CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Rotha Mór an tSaoil Shóisialta
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Is minice riamh sinn ag teacht ar eolas faoi bhás cairde linn ar an idirlíon. Gné chumhaíúil an bháis atá faoi chaibidil ag Roseanne Smith san alt seo.

Íomhá
Maireann an scríobh ar an leic ach mhaireann an lámh do chuir
Íomhá
Eitleán de chuid Aer Lingus
(Arpingstone ar Vicipéid)
Íomhá
Munchen Olympiapark
(le Lukáš Hron ar Vicipeid)
Íomhá
Croch an Phápa óna chuairt 1979
(le Anitex ar Picasaweb)

léann an t-alt seo go rialta, súil agam go bhfuil tuiscint de chineál agat ar mo charachtar faoin am seo. B’fhéidir go dtuigfidh faoin am seo gur duine dearfach a bhfuil dúil sa saol agam. Ina ainneoin sin bíonn amanna sa saol dúinn ar fad go mbíonn orainn machnamh a dhéanamh ar an aon rud cinnte sa saol: an bás. Agus b’shin tusa ag suí siar ansin, iPad i do lámh agat ag ceapadh, “Fan go bhfeicfimid cad a cheapann Roseanne faoin tseirbhís Netflix nua seo...” (Beagnach gan mhaith, dála an scéil, ach sin scéal eile.) Agus an tEarrach linn, snafach faoin ngas, beatha nua ag tórmach, braithim rud beag as céim ag scríobh ar an ábhar seo ach ar intinn agam é sin a dhéanamh.

roinnt mhaith machnaimh déanta agam ar rotha mór an tsaoil le déanaí ó thit ar mo chrannsa teach mo mháthar baiste a fholmhú, tharla go bhfuair bás, an bhean bhocht, faoi Shamhain seo caite. Ar ndóigh is rud brónach é seo ach ba faoiseamh mór di a bás sa deireadh. Bean díomhaoin a bhí inti, agus bean aonair tharla gan deartháir deirfiúr í, bean a d’fhan ina cónaí lena tuismitheoirí. Bhí rudaí coinnithe aici bhrí sin nach mbeadh coinnithe agamsa ag mo mhuintir inár dteach, teach a raibh cúigear againn ann. Carn saibhir de chuimhneacháin idir ghrianghraif, litreacha agus shleamhnáin nach raibh am agam cíoradh tríothu i gceart go dtí seo.

Bhí nuachtáin ina measc freisin ón a teilgeadh an chéad diúracán sa spás i 1969; bhí trí nuachtán ó chuairt an Phápa go hÉirinn i 1979 agus sleamhnáin, clár agus ticéid ó chluichí Oilimpeacha Munchen i 1972. Bhí a gúna comaoineach ann, neart bonn míliteach le m’uncail agus grianghraif ag gabháil siar go tús an 20ú haois. litreacha agus cártaí poist ó gach cearn den domhan ó thaistil mo mháthair baiste an-chuid mar go mba fostaí le hAer Lingus í.

Cinní le Déanamh

Bean a bhí an-tógtha le teicneolaíocht (d’oibrigh mar ríomhcláraitheoir C+) agus mar sin táim cinnte go bhfuil neart grianghraf digiteach eile le ransú tríothu freisin. Agus cosúil linn ar fad, cuntaisí sóisialta éagsúla aici agus is dúinn cinneadh a dhéanamh fúthu agus faoin ábhar a bhaineann leo freisin. Bhí ríomhaire glúine aici, guthán cliste agus ceamara digiteach le neart sliseanna: caithfidh cinneadh a dhéanamh faoin ábhar orthu ar fad.

Agus ag smaoineamh ar an gceist seo ar fad, chuireas spéis in alt ag Marie Boran san Irish Times http://www.irishtimes.com/newspaper/finance/2012/0210/1224311564766.html Get your life back from Facebook. go bhfuil Facebook ag tairiscint seirbhís aiséirí anois ( neart scannán Zombie feicthe ag dream neoid Facebook freisin: ach go mbíonn droch-chríoch leis an scéal sin i gcónaí.) San alt seo scríobhann Iníon Bhodhráin faoin tseirbhís a ligeann duit cóip a íosluchtú de gach a bhfuil ar do chuntas Facebook. Chuaigh abairt amháin i bhfeidhm orm go háirithe: time may erase memories but what you say on the Internet exists forever. Is ceist í an príobháideachas atá á cíoradh ag Boran, ach thuig láithreach go bhfuil féidearachtaí anseo domsa agus beartas ag teacht le chéile dom de réir a chéile is ag iarradh cuimhneacháin digiteacha a thógáil de mo mháthair baiste.

