AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Sceitheann fíon fírinne
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

“In vino veritas” a deir an seanfhocal. Más fíor sin, tá tionscal fíona na hAstráile ar a mhíle dícheall ag tacú leis an bhfírinne.

Íomhá
Íomhá

Grianghraf: Matt Turner

méadú suntasach tagtha ar tháirgeadh fíona sa tír le tamall de bhlianta anuas. I 1981 táirgeadh 7.6 milliún lítear san Astráil, luach $11.7 milliún. Sa bhliain 2000, táirgeadh 806 ML agus onnmhairíodh 313 ML, luach $1.51 billiún. Tá an Astráil anois ar an gcúigiú tír is mó a onnmhairíonn fíon tar éis na Fraince, na hIodáile, na Spáinne, agus na Sile.

Ach ní hamháin go bhfuil méadú tagtha ar tháirgeadh - tá feabhas mór tagtha ar an gcaighdeán freisin de bharr taighde chúramaigh ar chúrsaí talún, aeráide agus modhanna táirgthe. Tá na céadta duais buaite ar fud an domhain dá bharr. Is féidir buidéal fíona ar ardchaighdeán a fháil ar thuairim is $10-12 (£4.50-5.50). Ach má tá cúpla pingin breise agat, ní bheidh tú gan deoch ach an oiread: díoladh buidéal Penfold’s Grange Hermitage 1951 ar $40,000 ag ceant anuraidh.

Tá fíon á tháirgeadh sa tír ó gabhadh í mar choilíneacht de chuid na Breataine i 1788. Ach is idir 1830 agus 1850 a cuireadh bunús ceart leis an tionscal. Tháinig Liútaraigh as Siléis na Gearmáine a d’fhág a dtír dhúchais de bharr achrann creidimh agus chuireadar fúthu sa mBarossa Valley in aice le hAdelaide san Astráil Theas. Fuaireadar ithir shaibhir, dóthain báistí agus dalladh gréine rompu ach ní raibh aon fhíon le fáil. Níorbh fhada gur cuireadh sin ina cheart agus ó shin i leith tá cáil an fhíona ar an ngleann.

I measc na gceantar eile san Astráil Theas a bhfuil clú bainte amach acu tá McLaren Vale, Clare Valley (a fuair a ainm ó Chontae an Chláir) agus Coonawarra.

McClaren Vale, An Astráil Theas

Grianghraf: Matt Turner

Cé gurb í an Astráil Theas an stát is tábhachtaí maidir le fíon (46% den táirgeadh náisiúnta), tá cáil freisin ar an Hunter Valley (New South Wales), Rutherglen (Victoria), Margaret River (An Astráil Thiar) agus cúpla scór ceantar eile.

Ar ndóigh, tá muintir na hÉireann ag déanamh a gcuid féin ar son na cúise - tháinig méadú 322% go £542 milliún ar an méid fíona a díoladh in Éirinn idir 1990 agus 1999 agus is ag fíon na hAstráile atá 28% den mhargadh sin. Más fíor go sceitheann fíon fírinne, b’fhéidir gur tuilleadh fíona atá ag teastáil ag na binsí fiosraithe atá ar siúl in Éirinn.

Anois, tá am dí ann. Feicim go bhfuil mo ghloine folamh, faraor. Ach, tá an buidéal lán, buíochas le Dia.

Is leis an Australian Wine Export Council cearta na ngrianghraf san alt seo. Is gá go ndéanfadh gach duine a úsáideann iad a bhfoinse a lua mar “Australian Wine Export Council/Matt Turner”.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.