CÚRSAÍ SPÓIRT
Scéal an tSnúcair
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Chaith Colm Mac Séalaigh súil siar is aniar trí scéal an tsnúcair. Tugann sé cur síos dúinn san alt seo ar roinnt de na daoine spéisiúla, murar Hustlers iad ar nós charachtair Paul Newman, a chaolaigh isteach is amach as seomraí dorcha na sólann snúcair i dtíortha éagsúla ó thús an chéid seo caite.

Íomhá
Paul Newman, íomhá an tsnúcaire
Íomhá
Joe Davis
Íomhá
Alex Higgins, ar dheis, David Taylor ar chlé, Mickey Hannon a tharraing
Íomhá
Steve Davis
Íomhá
Ronnie O Sullivan

deacrachtaí ag an snúcar agus tá sé ag síothlú. Tá na hurraithe á thréigean. Tá na daoine á thréigean, nó tá an chosúlacht sin air mar scéal. Comhartha d’óige curtha amú, blianta ar fán, ab ea é fear óg a bheith go maith ag imirt snúcair. Sin é a deirtí, le hosnaíl throm thruamhéalach de ghnáth, agus is dóigh gur mar gheall ar na huaireanta fada a chaitheadh fir óga i hallaí dorcha, faoi cheo deataigh, ag bualadh báilíní beaga daite in aghaidh a chéile ar bhoird ghlasuaithne a bhí lasta ag soilse crochta os a gcionn, a deirtí. Bhí cuid againn ag dul sa treo sin, cineál, tráth den saol, mar is cuimhin liom go dtéinn in éineacht le beirt chara liom, agus muid fós sna déaga, chuig an halla snúcair áitiúil le haghaidh ‘cúpla fráma’ ó am go ham. Bhíodh atmaisféar suaimhneach, scístiúil ann, ciúnas iomlán seachas torann bog na liathróidí á mbualadh ag na ciúnna agus i gcoinne a chéile, agus corrbhéic áthaiseascaine. Ba bhealach iontach é le cúpla uair an chloig a mheilt tráthnóna fuar, fliuch i lár an gheimhridh i bhfochair cairde.

Cúlra an chluiche

Agus é sin ráite nach aisteach an spórt é an snúcar le hais spórt eile: bord mór i spás beag; lucht féachana ina dtost don chuid is mó; gan aon teagmháil phearsanta le do chéile comhraic; an t-imreoir i gcoinne na liathróidí. Ní bhíonn gá le réiteoir dáiríre mar ní dhéantar calaoisfeall ná ní bhíonn argóint ná troid idir imreoirí. An-sibhialta ar fad. Go fiú má dhéanann imreoir feall, is é nós an chluiche an feall a admháil (mar shampla, liathróid a chuimilt trí thimpiste) fiú amháin mura bhfeiceann aon duine eile é. An t-aon spórt eile atá cosúil leis is ea an galf. Dar ndóigh, cluiche na huasaicme á imirt ag an ísealaicme is ea an snúcar anois. Oifigigh de chuid arm na Breataine a bhí fostaithe san India san 19ú aois, tráth nach dtéadh an ghrian faoi ar an Impireacht, a chum an cluiche snúcar toisc go raibh siad tuirseach den chluiche billéardaí a bhítí á imirt ag an am.

Íomhá eile a bhaineadh leis an snúcar ná tithe móra na huasaicme agus seomra ar leith le haghaidh an bhoird bhilléardaí agus snúcair, áit a ndéantaí cúpla fráma a imirt, todóg bhreá, ramhar a chaitheamh agus gloine dheas branda a ól le bolg lán tar éis an dinnéir. Ach is i bhfad ón íomhá sin atá cluiche na linne seo.

Imreoirí gairmiúla

Cuireadh tús leis an gcluiche gairmiúil sna 1920í agus ba é Joe Davis an chéad imreoir mór le rá. Bhuaigh seisean gach craobh dhomhanda idir 1927 agus 1947 ach ba spórt an mhionlaigh é. D’athraigh sin nuair a taispeánadh ar an teilifís dhaite don chéad uair é sna 1970í. Spórt an-fheiliúnach don teilifís ab ea é agus tháinig borradh faoin lucht féachana i ndiaidh craoladh beo Chraobh Snúcair an Domhain don chéad uair i 1978. Lean an tsuim sa spórt ag méadú sna 1980í agus 1990í agus bhí líon an-ard lucht féachana aige. Dar ndóigh, ní bhíodh an oiread spóirt á chraoladh beo an uair sin is atá anois.

