TEANGA AGUS CULTÚR/TRIALLOM TIMPEALL
Scorach Missouri, Tamney Hall agus dúchas na hÉireann
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Triallom timcheall na Fódla’ is teideal de dhuan cáiliúil a ransaím scaití d’fhonn teacht ar eolas sloinne logainm. Is deas nuair is féidir sloinne ar leith a lua le ceantar ar leith agus an snaidhmeadh sin a shíneadh siar breis is chéad bliain. ‘Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh’ is ainm de dhuan eile a d’fhoilsigh DIAS in éineacht leis agus is é Giolla na Naomh Ó hUidhrín an a cheap é.

Triallom! (= Triallaimis!)

Bíodh gurBeo’ is ainm don iris beolíne seo, triallfaimid tamall i measc na marbh an chéad iarraidh seo. Faoi screamh na mblianta a bhíonn fíordhúchas na hÉireann i gcóngar is i gcéin. Is mór an dealú béascna, dar leat, idir an shraith ainmneacha thíos, nuair a dhearcfas orthu de chéaduair:

Peig Sayers Robert Tenpenny Nioclás Tóibín James Hawkins Seán hInnéirghe/John Henry Eugene Archibald Cóilín Fiodhnaise Mac Donncha Lawrence Biggar Aodh Ó Duibheannaigh Mary Barnacle

Samhlaítear taobh amháin, an dream ar dheis thuas, leis an mBéarla, tharla gur faoi athchruth sloinne anois iad, cruth a cheileann a ndúchas orainn.

Tenpenny, go maireann Tempany agus Mac Atamney fós féin. nach as an dream seo, Clann an Tiompánaigh, a baistíodh Tamney Hall Mheiriceá. Caithfidh gurbh ea?

Fear eile ar an gcoigrích thiar, nach n-áirítear go coiteann mar Ghael é, is ea Billy the Kid, mar a bheireadh air féin i ndeireadh achair, ‘William Bonney’. Ba de Chlainn Chárthaigh ó cheart é, a fhios an méid sin. Ar de bhunadh na hÉireann a mháthair? ‘Of Irish parentage’ a scríobh nuachtán a linne agus é ag trácht ar Billy. Ba é an t-ainm a bhí air, William Henry Mc Carty, achHenry Mc Carty’ ba ghnách leis a thabhairt air féin i dtús a réime. Catherine Mc Carty a bhí ar a mháthair agus Joe/Josie Mc Carty, ba é a dheartháir. Meastar gur William Henry Mc Carty a bhí ar a athair, ach níl an méid sin cinnte glan. Rith an t-ainmKid Antrim’ le Billy chomh maith. Ó William Henry Harrison Antrim, a leasathair, a ghreamaigh an leasainm úd de.

Maidir leBonney’, shíl seal go mb’fhéidir gurbh ébanaí’, an focal Gaeilge, a sholáthair an t-athshloinne , óir bhain cáil tarraingt na mban agus obair na muc leis in amanna éagsúla achar gearr saoil. Tharraingeodh ceachtar den ghné sin shaolbanaí air. Is é mo bharúil gurbh é Bonney sloinne díomhaoin na máthar agus gur ghlac an mac le Bonney agus lena chéad ainm baiste araon, William/Billy, san am ab fhearr rith maith drochsheasamh. D’fhágfadh sin mar William Bonney, Billy Bonney é.

Bonny? An féidir gur sliochtsan í máthair Scorach Missouri/Billy the Kid? Rugadh Catherine Bonney tuairim na bliana 1840.

Cuid eile díobh sin as sraithghallda’ an liosta thuas, is féidir gur ag ceilt sloinne Gaeilge atáid:

James Hawkins = Glaisne Ó hEachaidhean (= Haughian) Eugene Archibald = Eoghan Mac Giolla Easpaig (= Mac Gillespie) Timothy Bywater = Tomhaltach Ó Srutháin (= Sruffaun) Mary Barnacle = Mór Chadhain (= Coyne) Lawrence Biggar = Lochlann Mag Uidhrín (= Mac Givern)

shamhlódh agus sinn ag tagairt thuas ar ball d’údar an duainTuilleadh feasa ar Éirinn óigh’, Giolla na Naomh Ó hUidhrín, go snaidhmfí a shloinne riamh le logainm de chuid na hAlban, ‘Bigger’? Is iomaí cor a chuireas an sloinne de scaití.

Is féidir scéala a chur chuig Seosamhag an ríomhphost macmuiri@ireland.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.