TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAELTACHT BHEO
Ráth Cairn
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Brian Ó Broin ar Ráth Cairn i gContae na Mí.

Íomhá
Íomhá

Is Gaeltacht bheag í Ráth Cairn atá suite i lár Chontae na Mí. Cuireann sé ionadh ar dhaoine nuair a fheiceann siad an spota beag seo ar roinnt léarscáileanna agus í chomh scartha amach ó Ghaeltachtaí eile na tíre. Cuireann sé ionadh ar dhaoine eile go bhfuil eolas acu faoi Ráth Cairn nuair nach féidir leo an áit a aimsiú ar léarscáileanna áirithe.

Tá cúis leis an iontas seo. Ní raibh pobal Gaeltachta i Ráth Cairn go dtí 1935. Ba bhaile fearainn é Ráth Cairn ag an am sin a bhí mar chuid d’eastát tiarna talún i bparóiste Átha Buí. Ní bheadh Gaeltacht ar bith ann sa lá atá inniu ann murach an obair a rinne coiste a bhí lonnaithe i gConamara darbh ainm “Muintir na Gaeltachta”. Mar chuid de scéim a thionscain an coiste seo faoi stiúir Mháirtín Uí Chadhain agus Choimisiún na Talún, d’aistrigh 40 teaghlach idir 1935 agus 1937 ó “cheantair chúnga” ainmnithe i gConamara go dtí na bailte fearainn seo: Ráth Cairn, Laimbé, Driseog, Tulach na nÓg, Baile Mhistéala agus Doire Longain.

D’fhág siad a dtithe agus a bhfeirmeacha beaga i gConamara ina ndiaidh agus tugadh teach nua do gach teaghlach, mar aon le 22 acra talún, beostoc agus uirlisí feirmeoireachta. Tugtar Ráth Cairn ar an gceantar ar fad anois mar is ann atá an baile beag nuathógtha suite. Tharla aistriú chuig áiteanna eile i gContae na Mí freisin agus tá Gaeltacht mhór eile darb ainm Baile Ghib suite ó dheas ó bhaile na hUaimhe. Tháinig daoine ó Ghaeltachtaí i gCiarraí, Maigh Eo agus Dún na nGall le cónaí ansin timpeall an ama chéanna ar aistrigh daoine chuig Ráth Cairn. Is deas an rud dúinn é gur tharla an t-aistriú seo agus go bhfuil an Ghaeilge á labhairt fós i gContae na Mí.

Ní raibh an t-aistriú éasca d’fhormhór na ndaoine a rinne é. Bhíodar ag fágáil slí mhaireachtála go raibh baint mhór aige leis an bhfarraige ina ndiaidh agus, níos deacra fós, bhíodar ag fágáil slán ag a ngaolta. Bhí buntáistí ann dóibh, dár ndóigh, agus fágadh dúshlán rompu an talamh a bhí faighte acu a úsáid chun tairbhe a dteaghlaigh. Níor fhan gach duine i Ráth Cairn. Chuaigh roinnt acu ar imirce chuig Sasana agus go Meiriceá. Bhí feirmeacha níos mó faighte acu ach bhí a gcuid páistí ag fás aníos agus bhí fostaíocht tábhachtach dóibh.

Stádas Gaeltachta

Cé go raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha an phobail, níor aithníodh Ráth Cairn mar Ghaeltacht oifigiúil go dtí 1967. Is de bharr obair Chraobh Cearta Chonradh na Gaeilge Ráth Cairn a fuair an ceantar an t-aitheantas seo agus bunaíodh Comharchumann Pobail go gairid ina dhiaidh sin chun cabhrú le forbairt na háite.

Tá obair mhór déanta ag an gComharchumann ó shin i leith agus tá Ráth Cairn ina bhaile beag anois, ina bhfuil áras pobail agus clubtheach, meánscoil, ionad fiontraíochta, páirc spóirt, siopa, bialann agus ionad taispeántas. Bíonn an tÁras Pobail lán de bheocht i rith na bliana.

réimse leathan fostaíochta ag muintir na háite anois. Téann roinnt mhaith daoine ag obair sna bailte móra atá thart orainn agus tá go leor daoine eile ag obair i dtionscail atá lonnaithe sa gceantar. Tá an chuid is mó den talamh a fuair na teaghlaigh díolta nó ligthe le feirmeoirí móra na háite.

Tá seirbhís foghlama teanga curtha ar fáil ag an gComharchumann trí Áras Uí Ghramhnaigh. Eagraítear cúrsaí do gach riachtanas agus aoisghrúpa, ó chúrsaí do pháistí bunscoile go cúrsaí do dhaoine fásta. Tá nasc déanta ag Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad le Ráth Cairn agus cuireann siad cúrsaí teastais oíche ar siúl i rith an gheimhridh do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu atá ina gcónaí i bhfoisceacht fiche míle den cheantar.

Cuirtear imeachtaí eile pobail ar bun agus tá scéim spreagtha pobail i bhfeidhm atá á hurrú ag Údarás na Gaeltachta. Ceann de na himeachtaí is tábhachtaí den scéim seo ná dianchúrsa Gaeilge atá á chur ar fáil do Bhéarlóirí atá pósta le daoine a bhfuil Gaeilge acu. Dár ndóigh, ar nós gach Gaeltacht eile sa tír, tá an Béarla ag brú orainn agus bíonn an Comharchumann i gcónaí ag iarraidh a bheith ag smaoineamh ar phleananna chun an teanga a chaomhnú. Ceann de na deacrachtaí atá againn ná nach labhraíonn roinnt mhaith de na daoine óga an Ghaeilge lena chéile ach amháin nuair a bhíonn daoine fásta a bhfuil Gaeilge acu timpeall orthu. Eagraíonn an Comharchumann club óige, campa samhraidh agus scoláireachtaí chuig Gaeltachtaí eile mar iarracht chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo.

bagairt eile ann sa mhéid is go bhféadfadh conraitheoir tógála teacht isteach sa gceantar agus slám mór tithe a thógáil agus go mbeadh an Béarla i réim. Tá plean forbartha ag an gComhairle Contae, atá aontaithe leis an gComharchumann, nach dtugann cead dó seo tarlúint agus tá súil againn go gcloífidh an chomhairle leis.

Tá daoine fós ag aistriú chuig Ráth Cairn agus tá scéim tithíochta curtha ar fáil ag an gComharchumann. Tugtar láithreáin ar chostas íseal do dhaoine nó do theaghlaigh a bhfuil Gaeilge acu ar spéis leo teacht chun cónaithe sa gceantar.

Má tá a thuilleadh eolas uait faoi Ráth Cairn, tar ar cuairt chugainn, scríobh chugainn ag rathcairn@eircom.net nó féach ar www.rathcairn.com.

Is as Droichead Átha é Brian Ó Broin ach tá cónaí air i Ráth Cairn anois, áit a bhfuil sé ag obair mar Stiúrthóir ar Áras Uí Ghramhnaigh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.