Táthar ag rá go bhfuil an snúcar ag fáil bháis mar spórt mór lucht féachana, teilifíse agus urraíochta. Iomaíocht ó iliomad spórt eile ar an teilifís, móide imeacht na n-urraí tobac go mór mór agus ísliú ar dhuaiseanna airgid dá bharr sin, a thugtar mar chúiseanna leis an staid sin. Easpa ‘carachtar’ nó pearsan suimiúla a luaitear mar chúis eile leis an easpa suime, is é sin, imreoirí áirithe a mheallfadh daoine ina sluaite go dtí na comórtais agus chuig taispeántais fiú amháin, níl siad chomh líonmhar is a bhíodh. B’fhéidir go bhfuil cuid den cheart sa tuairim sin, ach tá go leor ann a déarfadh nach raibh ann dáiríre ach pearsa nó ‘carachtar’ fíorshuimiúil amháin ann i ndomhan an tsnúcair agus ba é sin Alex ‘Hurricane’ Higgins.

Hurricane Higgins

As Béal Feirste dó, bhuaigh Higgins Craobh Snúcair an Domhain ar a chéad iarracht agus é dhá bhliain is fiche d’aois. Ba é an duine ab óige a rinne an t-éacht sin go dtí gur sháraigh Stephen Hendry an churiarracht sin in aois bliain is fiche. Bhuaigh Higgins arís in 1982, agus bhí clú agus cáil air taobh istigh agus taobh amuigh de phobal an tsnúcair a bhuíochas sin do na scéalta agus na ráflaí a bhain leis, agus don chraoladh beo teilifíse a bhí coitianta um an dtaca sin. Imreoir tréitheach a bhí ann agus stíl dá chuid féin aige a mheall lucht mór féachana agus leanúna. Duine conspóideach ab ea é ar a raibh na deamhain istigh ann á chrá. Bhí sé tugtha don ól, don chearrbhachas, agus don ragairne. Buachaill ‘dána’ a bhí ann agus buachaill báire, agus thaitin sin leis an slua, ach níor thaitin sé leis na húdaráis agus bhíodh siadsan agus é in adharca a chéile go minic. Tháinig imreoirí maithe i ndiaidh Higgins, imreoirí níos fearr ná é ar nós Steve Davis, Stephen Hendry, Denis Taylor, Jimmy White, John Higgins, Ronnie O Sullivan agus tuilleadh, ach is beag duine a bhí inchurtha leis an ‘Hurricane’ mar ‘charachtar’.

Ronnie O Sullivan

Tá cuid de thréithe an ‘charachtair’ ag baint le Ronnie O Sullivan. Is deacair é a léamh agus tá cúlra mí-ámharach, tragóideach fiú, aige a mheallann trua dó (ní hé go lorgaíonn sé é). Tá a athair sa phríosún i ngeall ar fhear a dhúnmharú agus ghoill agus goilleann sé sin go mór ar an Súilleabhánach. Déanann sé agus deir sé rudaí neamhghnácha, conspóideacha ó am go ham, ach maitheann a lucht leanúna a chuid peacaí dó. Tá tallann dochreidte aige – b’fhéidir nach raibh aon imreoir snúcair inchurtha leis ann riamh. Cé gur deasóg é, tá sé in ann imirt chomh maith céanna lena lámh chlé má shocraíonn sé, rud a dhéanann go minic.

Thosaigh ré órga theilifíse an tsnúcair nuair a bhuaigh Alex Higgins ar Ray Reardon i gCraobh an Domhain in 1982. Tá a lán imreoirí sciliúla tagtha agus imithe den scáileán físe ó shin i leith. Is iomaí uair an chloig a chaith cuid againn ag déanamh iontais de agus ag baint taitnimh as a gcumas chun dreas mór scórála á chur i dtoll a chéile acu, seasca, seachtó, céad pointí, á gcur ar chlár an scóir le scil iontach agus géire intinne. Bheadh ríméad ar chuid againn dá n-éireodh linn deich bpointe a scóráil le linn dreas imeartha amháin, ach, dar ndóigh, níor chuireamarna am ár n-óige “amú”.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.