TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Seachtain na Gaeilge Teoranta
Julian de Spáinn Julian de Spáinn Julian de Spáinn

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Julian de Spáinn, bainisteoir Sheachtain na Gaeilge Teoranta (Conradh na Gaeilge).

Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin le Seachtain na Gaeilge Teoranta agus cén fhad atá tú sa phost?

Táim i mo bhainisteoir ar Sheachtain na Gaeilge Teoranta - táim sa phost sin le bliain go leith anuas. Tá Seachtain na Gaeilge Teoranta mar aonad de chuid Chonradh na Gaeilge.

  1. Cathain a cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge agus cé a bhunaigh í?

Chuir Conradh na Gaeilge tús le Seachtain na Gaeilge sa bhliain 1902. Rinneadh cuideachta de le déanaí agus táim cinnte go gcabhróidh sé sin le forbairt na Seachtaine sa todhchaí.

  1. Cén fáth ar bunaíodh í?

Cuireadh ar bun í ag tús an 20ú haois nuair a bhí an Conradh ag spreagadh athbheochan na Gaeilge ar fud na tíre. Chabhraigh an tseachtain leis an eagraíocht an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn.

  1. Cé mhéad duine atá ag obair ar eagrú imeachtaí Sheachtain na Gaeilge faoi láthair?

Tá mé féin fostaithe go lánaimseartha agus tá beagnach 200 grúpa eile ag eagrú imeachtaí ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain.

  1. Cén obair a dhéantar i gcás Sheachtain na Gaeilge ó lá go lá?

Tá sé an-deacair an cheist sin a fhreagairt! Tá éagsúlacht ann gach lá mar go bhfuil an méid sin rudaí le cur i gcrích. Mar shampla, is gá eagrúchán a dhéanamh ar an tSeachtain, dearadh a dhéanamh ar fhoilseacháin na Seachtaine, comhordú a dhéanamh ar na himeachtaí, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do na grúpaí atá ag eagrú imeachtaí, airgeadas a láimhseáil, urraíocht a fháil, déileáil leis na meáin chumarsáide, srl.

  1. Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad?

Faigheann an tSeachtain deontas ó Fhoras na Gaeilge agus faightear roinnt urraíochta an-bheag ó fhoinsí eile. Táimid an-bhuíoch as an urraíocht atá curtha ar fáil ach cinnte ní leor é chun an tSeachtain a fhorbairt nó a chur chun cinn sa tslí ar chóir dó sin a bheith déanta. Caithfidh an tSeachtain teacht ar fhoinsí eile maoinithe amach anseo, chomh maith leis na bunfhoinsí a mhéadú.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Nílim cinnte cad iad na spriocanna a bhí ann i 1902, ach tá roinnt de na spriocanna a bhí leagtha amach don bhliain seo bainte amach cheana féin. Mar shampla, bhí sé mar sprioc go mbeadh imeachtaí eagraithe i ngach contae in Éirinn le linn na Seachtaine (8-17 Márta) agus in dhá tír thar lear. Tá áthas orm a rá go mbeidh imeachtaí ar siúl i ngach contae an mhí seo chugainn agus beidh cinn ar siúl chomh maith i gCeanada, sna Stáit Aontaithe, in Albain, agus sa Ghearmáin!

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le Seachtain na Gaeilge?

Is dócha go bhfuil an dea-thoil atá ar fud na tíre don tSeachtain agus an méid daoine atá sásta obair a dhéanamh go deonach ar son na Seachtaine ar na príomhláidreachtaí a bhaineann léi.

An phríomhlaige ná nach féidir linn freastal ar níos mó grúpaí ná tacaíocht bhreise a thabhairt do na scoileanna agus do na hógchlubanna.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Seachtain na Gaeilge faoi cheann cúig bliana.

Fios a bheith ag 95% den phobal go bhfuil an tSeachtain ar siúl. Rannpháirtíocht sna himeachtaí a mhéadú go 250,000 duine (d’fhreastail 50,000 duine ar imeachtaí na bliana anuraidh - agus níl na scoileanna san áireamh san fhigiúr seo!). Réimse leathan d’imeachtaí a bheith ar fáil d’éinne a bhfuil suim aige páirt a ghlacadh sa tSeachtain, pé áit sa domhan ina bhfuil sé.

  1. Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?

Go bhfásfaidh sí go tréan agus go mbeidh níos mó agus níos mó daoine ag labhairt agus ag úsáid na Gaeilge ina ngnáthshaol.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.