TEANGA AGUS CULTÚR
Proinsias Ó Maonaigh: Uachtarán an Oireachtais 2004
Colm Ó Dúlacháin Colm Ó Dúlacháin Colm Ó Dúlacháin
Íomhá
Proinsias Ó Maonaigh, ar dheis, ag seinm le hAodh Hiúdaí Beag Ó Gallchóir idTeach Hiúdaí Beag i nGaoth Dobhair. Bíonn an bheirt, agus a gcairde, i mbunceoil sa tábhairne gach Luan i rith na bliana
Grianghraf: Colm Ó Dúlacháin
Íomhá
Prionsias Ó Maonaigh lasmuigh dá theach i gCois Cláidigh i nGaoth Dobhair, 27 Márta 2004
Grianghraf: Colm Ó Dúlacháin

Fógraíodh ag deireadh na míosa seo caite go bhfuil Proinsias Ó Maonaigh as Gaoth Dobhair roghnaithe mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge 2004. Deirtear sa leabhar údarásach The Companion to Irish Traditional Music gurb é atá freagrach as athbheochan an cheoil uirlise in iarthuaisceart Dhún na nGall. Labhair Colm Ó Dúlacháin leis an mhúinteoir ceoil, fidléir cáiliúil, cumadóir amhrán, agus scríbhneoir drámaí agus geamaireachtaí seo le gairid.

Beidh dhá mhórócaid ar siúl le linn tréimhse uachtaránachta Phroinsias Uí Mhaonaigh ar Oireachtas na Gaeilge i mbliana. Beidh Féile na Bealtaine ar siúl i mBaile Átha Cliath ón 13 go 16 Bealtaine, agus reáchtálfar Féile na Samhna i Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall ón 28 go 31 Deireadh Fómhair. “Dhá ócáid ar leith atá iontu,” a deir Proinsias. “Tá béim faoi leith ar chomórtaisí litríochta le linn na féile i mBaile Átha Cliath. Tá an litríocht chomh tábhachtach céanna (nó níos tábhachtaí) leis na comórtaisí ardáin. Níl todhchaí ag an teanga mura bhfuil saothair phróis agus filíochta á scríobh.”

Braitheann Proinsias go dtugann Féile na Samhna deis don ghnáthphobal blaiseadh a fháil ar rudaí nach eol dóibh a bheith ann, an sean-nós agus an rince ar an sean-nós ina measc.

“Níl eolas ag an ghnáthphobal ar shaol na Gaeilge. Go dtí go mbíonn an Ghaeilge á labhairt go forleathan anseo ní fiú a bheith ag éileamh stádas teanga oifigiúil oibre di san Eoraip.”

Saolaíodh Proinsias i gCois Cláidigh i nGaoth Dobhair sa bhliain 1922, an bhliain inár bunaíodh Saorstát Éireann. Ba é an duine ab óige d’ochtar páistí. (Maireann deirfiúr amháin, Máire, sa chomharsanacht.) Sheinn a mháthair Róise an consairtín. Bhí ceithre bhanna fífeanna agus drumaí sa cheantar ag an am agus bhí an-chomórtas eatarthu.

Tar éis dó bunscoil Chnoc an Stolaire a fhágáil, chuaigh sé chuig Coláiste Einde i nGaillimh. I measc na scoláirí a bhí ann lena linn bhí Donncha Ó Gallchóir as Acaill, iar-Aire Gaeltachta, agus Pádraig Mór Ó Cosgaire as Conamara.

D’fhreastail sé ar Choláiste Phádraig i mBaile Átha Cliath agus cáilíodh ina mhúinteoir é sa bhliain 1942. Ní raibh post buan ar fáil ag an am agus chaith sé dhá bhliain ag teagasc ar fud na tíre. I 1945 fuair sé post i mBunscoil Mhuire i nDroichead Átha agus theagasc sé i gContae Lú go dtí go bhfuair sé post mar phríomhoide i scoil dhá oide in aice le Ráth Mealtáin i nDún na nGall. Theagasc sé ann ó 1952 go 1957, nuair a fuair sé post ina pharóiste dúchais, ag teagasc i Scoil Adhamhnáin, an Luinneach. Bhí sé ansin gur éirigh sé as an mhúinteoireacht i 1986.

Tá sé de cháil ar Proinsias Ó Maonaigh gur imir sé peil le foirne Chontaetha na Gaillimhe, Dhún na nGall agus Lú.