Bréagriocht

(Ar ndóigh is ceist slándála atá anseo freisin. cásanna ann inar goideadh aitheantas duine a bhí básaithe ach tarlaíonn sin go luath i ndiaidh an bháis de ghnáth. Sna cásanna seo, sna Stáit Aontaithe, d’úsáid na gadaithe eolas faoin aitheantas chun cártaí creidmheasa a fháil sula raibh deis ag an muintir an duine mhairbh an bás a chlárú. N’fheadar an dtarlaíonn anseo?)

hamháin go mbeadh orm gach a bhfuil sa teach a réiteach ach beidh orm cuntaisí ar líne a dhúnadh. N’fheadar ar chóir dom chur in iúl do dhaoine sna líonra léi go bhfuil ar sin a dhéanamh? Céard é an netiquettean líonbhéas, béas an lín, an líon-nós - nuair is amhlaidh an scéal? mbeifeá clíbeáilte i ngrianghraf ar Facebook aici an mbeadh cóip den ghrianghraf sin uait? feicthe agam ar Facebook go gcoinníonn cairde muintir an duine éagtha an phroifíl beo ach go n-athraitear an t-ainm go Remembering X In Memory of X.

Ar ndóigh deacrachtaí ann shocraíónn fáil réidh ina n-iomlán leis na cuntais seo ar fad. bheadh focal faire agat go minic gan trácht ar fhreagraí ar na ceisteanna slándála atá coitianta. Is féidircuimhneacháineadh’ a dhéanamh ar chuntas ar Facebook http://www.facebook.com/help/?faq=150486848354038#How-do-I-report-a-deceased-user-or-an-account-that-needs-to-be-memorialized-or-deleted?. Is chuige sin r-phost an duine éagtha agus profa an bháis i bhfoirm digiteach ar líne (fógra scéala báis). ag iarraidh an cuntas a scrios ina iomlán caithfidh rud beag níos profa a sholáthar.

Bíonn foirm Word le líonadh isteach i gcás linked. I gcás Twitter caithfidh litir dlíodóra a fháil chun fáil réidh le cuntas. Rud a bheadh costasach, ach Twitter fós ag tairgeadh proifíl bean dom atá marbh le níos bliain anois. seans ann freisin nach mbeadh an bhaint chéanna ag na seiceadóirí leis an líonra is atá acu lena líonra ar Facebook. Braitheann ar an duine ar ndóigh. https://support.twitter.com/groups/33-report-a-violation/topics/148-policy-information/articles/87894-how-to-contact-twitter-about-a-deceased-user

Bailiúcháin mar Chuimhneachán

Le linn dom oibriú ar an teach ghlac roinnt grianghraf a roinn tríd Instagram ar Facebook, Twitter agus Flickr. Rudaí neamhpearsanta don chuid is , rudaí a thuigeadh daoine Éireannacha go háirithe. a mbeadh spéis ag mo mhuintir iontu. Chuir hashtag (#thingsifoundtoday) leo agus de réir a chéile, cuma mhaith ag teacht ar an obair go léir.

chun bailiúcháin digiteacha cuimhneacháin a chruthú, mar albaim Facebook Flickr a ligfeas do dhaoine a bhfuil ceangal acu léi cuimhneamh ar mo chara as Críost nuair is mian leo.

Tháinig ar chúpla foinse a chabhródh go mór le héinne atá ag plé leis an gceist seo. http://www.thedigitalbeyond.com/ an-snasta agus lán le heolas faoi sheirbhísí cosúil leis an bhfeidhmchláirín Shoebox ó 1000memories.com a ligeann don úsáideoir seanghriangraif a scanáil le iPhone agus a roinnt ar 1000memories, ar Twitter agus ar Facebook.

Ach ritheann liom go mb’fhéidir go mbeidh le seiceadáirí le saineolas digiteach le dlíodóirí cáilithe le teastais speisialta ó na gréasáin, go háirithe nuair a smaoiním ar an méid ábhair atá i bhfoirm dhigiteach atá agus a bheas mar chuid d’oidhreacht ár bpáistí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.