CÚRSAÍ SPÓIRT
Rugbaí na mBan in Éirinn
Laoise Ní Bhéimis Laoise Ní Bhéimis

Tá eolas cruinn ag Laoise Ní Bhéimis dúinn ar an tslí a bhfuil rugbaí na mban in Éirinn faoi láthair, tharla go bhfuil taithí na mblianta aici féin ar imirt an rugbaí ar gach leibhéal ón gclub go dtí an fhoireann idirnáisiúnta.

Íomhá
Caid an rugbaí
Íomhá
Patrique Kelly, imreoir ar fhoireann na Mumhan agus ar fhoireann na hÉireann
Íomhá
Bean de lucht taca rugby na hÉireann
Íomhá
Imreoir rugbaí in Edmonton, Ceanada

Ta bliain dóchais amach roimh fhoireann Rugbaí na mBan in Éirinn anois, mí Eanáir 2009. Bhain na cailíní an cheathrú áit sa ‘Chomórtas Sé Náisiúin’ amach anuraidh. Ba chríoch dhíomách é seo do na cailíní, ach tá misneach nua agus meanma iontu i mbliana, a bhuí sin don tslí ar chruthaigh siad ag an gCraobh Eorpach dheireanach.

Chríochnaigh foireann na hÉireann sa tríú áit i gCraobh Eorpach na mBan FIRA-AER i mí Bealtaine seo caite san Ísiltír. Is é seo an toradh is fearr atá bainte amach ag na cailíní go dtí seo agus tá dóchas mór sa champa go mbeidh tuilleadh feabhais ar sheasamh na foirne i ‘gComórtas na Sé Náisiúin’ i mbliana.

Is urbhreith é an bhliain seo don fhoireann, tharla gur ainmníodh traenálaí nua na foirne. Is é Steven Hennessey as Baile Átha Cliath a stiúrfaidh na cailíní i rith na bliana. I dteannta an stiúrthóra nua, ainmníodh painéal láidir ina bhfuil daichead imreoir páirteach ann i Mí na Samhna seo caite. Tá an-chuid ainmneacha nua le feiceáil ar an bpainéal sin agus tá súil ag gach éinne acu a bheith páirteach i bhfeabhsú sheasamh na foirne an mhí seo chugainn, Mí Feabhra.

Cé go bhfuil fuinneamh nua ag foireann na tíre don bhliain seo amach romhainn, tá easnamh mór sa champa gan leithéidí Sarahjane Belton, Patrique Kelly agus Germaine Healy atá tar éis éirí as an rugbaí de bharr gortaithe. Ba imeoirí den scoth iad seo agus d’fhágadar a lorg ar an gcluiche rugbaí in Éirinn. Tá dornán eile imreoirí atá gafa le dualgais oibre agus nach mbeidh, dá dheasca sin, le feiceáil ar an bpáirc i mbliana ach oiread.

Bíonn mórán ionadaithe as gach cúige ar an bpainéal, ach is líon suntasach é an tríur imreoir déag a d’eascair as foireann na Mumhan tar éis an ‘Chraobh Idir-Chuige’ a bhuachan i Mí Dheireadh Fómhair. Tá ionadaíocht mhaith ag clubanna ‘UL Bohemian’ agus ‘Blackrock’ chomh maith. Bhuail an dá fhoireann le chéile i gCraobh na hÉireann, an AIL anuraidh agus tá ocht n-imreoir déag ar phainéal na hÉireann eatarthu.

Tá feabhas tar éis teacht ar imreoirí na hÉireann bliain i ndiaidh bliana. Ní hamháin ag an leibhéal náisiúnta a tharla sé seo, ach tá borradh as cuimse tar éis teacht faoi chlubanna na tíre leis. Tá líon na n-imreoirí ag dul i méid i gcónaí agus is dea-scéala é seo d’fhoireann na hÉireann. Níl ann ach ceist ama go bhfeicfimid roinnt de na himreoirí úra seo ag teacht chun tosaigh le freastal ar phainéal na hÉireann.

Spreagann an feabhas seo sa scéal fonn nua sna seanfhondúirí a thug aghaidh ar an bpáirc traenála agus ar pháirc na himeartha i rith na mblianta. Beidh céim chun tosaigh sa bhreis á santú ag na cailíní i mbliana, an tríú háit sa Chomórtas Sé Náisiúin agus áit i gCraobh an Domhain i Sasana an bhliain seo chugainn, 2010. D’aimsigh Éire an t-ochtú áit sa chomórtas seo ceithre bliain ó shin in Edmonton, Ceanada.

An té ar spéis léi imirt nó tacú le Rugbaí na mBan, tá gach aon eolas ar fáil anseo ag www.irishrugby.ie (Womens Rugby – tá nasc ar fáil do gach réigiún).

Coinnigh súil amach an mhí seo chugainn do Chomórtas na Sé Náisiúin, 6 Feabhra ag 19.30, nuair a bheidh Éire in éadan fhoireann na Fraince agus ag deireadh na míosa sin arís, nuair a bheidh Éire ag imirt in éadan fhoireann Shasana, ar an 27 Feabhra ag 19.30, i mBÁC ag St.Mary’s RFC, Bóthar Templeville.

  • Is as Baile an Chollaigh, Corcaigh, ó dhúchas í an t-údar, Laoise Ní Bhéimis, áit ar thosaigh sí ag imirt an rugbaí. Tá sí ag múineadh Gaeilge agus Corpoideachais i gColáiste na Collchoille, Droim Collchoille, Co. Luimnigh le ceithre bliain anuas. Ba chaptaen ar UL Bohs agus ba leaschaptaen na Mumhan anuraidh í. Roghnaíodh do Fhoireann na Mumhan 33 uaire í agus roghnaíodh 35 babhta do fhoireann na hÉireann í cheana féin. Tá sí ar an bpainéal arís i mbliana.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.