“Bhí mé ar fhoireann mionúir na Gaillimhe a chaill an cluiche leathcheannais i 1938. B’in an lá a rinne Mícheál Ó hEithir a chéad chraoladh raidió: tráchtaireacht ar an chluiche sinsearach.”

An aisteoireacht agus an ceol

Chas sé le Kitty Ní Ghallchóir ag tús na gcaogaidí nuair a bhíodar beirt ina mbaill d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair. Phós siad i 1954 agus chaith siad mí na meala i nGlaschú i gcuideachta na n-aisteoirí eile agus iad ar camchuairt in Albain! Chum sé an t-amhrán “Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair” don turas agus chuaigh na liricí i bhfeidhm go mór ar na Conallaigh thall. Foilsíodh trí véarsa sa leabhar Abair Amhrán, a úsáidtear go forleathan i gcoláistí samhraidh. Is mar scoláire i Rann na Feirste a d’fhoghlaim Paul Brady an t-amhrán agus rinne a ghrúpa, The Johnstons, an t-amhrán a thaifeadadh agus a eisiúint ag deireadh na seascaidí.

Tá ocht gcinn de gheamaireachtaí scríofa ag Proinsias thar na blianta, mar aon le hamhráin i mBéarla agus i nGaeilge.

Sheinn Proinsias agus Joe Jack Ó Curráin ag céilithe thall agus abhus ach, seachas sin, ní raibh ceol traidisiúnta le cloisteáil i nGaoth Dobhair sna caogaidí agus ag tús na seascaidí.

“Bhí teaghlach Joe Jack agus mo chlannsa ag fás aníos agus chinn muid ar cheol uirlise a theagasc dár bpáistí. Ach fuair Joe Jack bás go tobann agus d’fhág bean agus teaghlach óg ina dhiaidh.”

Cen duine nó na daoine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort i do shaol?

Mo mháthair Róise agus Seán Maguire, an fidléir as Béal Feirste.

Cad é an rud is mó a chuireann as duit?

Daoine ag cur i gcéill gur saineolaithe iad ar rudaí nach bhfuil eolas ar bith acu orthu!

An bhfuil an stíl réigiúnach fidléireachta fós beo i dTír Chonaill?

Tá níos mó ná stíl réigiúnach amháin sa chontae. Tá a stíleanna féin acu in Inis Eoghain, sa Ghaeltacht Lár agus in iardheisceart na contae, ach tá siad go mór faoi thionchar stíl John Simey Uí Dhochartaigh. Tá an stíl réigiúnach Chonallach láidir i gcónaí.

Cén scríbhneoir leabhar is fearr leat?

Cé go dtaitníonn leabhair Mháire [Séamas Ó Grianna] liom is fearr liom scéalta Sheosaimh Mhic Grianna. Is maith liom scríbhneoireacht Thaidhg Uí Rabhartaigh fosta.

Tá do garmhac, Ciarán, ag staidéar le bheith ina oide scoile, gairm ar chaith tú féin do shaol léi. An bhfuil a fhios aige cad tá i ndán dó?

Insíodh go minic dó cad é atá i ndán dó! Tá dúil aige sa teagasc agus faigheann sé ar aghaidh go maith le daoine óga. Agus beidh saoire breá fada aige sa tsamhradh le dul i mbun an cheoil.

Cén ceoltóir nó grúpa ceoil, seachas Altan, is fearr leat?

Skara Brae agus na Chieftains. Ta cineál stíl Chonallach ag Frankie Gavin agus is maith liom a cheol agus fidléireacht mhuintir Glackin.

Cen dráma is fearr leat - ceann ar ghlac tú féin páirt ann, b’fheidir?

Ghlac mé páirt sa dráma “Neart na Córa”, leagan Gaeilge de “The Righteous are Bold”. Thaitin sin go mór liom.

An bhfuil gá anois le leithéidí Chomhaltas Ceoltóirí Éireann?

Cuireann imeachtaí CCE an ceol traidisiúnta chun tosaigh i slí dhearfach.

Bhunaigh Proinsias buíon cheoil thraidisiúnta i dTeach Hiúdaí Beag i Machaire Chlochair. “Bhaist muid Ceoltóirí Altan orainn féin. Tá Loch Altan ag bun an Earagail agus bhí an t-ainm áitiúil agus gonta.” I measc na gceoltóirí, bhí teaghlach Phrionsias, Gearóid agus Mairéad, chomh maith le Mairéad Dinny Ní Ghallchóir (Angela i “Ros na Rún"), Proinsias Mac Giolla Leatha as Béal Feirste agus Aodh Ó Gallchóir, mac Hiúdaí Bhig. Bhain siad an phríomhdhuais i gcomórtas Fhéile Ceol Tíre Idirnáisiúnta Leitir Ceanainn faoi dhó sna seachtóidí.

