THALL IS ABHUS
na Tuinéise
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson

Ag taisteal na hEorpa le trí bliana anuas, casadh daoine spéisiúla go leor ar an scríbhneoir Diarmuid Johnson. Seo í an chéad mhír uaidh faoina chuid eachtraí sa bPolainn, agus i dtíortha nach í.

Íomhá
Árasáin agus Crann i bPoznan
DJ
Íomhá
11.11 Náisiúnta na Polainne
DJ
Íomhá
Maidin sheaca sa bPolainn
DJ
Íomhá
'Oighear , é mo scéal'
DJ

Sa traein a bhíos agus ar mo bhealach aniar as Beirlin go dtí an Pholainn. An tseachtain sin, coicís roimh Nollaig, bhí comhdháil mhór idirnáisiúnta i mbaile Phoznań maidir le cúrsaí aeráide. De bharr gan ach beagán óstán ar an mbaile sin, cuireadh na mílte mac léinn abhaile le linn na comhdhála ionas go mbeadh breis leapacha ar fáil do na teachtaí. Agus ó tharla na mic léinn imithe, cuireadh na ranganna ar ceal. Thapaigh féin an deis le dul ar sciuird.

Na suíocháin ar aghaidh a chéile agus doras idir iad agus an pasáiste, sin é an seanleagan amach ar thraenacha na hEorpa. Bhí triúr ceathrar in aon rann liom féin. Firín beag buí a bhí i nduine acu, é gléasta go slachtmhar. Lena thaobh bhí bean chiúin, staidéartha. Is Arabais a bhí siad a labhairt.

Shíl nár mhiste caidéis a chur orthu. Nuair a labhair i dteanga Charles de Gaulle leo, bhior na cluasa agus thosaigh tráth na gceist. Nuair a shín an firín beag an chois amach gur cheangail na lámha os cionn a imleacáin, ba léir go raibh fonn comhrá air. “As an Tuinéis muide,” arsa . “ féin i gceannas ar an taighde faoi chúrsaí fuinnimh i Roinn na Timpeallachta sa rialtas. Bíonn muid san Eoraip go minic. muid ag dul go Poznań ar an gcomhdháil.”

Roinnt an Eolais i dTír Aineoil

gcasfadh stráinséirí ar a chéile idir Munich agus Cologne, idir an Ghinéiv agus Milan, húdar iontais a bheadh ann. Ach taobh thoir de Bheirlin is annamh Éireannach agus beirt ó Thuaisceart na hAfraice i gcomhluadar lena chéile. Maidir le hÉirinn, thuig mo bheirt a leithéid de thír a bheith ann, ach is i gcúrsaí na Polainne a bhí a gcuid spéise, agus ba mise an tobar eolais a bhí faighte acu, mar ó dhia. Ansin, ar an droichead idir an Ghearmáin agus an Pholainn, tharla eachtra a chuir snaidhm ar an gceangal a bhí eadrainn.

Sheas an traein ar feadh i bhfad ar bhruach na Polainne i stáisiún cúlráideach nár aithnigh féin. Nuair a thosaigh arís ar deireadh thiar is siar i dtreo na Gearmáine a bhí ag dul. “Tuilleadh diabhail aici,” arsa mise. “Moill” “Qu’est-ce qui se passe?” arsa an firín buí liomsa, an taighdeoir fuinnimh i rialtas na Tuinéise. “Vous avez une chambre d’hôtel?arsa mise. “Non, pourquoi?” Mhínigh go mbeadh moill ann, agus gur baile ar beagán óstán atá i bPoznań. “Gheobhaidh muid áit!” a deir , agus é sásta go leor faoin eachtra seo i dtír aineoil. Bhí an traein ag dul thar an droichead don tríú huair faoin am seo.

I nGan Fhios don Dlí

Dhá huaire an chloig moille a bhí orainn nuair a bhain muid Poznań amach. Bhí ráite agam le mo bheirt go raibh fáilte romhaibh i m’árasán féin mura n-éireodh leo seomra óstáin a fháil. Chuaigh siad caol díreach chuig an oifog eolais sa stáisiún. Bhí bord eolais ann do lucht na comhdhála agus bhí liosta lóistín acu. fada gur tháinig mo bheirt ar ais. Ba léir ar an mbéal teann agus ar an gcreathadh cinn gur bheirt gan dídean a bhí iontu. “Seo libh,” arsa mise. “Gheobhaidh muid tacsaí. Fan go bhfeice sibh an áit atá agamsa daoibh. doirse ’s fuinneoga ’s eile ann.” Rinne mo dhuine leathgháirí liom ó thaobh a bhéil. D’ardaigh an bhean na malaí.

Dhá oíche a d’fhan an bheirt liom, na Tuinéise mar a thug air agus a bhean bóthair. Is é an fáth nach raibh óstán acu mar gheall nár mhaith leo dhá ainm a chur ar aon seomra. raibh siad pósta lena chéile. I ngan fhios don dlí ab fhearr a bheith. D’fhág mo sheomra féin fúthu. Bhí leaba mhór ann agus leaba bheag. Déanfaidís a rogha socrú. Nuair a bhí siad ag imeacht maidin an darna , shíl nach móide go bhfeicfinn go brách arís iad. D’fhág siad 100 Euro ar bhord na cistiní. Agus bhí go maith.

Castar na Daoine Chéile

mhí dar gcionn sa mBealtaine, bhí ag traenadóireacht san Eoraip arís. Tharla dom i gCologne na Gearmáine, ceann de na stáisiúin is trácht ar an mór-roinn ar fad. Bhí traein agam go haerfort Düsseldorf an tráthnóna sin, agus sheas ag breathnú ar an gclár ama sa halla mór feiceáil cén t-ardán a bhí uaim. Agus a bheadh ina seasamh ansin le mo thaobh, ach an bheirt chéanna, na Tuinéise, an firín buí, an taighdeoir fuinnimh, agus an bhean chiúin staidéartha. D’ardaigh na malaí arís. Leath an béal air féin. Bhris mo ghairí orm féin. “C’est pas possible!” arsa an triúr d’aonghuth.

hamháin gur casadh le chéile sinn chomh tráthach sin arís, ach faoi mar a tharla, is leis an traein chéanna a bhí muid ag fanacht chomh maith. Ar aghaidh linn go Düsseldorf. Shuigh muid in aice lena chéile ag cur síos ar na seanlaethanta sa bPolainn, agus ag moladh traenacha na hEorpa. Jamais deux sans trois, a deir an Fhraincis. fheicim arís iad, beidh ábhar cainte againn faoi na muirthéachtaí móra a bhí ann le bliain anuas ó dheas den Mheán-Mhuir.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.