanna agus oll-locha, tá saibhreas iontach anseo.

Níos faide siar ná 250 milliún bliain ó shin, ba é an t-aon talamh ar dhreach an domhain ná Pangaea. Thart ar 50 milliún bliain ina dhiaidh sin, scoilteadh é ina dhá leath – Laurasia (as ar tháinig Meiriceá, an Áis agus an Eoraip) agus Gondwana (Antartach an lae atá inniu ann, an Astráil, Meiriceá Theas, an Afraic agus an Ind). Timpeall 150 milliúin bliain ó shin, scoilteadh Gondwana, agus ag deireadh na ré Cailcí [Cretaceous] (80 milliúin bliain ó shin), d’éirigh an Nua-Shéalainn uaidh. Sin an phríomhchúis nach bhfuil an dúlra mar an gcéanna i chuile thír ar domhain.

Aire agus ómósRud lárnach i gcreideamh na Maorach is ea aire agus ómós a thabhairt don timpeallacht. Tá trí bhunphrionsabal ann: whakapapa (nasc, oidhreacht), mauri *(cuisle an tsaoil atá i ngach rud) agus *kaitiakitanga (bheith i bhfeighil ar rud). Ní mór duit meas a bheith agat ar luach chuile rud beo, bíodh sé ina chloch nó ina dhuine. Nuair a ghlactar leis an bhfreagracht seo, déantar maitheas don nasc atá idir chuile neach saolta. Tugtar tāngata whenua (muintir na tíre) ar na Maoraigh chomh maith, rud a chiallaíonn go bhfuil baint thábhachtach ag an talamh mar chuid den duine.

Feictear siombail rothlógach go minic, sin an koru (bachlóg nua raithní), a léiríonn beatha nua agus athbheochan. Úsáidtear é ar eireabaill eitleáin Air New Zealand, rud a chuireann olc a roinnt daoine, a chreideann nár cheart dearadh mar sin a bheith mar mhaisiú fógraíochta.

Bíonn an bród céanna le feiceáil go soiléir in iompar na ndaoine. Fiú na déagóirí is faiseanta ar fad, seaicéid leathair dubha orthu, agus fáinní sróin, mala agus eile á gcaitheamh acu; ag bualadh síos an bóthair lena gcairde, stopann siad chun forchlúdach earraí a chur sa bhosca bruscair. Ní haon chailliúint mana (luach pearsanta/meas/urraim) é i súil na ndaoine eile meas a bheith agat ar an chomhshaol.

Ar shlí aisteach eile, ní chuireann na Nua-Shéalannaigh leictreachas ná fuinneamh amú. Ainneoin fhuacht an gheimhridh, tá go leor tithe nach bhfuil teasairí iontu. Tá ballaí adhmaid ar na tithe (ar eagla go mbeadh crith talún ann) agus, dá bhrí sin, ní fhanann mórán teasa istigh. Níonn siad a gcuid éadaí in uisce fuar chomh maith. Ach ar fhaitíos go gcreidfí nach bhfuil i gceist ach sprionlaitheacht thraidisiúnta na nAlbanach (maith dom an steiréitíopa lofa sin – ach cloistear go minic anseo é mar ábhar grinn), caithfear a chur san áireamh go bhfuil dearcadh dáiríre ann i leith dramhaíola agus fuinnimh. Tá roinnt mhaith stáisiún hidrileictreach agus muileann gaoithe acu anseo in Aotearoa.

Shocraigh mé mo chuid ladhracha a chur isteach sa chré agus cuidiú leis na Kiwis an timpeallacht álainn seo a choinneáil beo. Gach dara deireadh seachtaine nuair a fheileann an aimsir, téann grúpa saorálaithe amach go hoileán speisialta, Motuihe. Ní mhaireann an turas báid ach leathuair, agus ansin ar aghaidh le chuile dhuine chuig an bplandlann, áit a bhfuil na plandóga dúchasacha ag fanacht orainn. I measc na gcrann a chonaic mé, bhí manuka, mahoe, agus kawakawa. Oibríonn na saorálaithe chun flóra agus fána an oileáin a chosaint, chomh maith le láithreáin stairiúla Motuihe. Cuirtear crainn, baintear fiaile, bailítear síolta agus cothaítear buinneáin nua sa phlandlann. An aidhm atá acu do 2007 ná 45,000 crann dúchasach a ullmhú don phlandáil. Tá tionscadal faireacháin ann freisin, a dhéanann suirbhé ar éin, fheithidí agus phlandaí. Tar éis maidine oibre, bhíomar saor le leanúint ar aghaidh, nó dul chuig an trá. Uaireanta is féidir turas treoraithe a dhéanamh timpeall an oileáin.

Féilte éagsúlaAch chun aghaidh a thabhairt ar chúrsaí eile a bhfuil an dath céanna ag baint leo, casaimid ar imeachtaí pobail bhaile Auckland. Cé go bhfuil an samhradh ag druidim chun deiridh, tá cúpla féile fós eadrainn féin agus an fómhar. Cúpla seachtain ó shin, leanadh leis na tinte ealaíne (a d’eagraigh Groupe F, scata ón Fhrainc a bhí i mbun thaispeántas na gCluichí Oilimpeacha sa Ghréig, i measc imeachtaí eile); agus i mí Márta ní dhearnadh dearmad ar éarlamh na hÉireann. Bhí imeachtaí ar siúl ar feadh seachtaine, idir “fhleadh” i gcearnóg Aotea (áit a mbíonn margadh chuile Shatharn de ghnáth), drámaíocht agus lá spóirt i bpáirceanna Seddon. Ansin bhí cluichí peile Gaelaí agus iománaíochta, imeachtaí do pháistí agus fulacht/barbaiciú ag an deireadh. Ag tacú le cuid mhaith den fhéile sin bhí Hugh Green, Conallach uasal a d’fhág Éirinn agus é óg fánach, agus a bhfuil rachmas anois aige tar éis dó na blianta a chaitheamh i mbun comhlachta tógála. I measc na rudaí a mhaoinigh sé, bhí an chead mhórshiúl do Naomh Pádraig sa domhan in 2007, a thosaigh ag meán lae ar an 17 Márta, nuair nach raibh sé ach a haon déag a chlog san oíche ar an 16 Márta in Éirinn.

Is as Contae na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Tar éis di máistreacht a bhaint amach, chaith sí tréimhse ag múineadh sa Fhrainc agus sa Nua-Shéalainn. Ó mhí Feabhra 2007, tá sí ag déanamh taighde PhD in Ollscoil Auckland ar an stáisiún teilifíse Maoraise. Tá obair déanta aici ar ghearrscannáin agus ar chláracha teilifíse agus tá drámaí agus scripteanna scríofa aici.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.