Ach d’imigh na daoine óga ar choláistí agus fuair Proinsias Mac Giolla Leatha bás agus gan é 30 bliain d’aois. Bhí deireadh le Ceoltóirí Altan.

Chuaigh Proinsias i mbun banna ceoil don aos óg a chur le chéile d’ócáid oscailte an tí phobail nua sna Doirí Beaga i 1972. D’fhás a ranganna ceoil ina dhiaidh sin agus bhí sé ag teagasc na fidle do pháistí ó na trí pharóiste in iarthuaisceart Thír Chonaill go dtí gur leag taom tinnis é roinnt míonna ó shin. Tá súil aige dul i mbun ranganna arís san fhómhar.

Teaghlach ceolmhar Uí Mhaonaigh

Sa bhliain 1983, d’iarr Gael Linn ar Frankie Kennedy agus Mairéad Ní Mhaonaigh taifeadadh a dhéanamh de cheol agus amhráin Thír Chonaill. I measc na gceoltórí a bhí ar an gceirnín, Ceol Aduaidh, bhí deartháir Mhairéad, Gearóid, agus cailín áitiúil, Eithne Ní Bhraonáin, nó Enya mar is fearr aithne anois uirthi, a sheinn ar an mhéarchlár. “D’fhiafraigh Frankie agus Mairéad domh an dtiocfadh leo Altan a bhaisteadh ar ghrúpa a bhí á bhunú acu ag an am. Tá clú agus cáil dhomhanda bainte amach ag Altan ó shin.”

Cailleadh Frankie, a bhí pósta ar Mhairéad, i bhFómhar na bliana 1994. Chinn Muintir Mhaonaigh agus grúpa dá gcairde ar ócáid a eagrú ina onóir. Tá Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy á reáchtáil gach bliain ó shin ag Gearóid Ó Maonaigh, atá pósta ar Anne, deirfiúr le Frankie.

Bhuaigh mac Ghearóid agus Anne, Ciarán Ó Maonaigh, Gradam TG4, Ceoltóir Óg na Bliana, anuraidh agus tá comórtas sinsearach fidléireachta an Oireachtais bainte aige le dhá bhliain anuas. Cá bhfios nach mbeidh duais eile fós á bronnadh ag a sheanathair air i rith an Oireachtais i mbliana!

Tá siopa bia folláin, BeanAnna, i nGaoth Dobhair ag Anna, an iníon is óige sa chlann. Bíonn Anna le cloisteáil ag canadh ar chéirníní Altan.

Bíonn seisiún ceoil i dTeach Hiúdaí Beag gach oíche Luain agus is ann a thiocfaidh tú ar Phroinsias, Gearóid agus a gcairde i mbun ceoil.

Tá Mairéad pósta anois le Dermot Byrne a sheinneann le hAltan fosta. Le linn dom a bheith ag caint le Proinsias tháinig a bhean Kitty isteach sa seomra lena ngariníon, Nia, páiste Mhairéad agus Dermot. Fuair Kitty dhá glaoch gutháin ar an 6 Deireadh Fómhair seo caite, ceann acu ag rá go raibh Nia tagtha ar an saol, agus ceann eile ag rá go raibh Proinsias go dona tinn san ospidéal agus i mbaol báis.

Seo anois muid sé mhí ina dhiaidh sin. Tá Nia tar éis filleadh ó thuras sé seachtainí i Stáit Aontaithe Mheiriceá lena tuismitheoirí agus Altan, agus tá Proinsias i mbarr a shláinte arís agus réidh le tabhairt faoina chúraimí mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge 2004.

Tá tuilleadh eolais le fáil faoin Oireachtas ag: www.antoireachtas.ie. Tá deireadh seachtaine do bheirt ag Oireachtas na Bealtaine le buachan i gcomórtas speisialta atá á reáchtáil an mhí seo ag Beo!, i gcomhar leis an Oireachtas.

Is as Baile Átha Cliath é Colm Ó Dúlacháin. Chaith sé roinnt mhaith blianta ag obair mar shaoririseoir, anois tá sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Ghaelscoileanna.Tá cónaí air i nGaoth Dobhair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.